Déardaoin, 2009 Samhain 19

Na Chéad Choiscéimeanna

Tá Cara bheag ag siúl. Corraí mór i dteach s'againne inniu. Físcheamara ar obair i rith an trathnóna chun taifead a dhéanamh den ócáid mhór. Ba rud iontach é an lúchair agus an tsástacht a fheiceáil ina súile féin inniu. Shílfeá go raibh fhios aici go raibh céim mhór chun tosaigh tógtha aici sa tsaol. Bhí sí iontach sásta léi féin agus dar ndóigh bhí muid uilig dá moladh. B'fhéidir gurb é an moladh agus an aird a bhí dá sásamh, ach creidim go raibh níos mó ná sin i gceist.
Tá sé deacair a bheith ar an duine is óige, déarfainn. Beirt eile ina lánrith thart ort. Ní bhíodh sí ag gearáin ach ó bheith á coimhéad, tá fhios agam go raibh rún aici le cúpla mí anuas a bheith leo ag dreapadh agus ag léimnigh. Beidh rith an tí aici anois agus roimh i bhfad beidh rith an tsaoil aici.

Cé gur thosaigh an tráthnóna go maith, chuir 2 rud isteach ar phleisiúr an lae. Toradh an chluiche mhóir agus Foinse san Indo! Ba ghnách liom Foinse a cheannach gach seachtain. Ba é an t-aon pháipéar a cheannaínn. Bhí díomá orm anocht nuair a chonaic mé é. Tabharfaidh mé seans dó ar feadh cúpla seachtain eile, ach bheadh sé doiligh orm a bheith ag cur 1.80 euro i bpóca an Ridire Uí Raghallaigh ar mhaithe leis an lagiarracht a chonaic mé inniu. Déanaim go leor 'ar son na cúise', ach ní thabharfaidh grá don chúis thú ach bealach gairid.
Thig liom sólas amháin a thabhairt liom agus mé ag dul a luí anocht. Ar a laghad, is i mí na Samhna a thosaigh Cara ag siúl. Shiúil Margaret don chéad uair ar an 12 Iúil 2007 agus thosaigh Dan ag siúl ar an 12 Iúil 2008. Tá mo chairde fós ag magadh fúm agus faoina páistí beaga buí atá á thógáil agam. Do bharúil an mbeadh fáilte roimh mháirseálaithe le Gaeilge i nDroim Crí nó ar Bhóthar Gharbh Achaidh!!!

Dé Máirt, 2009 Samhain 10

Cuimhní Samhraidh

Tháinig mé trasna ar an fhís seo a phostáil cara de mo chuid ar YouTube. Roinnt radharcanna de chúl Árainn Mhór (an áit is ansa linn beirt) atá ann.
Is é an ceol a mheall ar dtús mé, áfach. "Tighinn ar an mhuir a fear a phósas mi" le Capercaillie. Sin an t-amhrán a canadh ag ár mbainis nuair a bhí Suzanne ag teacht isteach sa teach pobail. Ardaíonn an físeán beag seo mo chroí agus muid ag fulaingt doineann an gheimhridh anseo i Leitir Ceanainn faoi láthair...

Dé Sathairn, 2009 Samhain 07

Balor na Súile Nimhe

Cheannaigh mé an leabhar 'Balor' leis an tSnáthaid Mhór inniu. Leabhar galánta atá ann. Tá an scéal inste go fileata agus tá máisiú an leabhair go seoigh. Caithfidh mé a admháil gurbh iad na pictiúirí a mheall a chéaduair mé. Tá an scéal ar eolas go maith agam agus chaith mé tamall fada ag breathnú fríd na léaráidí breátha. Is obair ealaíne amach is amach atá ann.
Cheannaigh mé leabhar eile dá gcuid, 'Gaiscíoch na Beilte Uaine' dhá bhliain ó shin agus bhain mé an-sult go deo as. Bhí fhios agam mar sin caidé a bhí romham nuar a chuir mé mo lámh i mo phóca inniu. Ní raibh aon díomá orm. Chuaigh obair agus allas isteach i dtairgeadh an leabhair. Tá an cóiriú agus an clóchur ealaíonta, tá dlúthdhiosca leis (cé nach bhfuair mé seans éisteacht leis go fóill) agus tá an scéal féin inste i nGaeilge shaibhir sholéite a thugann meas mar is ceart do thraidisiúin an bhéaloidis. Níl aon iontas orm gur bhain sé duais Reics Carló i mbliana.
Sin ráite, tá eagla orm é a thabhairt do na páistí. Cé go luaitear mar leabhar do pháistí é agus gur gradam do leabhar páistí é Gradam Reics Carló, déarfainn gurb iad na daoine fásta nó na déagóirí móra is mó a bhainfeadh sásamh as. Tá sé ro–ghalánta le cur isteach i lámha beaga.
Breithlá Cara a bhí ann inniu - bliain d'aois cheana féin - agus d'úsáid mé sin mar leithscéal chun é a cheannach. Dar liom féin, ní raibh airgead á chaitheamh agam orm féin ach ar mo iníon bheag. Tá eagla orm a rá, áfach, nach bhfeicfidh Cara nó aon duine eile acu radharc ar an leabhar arís go dtí go mbeidh siad mór go leor chun meas mar is ceart a bheith acu air!
Is fiú go mór é a cheannach!!

