Friday, March 26, 2010

Gaelscéal - Cá bhfuil sé?

Tá baile Leitir Ceanainn siúlta agam. Níl mé ábalta teacht ar chóip de Ghaelscéal in áit ar bith. Níl sé in Easons nó in aon cheann de na siopaí a ba ghnách leo Foinse a dhíol.
An é gur díoladh gach cóip roimh 10 a chlog ar maidin nó an é go bhfuil neamart a dhéanamh don Iarthuaisceart? Glacaim leis go bhfuil roinnt fadhbanna dáiliúcháin ann go fóill.

Thursday, March 25, 2010

Rannta ar maidin

Hmmm... B'fhéidir go ndeachaigh muid thar fóir inné leis na rannta. Seacht ar chlog maidin inniu, bhí Margaret istigh sa mhullach orainn agus í ag ceol: "A Mhamaí, tá mo teidí tinn, mo teidí tinn, mo teidí tinn, A mhámaí, tá mo teidí tinn, tá pian mhór ina bholg..." seanard a cinn.

Díreach i ndiaidh pilleadh chun an bhaile ó sheoladh Ící Pící, agus trí chóip sa bhreis ceannaithe agam. An leabhar is fearr dá chinéal atá feicithe agam le tamall.

Ící Pící


Tá leabhar nua rann ar an mhargadh, Ící Pící. Fuair mé mo chóip inniu agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-tógtha ar fad leis.
Tá roinnt rann traidisiúnta ann ach is rainn nua-chumtha iad an chuid is mó dá bhfuil ann. Nellie agus Eoghan Mac Giolla Bhríde a chum agus Doimnic Mac Giolla Bhríde a chur ceol leo. Tá caighdeán na rann an-ard ar fad. Tá an teanga iontu ag fóirstean go maith don aoisghrúpa ach ag an am chéanna tá dúchas na Gaeilge go smior iontu. Gaeilge shaibhir nadúrtha atá iontu agus ábhair atá idir traidisiúnta agus nua-aoiseach iontu.
Tá na léaráidí agus clóchur sár-mhaith agus tá CD breá ag dul leis. Tá an ceol ar an ardchaighdeán a mbeifeá ag dréim leis ó Dhoimnic Mac Giolla Bhríde, le blas Techo, Ceol Tíre agus Sean-Nós le sonrú sna hamhráin éagsúla. Murb ionann is pacáistí eile den chinéal, is páistí atá i mbun an cheoil ar an CD agus bheireann a gcuid aithriseoireachta ceolmhaire brí agus beocht do na rainn.
An teist is mó-- thug mé an leabhar agus an CD do Mhargaret agus Dan tráthnóna. Níor leag siad as a lámha an oíche ar fad iad. Cheana féin tá dhá cheann de na hamhráin de ghlanmheabhar ag Margaret agus d'iarr an bheirt acu é mar leabhar don leaba agus iad ag gabháil a luí anocht.
Seoladh é i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chuaigh thart agus beidh sé á sheoladh arís amárach go háitiúil. Muna mbíonn seans agat a bheith i láthair in Óstán na Cúirte amárach, mholfainn duit é a cheannach nuair a bheas sé sna siopaí. Bronntanas iontach a bheadh ann d'éinne a bhfuil páistí óga acu.

Tuesday, March 23, 2010

Foghraíocht mar mhodh múínte litreacha!

Ní théid lá thart nach gcuirim spéis sna próisis foghlama a bhíonn ag tarlú i dtigh s'againne.
Múinteoir meánscoile atá ionamsa agus tá cur amach measartha maith agam ar na modhanna múinteoireachta is gá a chur i bhfeidhm do dhéagóirí, ach admhaím gan náire nach raibh cur amach ar bith agam ar na dóigheanna éagsúla ina bhfoghlaimíonn naíonáin. Mar a deir an fear udaí, thiocfadh liom cuidiú le scoláire aiste fhiúntach a scríobh ar Aistarraingt na Breataine ón India nó scrúdú anailíseach a dhéanamh ar óráid de chuid Parnell, ach ar ór na cruinne ní thiocfadh liom a thaispeáint don scoláire céanna cén dóigh le léamh nó scríobh. Ní bhfuair mé traenáil ar bith ann.
Go hádhúil, tá col ceathar agam atá ina príomhoide bunscoile i Londain agus tá cur amach an-mhaith aici ar mhodheolaíochtaí teagaisc do pháistí óga. Mhol sí domh triail a bhaint as an fhoghraíocht mar bhealach chun litreacha a theagasc. Fuaimeanna na litreacha a theagasc don pháiste in áit fhoghraíocht traidisiúnta na haibítre:
Mar shampla, in áit "Ay, Bee, See, Dee etc" a theagasc, "Ah, Bih, Cih, Duh etc" a úsáid.

Bhain mé triail as cúpla seachtain ó shin, agus caithfidh mé a rá go n-oibríonn sé. Le seachtain anuas tá Margaret bheag ag dul thart de ló is d'oíche ag cur túslitreacha ar gach aon fhocal go dtig léi smaoineamh air. Deireann sí an focal, aimsíonn sí an fhuaim ag tús an fhocail agus tá sí ábalta an litir tosaigh a ainmniú.

"Pictiúr... Pih... P... P fá choinne pictiúr!" (Bualadh bos ó Dhaidí nó Mamaí)
"Doras... Duh... D... D fá choinne doras!" (Maith thú Maggie!)

Tá ag éirí go hiontach maith léi, cé go bhfuil roinnt deacrachtaí aici le 'C', 'Ch', 'Ca' - uaireanta déanann sí K nó T de na fuaimeanna sin.

