tag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post5843392759289653324..comments2023-09-19T00:55:07.701+01:00Comments on An tOileánach Tréigthe: I m'Éan CorrProinsias Mac a' Bhairdhttp://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comBlogger9125tag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-84956310002571742732009-10-20T20:52:33.701+01:002009-10-20T20:52:33.701+01:00Chuirfeadh an cineál sin iompar teanga beaguchtach...Chuirfeadh an cineál sin iompar teanga beaguchtach ort cinnte a Phroinsias. Creidimse féin go bhfuil an fhéiniúlacht náisiúnta a bhain leis an teanga lá den tsaol, go bhfuil sin múchta, nach mór, ar na saolta seo. Sin an rud a spreag cuid mhór daoine le í a labhairt ar feadh na mblianta (taobh amuigh den Ghaeltacht, áit nach raibh an teanga á labhairt ón chliabhán). Fianaise é seo nach leor teanga a bheith agat lena labhairt, go bhfuil spreagadh éigin eile de dhíth chomh maith i gcás teanga mionlaí... creidim féin gurb í an fhéiniúlacht náisiúnta an 'rud éigin eile' seo...Seán Mórhttps://www.blogger.com/profile/14968274009227320702noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-42435474897693316962009-10-15T02:06:14.254+01:002009-10-15T02:06:14.254+01:00Tuigim do phointe, a Áine. Is trua mar sin féin go...Tuigim do phointe, a Áine. Is trua mar sin féin go n-amharctar ar an Ghaeilge mar 'jab'. Níl aon iontas orm an oiread sin daoine ag críochnú a gcuid laethanta scoile agus gan focal Gaeilge ina bpluca acu!

Is maith liom an dúil a léirigh sibh san fhocal 'tamhnach'. Is focal é a thaitim liom riamh. Rud inteacht faoin fhuaim a bhaineann leis, sílim.Proinsias Mac a' Bhairdhttps://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-7096053052816884272009-10-14T21:31:57.235+01:002009-10-14T21:31:57.235+01:00Mo chuimhne, Tamhnaigh (na Luachra) an t-aimn atá ...Mo chuimhne, Tamhnaigh (na Luachra) an t-aimn atá ar áit ar m'oileáinín, Eanach Mheáin, ina raibh teach ag mo mhuintir féin nuair a shocraigh siad ar an oileáin na cianta ó shin. Is maith liom an chaoi ar bhain tú úsáid as an bhfocal 'tamhnach'...:-)Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-60255101672832735702009-10-14T21:12:25.414+01:002009-10-14T21:12:25.414+01:00Níl ann 'ach jab',a Phroinsias, do na daoi...Níl ann 'ach jab',a Phroinsias, do na daoine sin a labhair Béarla ag an mbord. Níl a gcroí istigh sa teanga, mar atá do chroísa.

Bí cinnte de nach labhraíonn muinteoirí uile na heolaíochta, mar shampla, ar eolaíocht amháin ag am sosa, agus iad ag cruinniú múinteoirí eolaíochta - níl ann 'ach jab'. Beidh muinteoirí eolaíochta ann, mar sin féin, agus beidh a gcroí istigh san eolaíocht, agus labhróidh siad ar an eolaíocht sin ag am sosa, agus chuile seans eile a gheobhaidh siad.

An rud a tharla ag an mbord an lá úd - ní raibh tú ar An Tamhnach, bhí i ar Láthair na hOibre.Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-6431316816842012532009-10-14T13:42:55.191+01:002009-10-14T13:42:55.191+01:00Is cuimhin liom go mbíodh ardchaighdeán Gaelainne ...Is cuimhin liom go mbíodh ardchaighdeán Gaelainne fós á chothú ag na múinteoirí nuair a bhínn ag freastal ar an mbuncoil sna seascaidí. Ar uairibh do thagadh múinteoir ó rang eile isteach sa seomra ranga agus bhíodh an bheirt mhúinteoirí ag labhairt as Gaelainn lena chéile agus na daltaí beaga trí chéile faoi gheasa ag a gcumas cainte.

Is dóigh liom go raibh córas agus cultúr sna coláistí oiliúna múinteoirí tráth...

Ní caint bhéalcráifeach is cás dom anseo ach nach í réasúnaíocht bhréige agus gaiste na lagmheasarthachta gan an t-ábhar atá idir chamáin agat - ar chúis na sócúlachta, mar shampla - a fhoghlaim i gceart? Níos déanaí sa saol is fusa do dhuine a bhfuil an teanga foghlamtha i gceart aige í a labhairt; bíonn an té nár dhein amhlaidh ag streachailt sa sceachra fad a shaoil - fíric atá chomh soiléir, simplí nach cóir go mba ghá í a chur i bhfocal fiú amháin.

Fiú nach gcúitíonn an saol an dúthracht ach go hannamh, cúitíonn teanga í de gnáth.ormondohttps://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-3450077258691062032009-10-13T18:58:09.368+01:002009-10-13T18:58:09.368+01:00Tá bhrón orm é sin a chloisint a Phroinsias.Bíonn ...Tá bhrón orm é sin a chloisint a Phroinsias.Bíonn an-tioncar ag an muinteoir ar meon na daltaí i leith an Ghaeilge.Nuair a bhí mise ar an bhunscoil ní labharfadh an máistir linn ach i nGaeilge.A bhuíochas dó siúd tá mé ag foghlaim an Gaeilge anois taréis é a chailleadh ó m`óige.John M O Donoghuehttps://www.blogger.com/profile/01293306659177189914noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-81473575074493010452009-10-13T11:45:43.540+01:002009-10-13T11:45:43.540+01:00Tá fabht mór ann: béim níos mó ar labhairt na Gaei...Tá fabht mór ann: béim níos mó ar labhairt na Gaeilge sa chúrsa agus céatadán suntasach múinteoirí ag múineadh an chúrsa sin nach bhfuil in ann an teanga a labhairt iad féin. Sin agus téacsleabhair á gcur ar fáil le freastal ar na múinteoirí sin seachas orthu siúd a bhfuil an teanga acu. Níl aon chaint air seo sna meáin. Ach coinnigh do mhisneach, a Phroinsias. Tá scoileanna Béarla ann agus bíonn cruinnithe na múinteoirí Gaeilge iontu i nGaeilge, creid nó ná creid.Cailliomachashttps://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-45473370143050378322009-10-13T10:35:00.830+01:002009-10-13T10:35:00.830+01:00Tuigim do bhrón a Oileánaigh, bhíos sa bpub i mo b...Tuigim do bhrón a Oileánaigh, bhíos sa bpub i mo bhaile dúchas cúpla sheachtain ó shin. Chas mé le cailín a bhí ar m'aithne tráth, dúirt sí go raibh sí ag múineadh na Gaeilge sa meánscoil áitiúil anois. "Ar fheabhas go deo" a dúirt mé
Thosaigh mé ag labhairt léi sa teanga atá sí ag múineadh! Focal ar bith ní raibh aici. "We just follow whats in the book" a dúirt sí.
Déarfainn go raibh strainc ghruama bhrónach orm, bhí pus feargach uirthi.
Níl fonn uirthi labhairt liom níos mó!Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5847860024296236545.post-81170872515010552802009-10-13T03:17:14.697+01:002009-10-13T03:17:14.697+01:00Go raibh maith agat as an bhfocal "tamhnach&q...Go raibh maith agat as an bhfocal "tamhnach", agus as an gciall mheafarach a thug tú dó! Maidir leis an gcuid eile, fanfaidh mé i mo thost.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.com