Dé Céadaoin, 2009 Samhain 04

Bonnán Buí

Tháinig mé trasna ar an éan marbh seo inniu. Cé go bhfuil cuma mheasartha dhonn air sna pictiúirí seo, bhí cuma níos buí air agus é os comhair mo shúl.
Léim an Bonnán Buí - ceann de na hamhráin is fearr liom - isteach i mo chloigeann. Cé nach saineolaí éan mé, tá sé cloiste agam nach bhfuil bonnáin bhuí le feiceáil sa tír seo níos mó. An bhfuil dul ag aon duine an t-éan seo thíos a aithint?
Bheinn buíoch as aon eolas a chuideodh liom é a aithint, tá mise aineolach go maith ar an ábhar seo. :-(

Dé Luain, 2009 Samhain 02

Corn Uí Riada

Bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair ag Corn Uí Riada aréir. Ba é an jab a bhí le déanamh agamsa ná na hiomaitheoirí a thabhairt ar chúl ar ardáin, uisce, branda nó cibé rud eile a bhí de dhíth orthu a chur ar fáil dóibh.
Bhí sé an-suimiúil a bheith ag amharc orthu mar iomaitheoirí. An strus agus brú a bhí le feiceáil ar aghaidheanna cuid acu. Cuid acu ag siúl thart go neirbhíseach, cuid ina suí go ciúin a súile druidte acu amháil is gur ag dianmhacnamh a bhí siad.
"Tuige a chuireann muid muid féin fríd seo uilig?" a dúirt duine acu liom, í ag osnaíl léi.
Bhí imní, dóchas, lúchair, faitíos, bród, faoiseamh, tuirse agus sea, cuid den bhrón le feiceáil taobh thiar den ardán sin aréir - réimse leathan de
mhothúcháin an duine.
Dar ndóigh, thug cara de mo chuid, Doimnic Mac Giolla Bhríde, an duais mhór leis. Bhí fhios agam i ndiaidh an chéad amhrán a chas sé, Dónall Ó Maoláine, go raibh seans iontach aige. Tháinig sé ar ais ar chúl an ardáin agus aoibh shásta ar a aghaidh. Mhol sé go mór ag micreafón ag rá gur thug sé deis mhaith dó "playáil thart leis an amhrán". Bhí sé rud beag níos buartha faoin dara hamhrán, 'Máire Bhruinneall', chuaigh sé ar strae rud beag le focal nó dhó, ach ba léir nár shíl na moltóirí a dhath de sin!
Ní gá ach a rá go ndeachaigh an chóisir agus an ceiliúradh ar aghaidh i rith na hoíche. Níor bhain mé féin leaba amach go dtí i ndiaidh a seacht a chlog ar maidin!
Ar an drochuair, ní raibh mo ghuthán luchtaithe i gceart agam agus ní raibh mé ábalta pictiúirí nó fís a ghlacadh, agus mairfidh na cuimhní i bhfad!

