Monday, August 31, 2009

Céimeanna Beaga

Oíche aisteach í seo. Bíonn idir aiféala agus faoiseamh ag baint leis an oíche seo i gcónaí, an oíche sula bpillim ar an obair - ní hé nach raibh mo sháith oibre le déanamh agam i rith an tsamhraidh, ach sin scéal eile. Faoiseamh mar go dtagann rialtacht ar ais sa tsaol. Is rud deas í an rialtacht, tá compord ag baint léi. Achan rud ina áit féin, cláir ama, siollabais agus gnáthaimh. Thig le plúchadh a bheith i gceist léi fosta, ar an drochuair. Uaireanta is deas a bheith ábalta briseadh ar shiúl ó na srianta, agus ar an ábhar sin, tá sé rud beag brónach a bheith ag fágáil slán le saoirsí an tsamhradh.
Chuir sé mé ag smaoineamh ar na céimeanna beaga a bhíonn á ghlacadh ag páistí agus iad ag dul i méadaíocht. Thosaigh Cara bheag ag lámhachán trí lá ó shin. Bhí sí ina suí ar an urlár bomaite amháin agus ansin gan coinne, suas ar a ceithre bonnaí léi agus thosaigh sí ag bogadh. Níl aon stop léi anois. Tá an taisteal foghlaimithe aici, agus ní amharcfaidh sí siar. Cúis cheiliúrtha dúinn, dar ndóigh. Bualadh bos mór faighte aici, scairteanna fóin curtha ar sheantuismitheoirí. Ceamara amuigh chun an ócáid mhór a thaifeadadh.
Ach ag an am céanna, tá rud beag bróin ag baint léi fosta, mar ócáid. Tá sí ag bogadh ar aghaidh agus ag fágáil saol an linbh ina diaidh. Is gairid go mbeidh sí ag siúl agus beidh deireadh le céim amháin dá saol, agus dár saol. Sa deireadh ní bhíonn fágtha ach na cuimhní ceamara sin. Ní drochrud é, is dócha. Caithfidh an saol dul ar aghaidh ach bíonn aiféala ann. Bainfidh muid sult as an chéad chéim eile, ach nár dheas iad a choinneáil chomh beag bídeach is atá siad.
Is oíche aisteach í. Deireadh le rud amháin, tús le rud eile. Ní fheicim aon dochar, áfach, seal beag maoithneach a chaitheamh ag amharc siar, cuidíonn sé liomsa ar scor ar bith, tabhairt faoin chéad rud eile a thiocfas i mo bhealach! 

Wednesday, August 26, 2009

An Chorr-Dhealg

An chéad lá curtha isteach ag Cara sa chréche inniu. B'éigean domh féin í a thógáil mar bhí na deora ina díle ag Mámaí agus í ag fágáil an tí.
Is rud é nach dtuigim faoina mná agus is dócha nach dtuigfidh mé a choíche. Thig le Mámaí a bheith ag sceamhlaigh agus ag tabhairt amach ar maidin nuair nach bhfuil duine de na páistí ag éisteacht léi. Thig léi a bheith ag bagairt agus ag búirthigh orthu. Fiche uair sa lá, deir sí go bhfuil sí chun imeacht agus iad a fhágáil ina diaidh, ach chomh luath is a imíonn duine amháin acu amach an doras liomsa nó le duine ar bith eile, tig na deora ina rith léi le cumha agus uaigneas.
Cad é an rud a dúradh riamh, an trí rud nár thuig Aristotle: Teacht agus Imeacht an Lán Mara, Obair na mBeach agus Intinn na mBan. Caithfidh mé a admháil go dtuigim don Ghréigeach ársa - cé go bhfuil rud beag eolas agam ar theacht agus imeacht na dtaoidí!
Ná síligí anois go bhfuil mé ag caitheamh anuas ar mhná, is breá liom iad, go háirithe an ceann a roinneann an teach seo liom. Níl ann ach go bhfuil mé ag déanamh trácht ar m'easpa tuigbheála féin - locht atá ar mhórán fear.
Ar scor ar bith, d'éirigh go breá le Cara. Chuir muid an bheirt eile suas léi fosta mar chuideachta di, agus ní raibh aon mhór-chaoineadh ann. Chuaigh Mámaí ag siopadóireacht. Teiripe de chinéal éigin, is dócha. Nuair a phill mé tráthnóna i ndiaidh domh na páistí a bhailiú, ní raibh an carr tarraingthe isteach sa chabhsán, ní raibh an t-inneall stopaithe agam, nó bhí Mámaí ina rith amach an doras le barróga agus póganna.
Is breá liom í. Anocht tá Cara agus Margaret ag gabháil a bheith ina rósanna Thrá Lí aici. Níor mhiste liom - bhí deirfiúr agam ina rós traidhfil blianta ó shin, agus bhí craic mhaith againn i dTrá Lí don tseachtain. Cibé faoi sin, tá fhios agamsa cé hí an fíor-rós sa teach seo... dathúil, cumhra, álainn, leochailleach, galánta... agus gan ach corr-dhealg fhánach inti thall is abhus!

