tag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post1452102511025798636..comments2023-09-19T00:55:07.701+01:00Comments on An tOileánach Tréigthe: Ag CúléisteachtProinsias Mac a' Bhairdhttp://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comBlogger11125tag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-13725150603975374372009-08-26T12:22:08.646+01:002009-08-26T12:22:08.646+01:00Luath go leor! GRMALuath go leor! GRMAGNGhttps://www.blogger.com/profile/11018439005073817968noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-16656526032327101322009-08-25T23:37:15.099+01:002009-08-25T23:37:15.099+01:00Maidir le léitheoireacht. Bhí leabhair ag páistí s...Maidir le léitheoireacht. Bhí leabhair ag páistí s'againne ó aois an-óg. Le bheith fírinneach, is mó den stracadh agus den ithe a rinne siad leo ar dtús. Ní théann siad a luí anois gan leabhar, agus is iadsan a iarrann iad.
Déarfainn féin go bhfuil na pictiúirí agus léaráidí níos tábhachtaí ag an tús. Má tá barraíocht focal nó iad ró-dheacair ann, cailleann siad suim agus bíonn siad ag iarraidh an leathanach a thiontú. Tá páistí an tí seo ábalta na scéalta a insint dúinne anois, cé nach bhfuil siad ábalta na focail a léamh, déanann siad ceangail idir na pictiúirí agus codanna áirithe den scéal.
Sílim go bhfuil sé maith scéalta a insint dóibh ó bhéal. Déanaim sin go minic, agus dar ndóigh bím ábalta focail áirithe, nathanna cainte, saibhreas cainte etc a oibriú isteach ann.
Maidir le daoine ag teacht chun tí agus iad ag ligint orthu nach bhfuil Béarla acu. Seans go n-oibeoidh sé, ag brath ar cé atá i gceist agat le 'oibriú'. D'fhéadfadh sé atmaisféar gaelach a chruthú thart fán teach.
Tugaim faoi deara go dtarraingíonn na páistí Gaeilge amach as daoine a thig chun tí. Daoine ar bheagán Gaeilge, déanann siad iarracht i gcónaí cibé cúpla focal atá acu a úsáid leis na páistí. Cuid acu, d'fhoglaim siad an cúpla focal sin ó pháistí s'againne - go háirithe i Leitir Ceanainn.
Comhghairdeas, dála an scéil - Cén uair a bheidh an lá mór ann?Proinsias Mac a' Bhairdhttps://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-25931266067465046862009-08-25T20:14:51.548+01:002009-08-25T20:14:51.548+01:00Níor ghlac sé an nasc!
http://anthologyoi.com/anth...Níor ghlac sé an nasc!
http://anthologyoi.com/anthropology/linguistics/the-future-of-the-english-language.htmlSéamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-52989772984820200392009-08-25T20:14:06.916+01:002009-08-25T20:14:06.916+01:00Is dócha go bhfaca sibh an r-phost seo. Is páistí...Is dócha go bhfaca sibh an r-phost seo. Is páistí iad agus níl uathu ach dea-shamplaí. Ach seachas sin, má ghlactar le hathruithe mar sin, ar ball beag, ní bheidh ann ach Béarla éigin.Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-80542011451736641632009-08-25T15:46:57.755+01:002009-08-25T15:46:57.755+01:00Níor cheap mé gurbh ea.
Ach tá sé go deas nithe a ...Níor cheap mé gurbh ea.
Ach tá sé go deas nithe a bheith agat atá gar do'd chaint fhéin.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-65572202182728018432009-08-25T13:23:31.208+01:002009-08-25T13:23:31.208+01:00Ní striapach canúna mise a Aonghuis, a dháth ar bi...Ní striapach canúna mise a Aonghuis, a dháth ar bith i nGaeilg ó Ros go Cléire.

Seans gurbh fhearr Foras Feasa na hÉireann a léamh!GNGhttps://www.blogger.com/profile/11018439005073817968noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-81767548648120838712009-08-25T12:28:39.247+01:002009-08-25T12:28:39.247+01:00Meascán.
Tá gá leis an stuif simplí chun iad a sp...Meascán.

Tá gá leis an stuif simplí chun iad a spreagadh chun léamh, agus an stuif casta chun go bhfoghlaimeoidh siad teanga saibhir.