Dé Céadaoin, 2009 Deireadh Fómhair 28

Meafair

Bhí Margaret bhocht istigh ar an oileán ag stopadh lena col ceathar ag an deireadh seachtaine a fhad is a bhí muidne ar shiúl in Inis Ceithleann ag bainis.
Tá Aine, a col ceathar rud beag níos sine ná í agus bhí sí ag iarraidh a thaispeáint dithe cén dóigh le taiplís a imirt. Bhí an bheirt acu ina luí ar an urlár ag imirt agus ag pointe áirithe deir Aine:
"Margaret, caithfidh tú léimt thar Aine" (píosa Aine a bhí i gceist aici dar ndóigh)
D'éirigh Margaret ina seasamh agus léim sí thar Aine a bhí fós ina luí ar an urlár. Níor thuig mo ghirseach bhocht cén fáth gur bhris achan duine amach ag gáire, agus d'éirigh sí an-chiúin ar feadh tamaill.
Chuir an eachtra mé ag smaoineamh ar an dóigh a labhraíonn muid le páistí. Ní thuigeann Margaret nó Dan abairtí meafaracha go fóill. Bhí eachtra mí-adhúil againn ar na mallaibh le Dan a bhí ag súgradh le ball áirithe dá chorp nár chóir do ghasúraí a bheith ag baint dó i gcuideachta sibhialta, agus bhagair Suzanne air: "fág sin, nó gearrfaidh mé díot é." Cad a rinne an gasúr óg ach imeacht leis go dtí an drár sa chistin chun scian a fhail agus thosaigh sé ag iarraidh gearradh. Buíochas le Dia, ní choinníonn muid sceana géara sa drár áirithe sin!
Cén uair a thosaíonn páistí ag foghlaim an difear idir abairt atá ag tabhairt eolais chinnte agus abairt mheafarach? Bhí Margaret ag amharc fríd na pictiúirí sa leabhar úr agam atá le seoladh Dé hAoine an lá faoi dheireadh agus bhí mé ag míniú an scéal dithe. Thaitin cuid de na pictiúirí léi, ach níor thaitin cuid eile léi ar chor ar bith.
"Ní maith liomsa Na Mic ó gCorra", "Tá na Mic Ó gCorra scary-áilte", a deir sí. Cé go bhfuil sé mínithe againn dithe míle uair, níl sí ábalta an difear a dhéanamh idir 'scéal' agus 'an fíorshaol'. Tá na rudaí a bhíonn ar siúl ag Dora, Barney et al. chomh réalaíoch dithe is atá mise nó Mámaí.
Ansin, b'fhéidir gur muidne atá amú, seans nár chóir dúinn a bheith ag caint faoi 'fhíorshaol' agus 'saol breagach'. B'fhéidir nár chóir dúinn ach a bheith ag caint faoin 'saol'.
Idir an dá linn coinneoidh mé smacht mhaith ar na meafair a ritheann fríd an chaint agam!

Dé Máirt, 2009 Deireadh Fómhair 27

Cúpla Rann

Bhí mé ag smaoineamh an lá faoi dheireadh gur fada ó chuir mé rann ar bith in airde anseo. Bhí sé i gceist agam na rannta uilig atá in úsáid againn a chur le chéile, áit inteacht ar an idirlíon chun go mbeadh fáil níos fusa ag daoine orthu. Ní bhfuair mé an t-am chuige go fóill.
Tá na páistí ag baint sult mór as aistriúchán de 'Frere Jacques' a d'aimsigh muid ar na mallaibh.

Daidí falsa, Daidí falsa,
ina luí, ina luí,
tá sé in am don bhricfeast', tá sé in am don bhricfeast'
bí 'do shuí, bí do shuí.

Dar ndóigh cuireann siad a gcuid ainmneacha féin agus ainmneacha gach duine eile sa chlann isteach sa rann chun véarsaí nua a chumadh.
Ceann eile a bhfuil dúil mhór acu ann, an cúrfa an amhráin "Mo mhadadh beag":

Ach, ach mo mhadadh beag
ach, ach mo mhadadh beag
tá piacháin i mo sceadamán
ag scairtigh ar mo mhadadh bheag.

Dar ndóigh, mar is dual dóibh, athraíonn siad na focail go minic agus cuirtear gach ball den chorp isteach in áit 'sceadamán'. (Rud beag cinsireacht de dhíth ansin, mar a fuair muid amach agus Dan istigh in Tescos ag insint do gach duine go raibh piachán ina bhoidín!!)

Ceann beag simplí eile a tháinig muid trasna air ná:

Damhán Alla, Damhán Alla
Ar an bhalla, ar an bhalla
Tháinig éan, tháínig éan
Ó mo léan, ó mo léan!