Monday, August 24, 2009

Ag Cúléisteacht

Bhí mé ag cur Cara a chodladh níos luaithe. Tá a seomra buaillte leis an tseomra suí anseo, agus bhí Margaret, Dan agus a gcol ceathar, Aine, istigh ann ag caint. Tá Aine 5 bliana d'aois, agus chun a ceart a thabhairt di, ní labhraíonn sí ach Gaeilge leis na páistí.
Bhí sé deas a bheith ag cúléisteacht orthu ag caint eatarthu féin i nGaeilge. Thit Cara ina codladh, ach luigh mé ansin ar feadh cúpla bomaite ag éisteacht leis an chomhrá. Ansin, chuala mé cúpla abairt a ghread ar mo chluas múinteora.
"Caidé do favourite pictiúr?"
"Caithfidh tú faigh an ceann sin."
"Tá sé mo cheann-sa."
Níl fhios agam bhfuil mórán go dtig liom a dhéanamh chun stad a chur leis an drochGhaeilge. Tógfaidh na páistí a gcuid Gaeilge uainne, cinnte, ach ó na páistí thart orthu fosta.
Ar an lámh eile, b'fhéidir go bhfuil sé in am dúinn glacadh leis an chomhréir, gramadach agus foclóir nua atá ag fás sa teanga. Tá i bhfad níos mó daoine a d'fhoghlaim an Ghaeilge mar dara teanga ná mar a thóg ón chliabhán í. Níl Gaeilge "mhaith" le cloisteáil coitianta go leor, rud a chinnteodh caighdéan de chineál éigin. Bíonn páistí na Gaeltachta iad féin go mór faoi thionchar rithimí cainte an Bhéarla. Tá an teanga ag athrú. Is dócha go gcaithfimid glacadh le sin agus aitheantas éigin a thabhairt do na múnlaí nua cainte.
Bíonn gach teanga bheo ag athrú de shíor, ach is dócha go bhfuil an t-athrú atá ag teacht uirthi le tamall beag anuas ag baint geit as go leor daoine. Cloisim daoine ag tabhairt 'gaelscoilis' go dímheasúil, ar an Ghaeilge úr seo. Is dóigh liom, áfach, nach bhfuil oiread difear idir an Ghaeilge agus an Béarla nuair a thagann sé chuig athruithe.
Tá Béarla Shasana go mór faoi thionchar na Stát Aontaithe. Tá múnlaí úra dochreidte ag teacht ar chaint na n-óg i Sasana agus dar ndóigh in Éirinn. Is mór idir Béarla na Banríona agus Béarla Bebo! De réir mo chuid eolais, tá an rud céanna ag tarlú sna mótheangacha uilig. Is cinnte go bhfuil daoine i Londain, Parás agus Berlin míshásta leis na hathruithe atá ag tarlú, ach is dóigh liom go gcaithfidh muid glacadh leo.
Tugaim faoi deara, go bhfuil lucht Fhoclóir Oxford de shíor ag cur le stór focal an fhoclóra. Má tá focal, múnla gramadaí nó athrú comhréire in úsáid go coitianta, is gairid go bhfaigheann sé aitheantas. Is trua nach dtig linn na hathruithe a chur i bhfeidhm sa Ghaeilge chomh gasta sin.

