tag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post3855202795783555714..comments2023-09-19T00:55:07.701+01:00Comments on An tOileánach Tréigthe: Na Scoláirí GaeilgeProinsias Mac a' Bhairdhttp://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comBlogger6125tag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-83459636940499274222009-06-19T09:46:21.567+01:002009-06-19T09:46:21.567+01:00Go raibh maith agat, a chara.Go raibh maith agat, a chara.Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-69587084970320657102009-06-19T00:06:15.358+01:002009-06-19T00:06:15.358+01:00A Áine, chonaic mé an cóiriú coirp déanta go minic...A Áine, chonaic mé an cóiriú coirp déanta go minic. Sin ráite, is rud é nach bhfaca mé déanta le tamall de bhlianta. Tá adhlacóir ar an Chlochán Liath anois agus tig sé isteach chun an oileáin chun balsamú a dhéanamh ar na coirp.
An uair dheireanach a chonaic mé déanta é, nó ar m'athair mór, go ndeana Dia a mhaith air! Fuair sé bás cúig bliana déag ó shin. Mo chuid aintíní a chóirigh a chorp.
Rud a chuir mé suntas ann ag an am nó an babhla beag salainn a chuir siad ar a bhrolach. Chuir mé ceist orthu, cén fáth go raibh sé curtha ansin acu. Leis an taise a bhaint amach as an aer chun nach mbeadh an corp ag at, an freagra a fuair mé.
Tá neart nósanna a bhí ann agus a bhfuil cuimhne agam orthu atá i ndiaidh titim i léig anois. Bhí bean chaointe ag an fháire chéanna. Bhí sé an-suimiúil a bheith ag éisteacht lei ag filíocht ar m'athair mór, mar a dhéantaí fadó. Níl sé feicithe agam ó shin. Tá an bhean chaointe í féin marbh anois.
Tá mé i Leitir Ceanainn anocht ach beidh mé ag dul isteach abhaile amárach agus cuirfidh mé cúpla ceist. Tiocfaidh mé ar ais chugat.Proinsias Mac a' Bhairdhttps://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-66194596015743944122009-06-18T23:50:42.640+01:002009-06-18T23:50:42.640+01:00Cinnte, a Denis. Tagann an focal 'cuisneoir...Cinnte, a Denis. Tagann an focal 'cuisneoir' chun cuimhne agus cinnte go bhfuil neart eile ann. Níor mhaith liom go sílfeá go bhfuil rud agam in éadan na scoláirí. Níl ar chor ar bith. Idir a bheith mar cheannaire sa cholaiste agus a bheith ag múineadh ann tá 20 bliain nach mór caite agam ag obair leo.
Is cinnte go dtugann siad cuid mhór don áit agus go bhfaigheann siad cuid mhór ar ais. Tá saol an oileáin i bhfad níos saibhre dá mbarr, agus spreagann an coláiste an Ghaeilge i measc mhuintir óg an oileáin.
Is dócha gurb é an rud beag amháin a bheadh ag cur isteach ormsa ná an phoilíneacht teanga i mo theach féin. Ar an drochuair, mar mhúinteoir istigh i gcóras, is gá dom poilíneacht teanga a dhéanamh ar scoláirí (ar scoil agus sa choláiste) chun an tumoideachas a chinntiú. Is rud é nach bhfuil mé ag iarraidh a thabhairt chun an bhaile liom!Proinsias Mac a' Bhairdhttps://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-47148373779271754052009-06-18T14:43:39.804+01:002009-06-18T14:43:39.804+01:00Ceist agam ort, a Phroinsias, nach mbaineann beag ...Ceist agam ort, a Phroinsias, nach mbaineann beag ná mór le hábhar an phíosa seo, ach níl do sheoladh ríomhphost agam agus níl agam ach an cheist a chur ort ar an gcaoi seo. Tá súil agam nach miste leat sin.

Tá ‘Cóiríú Coirp’ faoi chaibidil ag Seán thall in Thall is Abhus i láthair na huaire, scéal suimiúil á insint aige faoin nós a bhíodh ann ag comharsa na háite i mBaile Átha Cliath corp na marbh a chóiriú; scéal a ríomh a mháthair dó blianta ó shin, is cosúil. Ar aon nós, creidim go dtarlaíonn sé seo fós in áiteanna ar fud na tíre, go háirithe, b’fhéidir, ar oileáin amach ón gcósta, nach mbeadh fáil acu ar adhlacóir, nó a leithéid.

Sí mo cheist ort, mar gheall mé do Sheán go gcuirfinn ceist anseo agus ansiúd ó tharla go bhfuilim fiosrach, an dtuigeann tú, an mbíonn na coirp á gcóiriú, ó am go chéile, ag comharsa na háite in Arainn fós? Más fearr leat é, is féidir d’fhreagra a chur chugam ag miseaine, agus an @ sin, ag gmail.com. Maith thú!Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-56364905101262106002009-06-17T19:19:13.746+01:002009-06-17T19:19:13.746+01:00Cuireann an tagairt do na scolairí samhraidh i gcu...Cuireann an tagairt do na scolairí samhraidh i gcuine dom mo thuras féin don Ghaeltacht in Oileán Cléire in Iarthar Chorcaí agus Báile na Sceilge i gCiarraí Theas .Sea labhramar Béarla aon uair gur féidir linn ach nuair a bhíomar níos sinne fuair mise amach go raibh síol na Ghaeilge curtha ionam agus thosnaíos ar an teanga a athfhoglaim ag meanaois.I mo thuairmse bionn fiúntas i gconaí do dhaltaí scoile dul go dtí an Ghaeltacht.Chuaigh mo phaistí féin go Chorca Dhuibhne agus baineadar an - sult as.John M O Donoghuehttps://www.blogger.com/profile/01293306659177189914noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-74538101979670853292009-06-17T14:40:49.562+01:002009-06-17T14:40:49.562+01:00Ar tharla sé riamh gur fhoghlaim tusa nó duine eil...Ar tharla sé riamh gur fhoghlaim tusa nó duine eile ar an oileán -- máthair Suzanne, cuir i gcás -- giota Gaeilge (focal nua, cor cainte, imirt focal, etc.) ó na scoláirí?Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.com