Tugaim fá dear fosta go dtrasnaíonn an córas seo teangacha. Bhí deacracht nó dhó againn leis na pictiúrleabhair le tamall anuas. Tá pictiúrleabhair Bhéarla agus Gaeilge aici. Sa leabhar Gaeilge, tá A ag freagairt do Asal, B do Bhád etc. Ar ndóigh sa leabhar Béarla, A for Apple, B for Butterfly is a léithéid a fhaightear. D'fhág sin an ghirseach bhocht ag teacht amach le rudaí ar nós: "A fá choinne Úll, B fá choinne Féileacán etc etc." Rud nach raibh ró-shásúil. Bhí an dá theanga ag teacht trasna ar an cheangal idir an litir scríofa agus an pictiúr. Leis an chóras seo is féidir léi an túslitir cheart a aimsiú d'fhocail Ghaeilge agus d'fhocail Bhéarla!

Ar scor ar bith, tá sé ag obair go maith dúinne agus molaim é do thuismitheoirí eile atá i mbun litreacha a theagasc dá gcuid páistí!

Friday, March 19, 2010

Dumbing Down

Tháinig scéala chuig an scoil inniu faoi chúrsa úr na hArdteistiméireachta.

Ag ardleibhéal feasta beidh:
  1. Cúig dhán
  2. Cúig phíosa próis (8-10 lch an ceann... beidh rogha acu staidéar a dhéanamh ar ghearrscannán in áit ceann amháin de na píosaí próis)
  3. Rogha ansin idir píosa próis fada (c.70 lch) nó cúig dhán eile.

Tá deireadh curtha le Stair na Gaeilge
Tá an aiste laghdaithe ó 600 focal go 400 focal ach beidh ceisteanna gramadaí curtha ar pháipéar 1
Tá laghdú ar na marcanna don chluastuiscint agus beidh sé mar chuid de Pháipéar 1 feasta.
Tá ardú ó 25% go 40% ag dul don scrúdú béil.

Níl fhios agam faoin chúrsa nua seo. Tuigim go bhfuil athrú béime ann, agus breis marcanna ag dul don teanga labhartha. Is rud maith é sin is dócha, ach m'anam ó Dhia, ní bheidh mórán de shubstaint ag baint leis an scrúdú feasta.
Tá mise ag obair i scoil lánGhaeilge agus bímid ag dréim leis go mbíonn na scoláirí measartha compordach leis an scrúdú béil agus an chluastuiscint, ach tchítear domhsa nach mbeidh mórán de dhúshlán sa chúrsa nua do na scoláirí.
Nuair a smaoiním ar an ardteist a rinne mise - 3 úrscéal, stair, gramadach, filíocht, aiste fhada, léamhthuiscintí, caoga píosa leitheoireachta le hullmhú don bhéaltriail etc etc. Tá fhios agamsa nach mbeadh an chuid is mó de na scoláirí atá agam faoi láthair in ann dó. Is cinnte go bhfuil 'dumbing down' ar siúl agus is mór an trua é sin.

Seans go bhfuil sé in am scrúdú nua a chumadh chun freastal orthu siúd atá sna gaelscoileanna agus sa Ghaeltacht.

Friday, March 12, 2010

Quo Vadis Texas?

Ní fear mór nuachtán mé, ach tá sé de nós agam súil a chaitheamh anois is arís ar an New York Times. Tháinig mé trasna ar an alt seo inniu agus chuir sé isteach orm. Ní fearg a mhothaigh mé, ach brón agus rud beag imní.
Anois, is cuma sa tsioc liom cén tuairim atá ag duine ar bith faoin domhan ina mairimid - bíodh agat agus bíodh agamsa! - ach mar oideachasóir agus mar staraí chuir a bhfuil ar siúl in Texas isteach orm.
Ní duine mé atá ró-thugtha don daonlathas. Córas lochtach go maith atá ann, agus dar liom tá cuid mhór de na lochtanna sin á nochtadh féin san am i láthair in Texas.

An Caighdeán Úr

"Ceapfaidh an tAire Coiste Stiúrtha leis an athbhreithniú a chur chun cinn, agus tiocfaidh baill an Choiste ó na réimsí seo a leanas: foclóireacht, oideachas, dlí, aistriúchán, téarmaíocht, meáin agus léann. Cur chuige céimnithe a bheidh i gceist leis an athbhreithniú"

Cá bhfuil na scríbhneoirí? Cá bhfuil na filí? Bhfuil tír ar bith eile ar domhan nach rachadh i gcomhairle lena haos dana atá ag saothrú na teanga cruthaithí lá i ndiaidh lae, agus í ag iarraidh caighdeán nua a shocrú?

Tá réabhlóid de dhíth!

Saturday, March 6, 2010

Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath

Díreach i ndiaidh pilleadh ó Bhaile Átha Cliath. Freastal déanta agam ar Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath. Tugadh cuireadh domh léamh a dhéanamh aige, rud a rinne mé ar maidin.
Féile bheag bhreá atá ann agus má bhíonn tú sa cheantar amárach nó Dé Luain ba chóir bualadh isteach chuig Halla na Cathrach. Is deas blaiseadh beag a fháil den chuid is fearr de litríocht na hÉireann i suíomh neamhfhóirméalta chairdiúil. Is í an cinéal féile í go dtig leat bualadh le gach saghas scríbhneora ó iad siúd atá go díreach ag tosacht ar bhealach achrannach na litreacha go dtí figiúirí móra litríochta agus iriseoireachta na linne. Uilig saor in aisce! Bígí ann!