Ar scor ar bith, beidh muid ag dul ar ais go Leitir Ceanainn amárach. Deireadh an tsamhraidh buailte linn. Páistí ag pilleadh ar an chréche. Ar ais arís chuig rithimí an bhaile mhóir, rialtachtaí na hoibre. Osna!

Tuesday, August 18, 2009

Tá Dan ag dul Doolally!

Ó thosaigh na páistí ag dul chuig na céilithe i rith an tsamhraidh, thosaigh Margaret ag cur suim sa damhsa. Achan lá déanann sí ardán beag di féin i lár an tseomra suí chun taispeántas a chur ar siúl.
Tá sé de nós, ag na céilithe anseo, na céimeanna a scairteadh amach agus an damhsa á dhéanamh. Tá Margaret ar mire amach ag foghlaim damhsaí beaga simplí a chum sí féin.
"Isteach dó, trí, Amach dó, trí,
Isteach dó, trí, Amach dó, trí.
Luascadh."
Tá sé deas a bheith á coimhéad agus baineann sí an-sult as an lucht féachána. Bhí sí ag iarraidh an damhsa a theagasc do Dan le cúpla lá anuas. Anois, cibé rud a dhéanfaidh Dan sa tsaol seo amach romhainn, ní shílim go bhfuil an bailé i ndán dó. Dálta a athair, tá dhá chos chlé aige.
Ní chuireann sin stad leis, áfach, agus baineann sé triail as le Margaret. Ní bhíonn ann i ndáiríre ach léimnigh suas agus síos ansin titim ar a thóin ag gáire. Margaret ar an lámh eile, déanann sise iarracht na céimeanna a fháil i gceart.
Bhí Dan ag léimnigh thart ar mire tráthnóna: "Daidí, Amharc orm damhsa!" agus ag baint an-sult as, ach go hiomlán neamhaireach ar threoracha Mhargaret. Bhris ar fhoighne Mhargaret faoi dheireadh. "Daidí! Tá Dan a' dhul Doolally!"
Bhris a raibh sa tseomra amach ag gáire.
Ní dhéarfainn gur focal milteannach coitianta thart fán cheantar seo é 'Doolally' ach caithfidh sé gur chuala sí é ó dhuine éigin nó ón teilifís. Na Scotties, a tháinig chun cuimhne, bhí siad thart le cúpla seachtain agus iad isteach is amach ón teach.
Chuaigh mé ar líne chun an focal a fhiosrú. De réir Foclóir Oxford tháinig an focal ó bhéarlagair Arm na hIndia. Is dócha mar sin gur fríd Arm na Breataine a tháinig an focal chugainne.
An cheist atá agam nó: an bhfuil an focal sin in úsáid go coitianta fríd an tír seo? Níl fhios agam an trí thionchar na hAlban ar an taobh seo tíre a shleamnaigh sé isteach i gcaint Mhargaret, nó an bhfuil sé leitheadach?