Is maith ann na rannta agus scéalta traidisúnta atá ar fáil ar CDanna, ach n'fheadar maidir le cinn Ultacha.

Go bhfios dom, níl macasamhial Rabhlaí Rabhlaí ná Gugalaí Gug ó thuaidh - fós.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-77112686335567894522009-08-25T11:50:59.089+01:002009-08-25T11:50:59.089+01:00Tá mé ag déanamh go léann daoine leabhair Gaeilge ...Tá mé ag déanamh go léann daoine leabhair Gaeilge lena gcuid páistí? An léann sibh stuif easca nó deacair?

Rinne mé mo mhacnamh air seo agus smaoinigh mé ar seo, sa tsean-am chuala páistí neart seanchas, ArdGhaeilge, deacair a thuigbheál.

Títear domsa go mbíonn daoine ag léamh ábhair éascaí leo, ar dóigh má tá tú ag iarraidh orthusan a léamh fosta agus an spreagfaidh sin doimhneacht na Gaeilge.

'Air a bhí mise i mo ghasan d'fhoghlaim mise mo shaith Béarla ardnósach as céiríní is taeipeanna a cheannaigh m'athair dom, tréan Enid Blyton agus mar sin. Ba nós agam éisteacht leo is mé i mo leapa.

Tá sé i gceist agam sin a dhéanamh le stuif Gaeilge don pháiste atá ag teacht - beidh orm iad a léamh mé féin is dócha!!

Ach tá sé ar intinn agam ábhair deacair a léamh chun an doimhneacht a chothú - tá súil agam!

Tá mé ag iarraidh ar ghach duine a thigeanns chun toigh s'againne gan ligint orthu go bhfuil an Bhéarla acu ar chór ar bith - an oibreoidh sé sin?GNGhttps://www.blogger.com/profile/11018439005073817968noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-22112688385185745532009-08-25T10:10:25.661+01:002009-08-25T10:10:25.661+01:00Pé scéal é, ag an aois sin is ag foghlaim céard a ...Pé scéal é, ag an aois sin is ag foghlaim céard a oibríonn atá siad. Bíonn m'iníon fhéin (atá 2 1/2) ag cuir Gearmáinís, Béarla agus Gaeilge tré chéile, ach ag feabhsú san trí theanga i gcónaí.

Ní feidir linne ach an múnla is cruinne is féidir linn a chuir rompu.

Feicfear amach anseo cén múnlaí atá fedihmeach, agus buan.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-91002249233367422892009-08-25T10:01:43.373+01:002009-08-25T10:01:43.373+01:00Nach aisteach an smaoineamh a bhíonn againn nach b...Nach aisteach an smaoineamh a bhíonn againn nach bhfuil ach an t-aon Ghaeilge amháin ann: Gaeilge na Gaeltachta (mar a bhí caoga bliain ó shin), nó Gaeilge na Leabhar, nó an Ghaeilge chruinn ghramadúil / ghradamúil. Tá an ceart agat a Phroinsias, is iomaí saghas Béarla ann agus is iomaí saghas Gaeilge ann. Níl dream ar bith níos fearr ná gasúir ag roghnú an saghas teanga a theastaíonn don chomhluadar agus don chomhthéacs.Cailliomachashttps://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-2739728482805113502009-08-25T09:54:55.815+01:002009-08-25T09:54:55.815+01:00Silím, má tá fonn orthu a gcuid Gaeilge a fheabhsú...Silím, má tá fonn orthu a gcuid Gaeilge a fheabhsúí amach anseo, déanfaidh siad sin. Idir an dá linn, labharfaidh siad Gaeilge 'a oibríonn', a thuigeann daoine.

Ó thuaidh, cha dtéann an chuid is mó de na páistí atá a thógáil le Gaeilge chuig Gaelscoil de bhrí go bhfuil eagla ar na tuismitheoirí go gtógfaidh siad drochnósanna cainte, is mór an trua sin óir thiocfadh leis feidhmiú an dá bhealach agus thiocfadh le páistí s'acu tionchar a imirt ar páistí labhartha na Gaelsccoilise chomh maith.

Tiocfaidh sí!GNGhttps://www.blogger.com/profile/11018439005073817968noreply@blogger.com