Soilsí ar Chnoic i gCéin

Léigh mé leabhar úr Chathail Uí Shearcaigh - Light on Distant Hills - an tseachtain seo chuaigh thart.
Ní duine mé atá an-tugtha do dhírbheathaisnéisí. B'fhearr liom an ficsean i gcónaí. Níl a fhios agam an dtugann sin aon rud le fios faoi mo phearsantacht agus síce féin, ach cibé faoi sin, nílim ró-gheanúil ar na dírbheathaisnéisí. Bím i gcónaí ag smaoineamh, cad nach bhfuil inste aige/aici? Cén cruth atá sé ag cur ar an scéal chun solas níos fearr a chaitheamh air féin? Bím ró-amhrasach mar dhuine le gach a mbíonn i ndírbheathaisnéis a chreidbheáil.
Ní thuigim cén fáth go mbeadh duine ag iarraidh gach faoina shaol a chur os comhair an phobail, ar scor ar bith. Tá fhios agamsa nach ndéanfainn é ar ór na cruinne. Maolaíodh ar chuid de m'imní i dtaobh leabhair an tSearcaigh nuair a thug mé faoi deara gur 'A Memoir' a bhí mar fho-theideal ar an leabhar (Cé go bhfuil an leabhar é féin rangaithe sa ghenre 'Autobiography' ar chúl an chlúdaigh).
An bhfuil difear idir 'memoir' (cuimhní cinn ag Ó Dónaill) agus dírbheathaisnéis? Deirim seo, mar go minic i rith an leabhair déanann Cathal cur síos beacht ar dhathanna, fuaimeanna, athruithe beaga ar an aimsir, mothúcháin a bhí le chluinstin i nglór duine, bolaithe, etc etc ón am nuair nach raibh sé ach 4 nó 5 bliana d'aois - corradh caoga bliain ó shin anois, creidim. Bhí sé deacair orm a chreidbheáil go dtiocfadh le cuimhní chomh cruinn sin a bheith ag duine. Ansin, smaoinigh mé gur seans gurb é sin an difear idir an dírbheathaisnéis agus an 'memoir', go dtig leat "éadaí" a chur ar chuimhní cinn, iad a mhaisiú le mionsonraí chun cur le hinsint an scéil. Níl fhios agam. B'fhéidir go bhfuil cuimhne thar an choiteann ag Cathal i ndáiríre.
Ba é an dara rud a chuir imní orm faoin leabhar seo ná an teanga. Scríofa i mBéarla atá sé, cé go bhfuil blas láidir Conallach ar an Bhéarla ann. Tá achan rud dar scríobh an Searcach riamh léite agam. Bhí dúil mhilteannach agam riamh ina chuid filíochta agus bhain mé an-sult go deo as 'Seal i Neipeal'. Samhlaím an saibhreas cainte, an ghalántacht inste, an teanga chaolchúiseach fhínéalta leis. Bhí eagla orm go mbeadh sin in easnamh sa leabhar seo. Bhí sé an-deacair orm Cathal a shamhlú agus Béarla ina phluc aige. Níor ghá domh aon imní a bheith orm.
Seoid de leabhar atá ann. Tá an teanga ann chomh healaíonta, milis is a mbeifeá ag dreim leis uaidh i nGaeilge. Tá an insint tarraingteach agus réalaíoch. Tá sé greannmhar agus ceanúil, lán mothúchán agus fiosrachta. Tarraingíonn sé isteach ina dhomhan beag féin thú agus is pleisiúr é cúpla uair a chaitheamh ina chuideachta ag airneáil. Is iontach fosta radharc a fháil ar na forsaí agus béithe óna óige a sheol i dteo na filíochta é - cé go ndéarfá, i ndiaidh duit an leabhar a chríochnú, nach raibh mórán rogha ag Cathal ach a bheith ina fhile. Bhí sé i ndáil is i ndúchas dó.
Leabhar galánta atá ann gur chóir d'achan duine a léamh, agus sin moladh ó dhuine a bhfuil fuath na namhad aige do na diabhal dírbheathaisnéisí sin!

Na Focail Deireanacha

Leathuair a chloig ó shin a tháinig deireadh leis an aistear. Bhí mé ag obair le cúpla mí anuas ar úrscéal do pháistí agus scríobh mé na focail deireanacha cúpla bomaite ó shin.
Is aisteach an mothúchán é. Faoiseamh, go bhfuil sé críochnaithe, ach brón beag fosta, go bhfuil orm carachtair agus scéalta a fhágáil ar leataobh. Bhí amanna ann le 4 mhí anuas go raibh mé ag tarraingt na gruaige amach as mo chloigeann, bhí amanna eile ann go raibh mé ag gáire os ard faoi a raibh ar siúl ag na páistí dalba sa scéal.
Dar ndóigh tá go leor oibre le déanamh go fóill. Eagarthóireacht, léaráidí, clúdach etc a ghlacfaidh tamall maith eile, agus is iontach an chloch mhíle seo a bheith bainte amach agus an scéal ar phár. Codlóidh mé anocht. Ach b'fhéidir, b'fhéidir go mbeidh dram beag bídeach agam sula dtarraingím na blaincéidí tharam. Ní domh féin, an dtuigeann sibh, ach chun slán agus sláinte mhaith a ghuí ar na carachtair a bhí ag roinnt m'aigne liom le breis is ráithe!

Thursday, August 13, 2009

Ag glinceáil liom!

Dhá fhocail atá ag déanamh bhuartha domh le tamall anuas.

Glinceáil - Bhí an asail a' glinceáil.
Nuair a chaitheann asal a cosa deiridh amach.

Lingeach -
An poll sa bhalla ar bhóitheach. Chaithfí an t-aoileach amach fríd.

Dar ndóigh níl mé cinnte faoi litriú na bhfocal sin. Mar is gnáth, níl mé ábalta teacht orthu san fhoclóir.
Chuala mé fear sa teach tábhairne aréir ag rá: "Nach breá an lingeach a bhí uirthi sin?" Ag trácht ar bhean a bhí sé, ar dhóigh dhrochmheasúil (is dócha). [Fágfaidh mé fúibh féin an meafar sin a oibriú amach daoibh féin!]

Rith sé liom go bhfuil seans ann go bhfuil ceangal idir an dá fhocal agus gurb é an focal 'ling' atá mar bhunús ag glinceáil agus ag lingeach.

Aon tuairimí?

Tuesday, August 11, 2009

Tá na Scotties landáilte!

Tá lucht na hAlban linn anseo le cúpla seachtain anuas. Ní thig leat coirnéal a thiontú, dul isteach i mbeár, cuairt a thabhairt ar an trá nó rud ar bith eile a dhéanamh gan glórthaí Ghlaschú a chluinstin. Tá siad in achan áit, col ceathracha, aintíní, uncaileacha, col seisreacha, cairde etc etc. Tá na Scotties, mar a thugtar orthu, anseo agus beidh go ceann lá nó dhó eile. I gcónaí ag deireadh mhí Iúil go lár mhí Lúnasa a thig siad. Is deas iad a fheiceáil agus cuirtear fáilte mhór rompu. M'anam, ach is maith leo an chraic. Ní dheachaigh bunadh tí s'againne a luí go dtí a 4 a chlog aréir, agus oíche luath a bhí ansin!
Tá an scéal mórán mar an gcéanna ar fud na condae seo. Ceangal muintearais an-láidir againn le hAlbain agus le Glaschú ach go háirithe. Dar ndóigh is fada muintir Thír Chonaill ag dul anonn 'un choigcrígh ag tógáil préataí, tithe, bóithre nó cibé rud eile a bhí le tógáil thall. Bhí saol crua acu, ach ghearr siad iog amach dóibh féin thall. A sliocht agus sliocht a sleachta a thig 'na bhaile anois ag an am seo den bhliain.
Cuireann a dteacht achan bhliain mé ag smaointiú ar an véarsa sin ón amhrán 'Na buachaillí' álainn:
"Fuair mé litir as Albain, is ní raibh sé i mo shásamh
gur pósadh na buachaillí ar chailíní na háite,
Ní hé nár mhaith linn acu iad dá mbeadh siad ina sásamh
ach cailíní na n-oileán, is iad an dream ab' fhearr leo."

Briseadh go leor croíthe san am a chuaigh thart, ach is dócha gur tháinig leathnú éigin ar dhearcadh na ndaoine ar an taobh seo tíre. Leathnú, nach raibh i gcónaí dearfach, mar ag Dia é féin a bhfuil fhios an méid dochar a rinne Albain don Ghaeilge ar an taobh seo tíre, idir Albanaigh ag teacht chun cónaí anseo ar bheagán Gaeilge agus Conallaigh a chaith tréimhse in Albain agus a tháinig abhaile le fuath acu don Ghaeilge, a sheas idir iad agus obair ní b'fhearr.
Mise, tá mé sásta go bhfuil lóistín i gcónaí ar fáil domh nuair a théim go Glaschú chun Celtic a fheiceáil ag imirt. Bainfidh mé sult as an cúpla lá eile atá fágtha agam ina gcuideachta agus fágfaidh mé na hargóintí faoin damáiste teanga do lá inteacht geimhriúil, nuair a bheas drochspion orm!

Wednesday, August 5, 2009

Tóraíocht Focal

Is minic mé ag toraíocht focal. Cloisim focal sa bhaile, de ghnáth, agus ní bhím sásta go dtí go n-aimsím údarás inteacht don fhocal i bhfoclóir, ó shaineolaí nó ó fhoinse iontaofa eile. Tá stór focal agam a chuala mé anseo in Arainn, ach ní raibh mé ábalta aon údarás a fháil dóibh in aon áit.
Cuirfidh mé cúpla ceann anseo, b'fhéidir go bhfuil saineolaí nó dhó a bheadh in ann cuidiú liom.

Drochint - in úsáid mar ainmfhocal agus mar aidiacht.
Tá an drochint ann... duine a mbeadh diabhlaíocht nó drochghníomh ina chroí aige.
Sin madadh drochint... sin madadh crosta.
Shíl mé féin, b'fhéidir go raibh ceangal idir é agus 'drochintinn' / 'drochintinneach'.

Toineog / Tóineog - ainmfhocal.
An clár adhmaid a chuirfeá ar bharr tobair chun an t-uisce ann a choinneáil glan.

Follán Sáithe - Follán Sáith, a deirtear. Ainmfhocal.
An gáire a thig ar bhéal páiste óg nach fíorgháire é ach cruth an gháire a thig de bharr gaoithe.

Má tá aon duine amuigh ansin atá ábalta cuidiú liom, bheinn an-bhuíoch.

Tuesday, August 4, 2009

An Tonn Mhór

Leis an aimsir mhaith inniu, rinne muid ár mbealach chun na trá. Is breá leis na páistí a bheith san fharraige. Ní minic a fhanann siad leis na héadaí a bhaint díofa nó chun culaith snámha a chur orthu.
Ar an laghad, tá ciall go leor ag Dan tiontú agus rith leis nuair a fheiceann sé tonn mhór ag teacht ina threo!

Páistí ar iarraidh

Oíche fhada arís aréir. Chuaigh gasúr óg ar iarraidh ar an oileán aréir. Sin an dara huair le seachtain ar tharla a leithéid. 
Chruinnigh pobal an oileáin uilig le chéile chun cuidiú leis an chuardach. Aghaidh gach duine chomh buartha imníoch is dá mba é a bpáiste féin a bhí ar iarraidh. Bhí na gardaí istigh, an bád tarrthála, an heileacaptar agus bádaí an oieáin ag cuartú na gcladach. Buíochas mór le Dia go bhfuarthas é slán sábháilte go gairid i ndiaidh meánoíche.
Gasúr as baile isteach a bhí ann an tseachtain seo chuaigh thart, gasúr de bhunadh na háite a bhí ann aréir. Cuireadh an cuardach céanna ar fáil don bheirt. Ba mhór an faoiseamh don phobal an bheirt acu a bheith faighte arís go sábháilte.
Bhí mise ar an chuardach an tseachtain seo chuaigh thart. Is cuimhin liom cé chomh buartha is a d'éirigh mé de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh. Tá gach bomaite chomh tábhachtach sin, agus de réir mar a shleamhnaíonn an t-am thart, méadaítear ar do chuid imní. Mhothaigh mé mar an gcéanna aréir, ach bhí sé níos measa mar bhí sé go hiomlán dorcha, gan le feiceáil ach na soilsí ar na bádaí, óna tóirsí agus ón heileacaptar. Bhí sé fuar fosta. 
Thosaigh daoine ar an phaidrín a rá in aice na trá. Thuig mé cén fáth, ach bhí sé doiligh orm éisteacht leis. Tá an paidrín ceangáilte ró-mhór i m'intinn leis an bhás. Bhí an Mhaighdéan Mhuire ag éisteacht aréir, áfach, agus ligeadh osna faoisimh ollmhóir asainn uilig nuair a tháinig an scéal fríd go bhfuarthas an gasúr.
Ní thig leat gan a bheith ag smaoineamh ar do mhuintir féin ag am mar sin. Chuaigh mé féin agus cara de mo chuid a bhfuil trí pháiste aige féin suas fá choinne deoch beag ina dhiaidh, gan de chomhrá eadrainn ach mar a mhothóimis dá mba duine dár gcuid féin a bhí ann.
Tá lá geal ann anseo inniu mar atá croíthe na ndaoine!

Sunday, August 2, 2009

Tá sé deacair a bheith ag comhéad ár

Is doiligh a bheith ag coimhéad ár!
Nach mise a shíl go mbeadh an lá deas sonasta agam inniu. Trí a chlog a chríochnaigh muid aréir - oíche an chéilí mhóir. Codladh measartha agam, a bhuíochas do mo bhean mhaith, a d'éirigh leis na páistí. Cluiche Dhún na nGall agus Corcaigh, scoláirí ar shiúl 'na bhaile, nach mise a bhí ag súil leis an lá seo.
Bhí an réamh-ullmhúchán déanta agam. Cúpla oíche saor tugtha do Suzanne agam le seachtain anuas, seans di dul amach lena cairde, aifreann aréir, bronntanais faighte agam do na páistí. Bhí gach duine sásta nuair a d'fhág mé an teach inniu roimh a dó, mo gheansaí orm, cúpla euro i mo phóca agus maithiúnas uair nó dhó agam chun an cluiche mór a choimhéad. Is trua nár fhán mé sa bhaile.
Soir go Teach Phil Bán liom. Thosaigh sé go maith, pointe sa chéad bhomaite, ach ina dhiaidh sin ba in olcas a chuaigh cúrsaí. Ní fiú domh cur síos a thabhairt anseo ar an tragóid, tá daoine níos eolaí ná mé a chuirfeas síos ar an sléacht níos moille anocht ar RTÉ. Is leor domh a rá nach bhfui a dhath níos measa ná teach tábhairne iomlán tostach, ciúin tráthnóna Dé Domhnaigh. D'fhág mé ag leathama agus chuaigh mé chuig Teach Gerry béal dorais. Shíl mé, dá n-athróinn suíomh, go dtiocfadh feabhas ar an imirt. Nach mé a bhí amú! Bhí deich mbomaite le dul - ní thiocfadh liom é a fhuilstean, chuaigh mé amach taobh amuigh chun toitín a chaitheamh - mearbhall éigin a chur ar m'intinn. Bhí mé amuigh agus scóráil Dún na nGall cúl. Is cleasach an peata é an chinniúint!
Tháinig deireadh leis an chluiche faoi dheireadh. Ghabh mé buíochas le Dia, mo chondae bheag bhocht, bhí go leor den náire gaibhte fríd aici, ni raibh uaim di ach faoiseamh. Seans chun cithfholcadh a ghlacadh, a ghlanfadh ar shiúl cuimhní an chéasta.
Ceathair a chlog, thosaigh Margo ag bualadh ceoil. Ní ceirnín atá i gceist agam, Margo í féin. Bhí sí istigh sa phub lena máthair Julia, sea - máthair Daniel! Thosaigh sí ag bualadh ceoil - bualadh a deirim, ní seinm...
Bhfuil iontas ar aon duine mé a bheith sa bhaile chomh luath seo. Mo chomhairle daoibh inniu, ná déanaigí pleananna móra daoibh féin. Níl fhios ag aon duine caidé atá thart fán choirnéal roimhe nuair a éiríonn sé ar maidin...