Friday, February 26, 2010

Ag siopadóireacht

Caithfidh sé go bhfuil sé sa DNA ag na mná, an dúil atá acu sa tsiopadóireacht.

Bhí gnóithe agam i bPennys inné agus bhí Margaret bheag liom. De ghnáth ní bhíonn ann ach turas 10 mbomaite domhsa, cuairt a thabhairt ar a mhacasamhail de shiopa, 8 mbomaite de sin i mo sheasamh sa scuaine le híoc as cibé rud atá le ceannach agam. Turas de chinéal eile a bhí agam inné:

"Daidí, tá mise ag iarraidh seo."

"Daidí tá mise ag iarraidh jamies princess."

"Tá mise ag iarraidh bróga."

"Tá mise ag iaraidh, ag iarraidh, ag iarraidh..."

"Margaret, stad ag rá sin."

- tost beag -

"Daidí, an dtig liom seo a fháil" .....


Lean cúrsaí ar aghaidh mar sin ar feadh tamaill, í ag aimsiú a bealaigh fríd na línte éadaí, ag teacht agus ag imeacht as radharc. Bhí sé iontach deacair a raibh de dhíth orm féin a aimsiú agus súil a choinneáil uirthi. Sa deireadh bhris ar m'fhoighne giota beag.

"Tá mise ag iarraidh na slipéirí seo..."
"Margaret! Bhfuil airgead agat?"
"Níl Daidí. Tá airgead agatsa."
"Níl Margaret. Tá mise iontach bocht. Níl airgead ar bith agam. Ní thig liom na rudaí seo a cheannach mar níl an t-airgead agam..."

Tháinig cuma chrosta ar a haghaidh bheag.

"Daidí, stad ag caint mar sin!"

Ní raibh bua le fáil uirthi. B'éigean domh mo lámh a chur i mo phóca chun í a chiúiniú. Feasta thig léi dul ag siopadóireacht le Mamaí. Níl mise ábalta dó.

Wednesday, February 24, 2010

Iasc na Gréine



Ní shílfeá ó bheith ag amharc ar an iasc aisteach seo go bhfuil meáchan tonna ann!

Tháinig mé trasna ar an fhíséan seo tamall beag ó shin. 'Iasc na Gréine' nó 'Mola Mola' a thugtar air agus tá sé ar cheann de na héisc chnámhach is mó ar domhan. Tháinig sé ar cuairt go hÁrainn Mhór cúpla bliain ó shin. Maith an rud go raibh ceamara maith ag an tumadóir!

Níl fhios agam bhfuil ainm ceart Gaeilge air. Ní raibh mé ábalta teacht ar ainm dúchasach dó. Is dócha nach iasc dúchais de chuid na hÉireann é!

Tuesday, February 23, 2010

Bréifne Abú!

Tá mé fíorbhuíoch díobh siúd a chuir leideanna i mo threo le cúpla lá anuas maidir le Cathal Buí. Is carachtar fíor-spéisiúil é, b'fhéidir an rud is spéisiúla uilig faoi ná an laghad eolais atá againn faoi. Cinéal de dhuine dúrúnda atá ann. Tá cnap mór eolais faoi sa bhéaloideas, ach fíorbheagán eolas atá cinntithe go hacadúil. Go minic bíonn fianaise agus foinsí sa bhéaloideas ag teacht trasna ar a chéile agus tá sé an-deacair greim a fháil ar an duine é féin.
Chaith mé an deireadh seachtaine sa tóir air fá cheantar Bhréifne. Ceantar álainn suimiúil. Shiúil mé an Bhoirinn, áit atá ar maos sa tseandálaíocht agus a meastar a bheith ina áit bhreithe don fhile. Chaith mé tamall fada fá bhruacha Loch Mhic nÉan. Cé go raibh sioc crua san aer is ar thalamh, ní fhaca mé d'éin mharbha ach leacht beag a raibh pictiúr den bhonnán agus véarsa ón amhrán greannta air. Bhí díomá orm nach raibh rian níos mó den fhile nó den dán le feiceáil i mBéal Cú nó sa Bhlaic. Ní raibh ann i ndáiríre ach comhartha bóthair aonair a d'fhógair don chuairteoir: "Cathal Buí Country - Fáilte!" Bheadh an cuairteoir céanna ag siúl fada go leor chun go bhfaigheadh sé tuilleadh eolais faoin Chathal céanna. Ní raibh ann i ndáiríre ach an loch féin, séipéal beag agus priosún Loughan House. B'fhéidir gur istigh sa charcair atá spiorad Chathail beo... cá bhfios?
Ar scor ar bith, bhain muid sult mór as an chuairt a thug muid ar an cheantar agus mholfainn d'éinne deireadh seachtaine nó dhó a chaitheamh ann.

.
Loch Mhic nÉan



Thursday, February 18, 2010

Ar lorg Chathail Bhuí...

Tá sé beartaithe agam féin agus ag mo bhean mhaith éalú ar feadh cúpla lá an deireadh seachtaine seo. Tá rún againn aghaidh a thabhairt ar Bhreifne. Is ceantar é nach bhfuil mórán cur amach agam air, ach le fada bhí suim agam ann. Is mar gheall ar shean-laoch de mo chuid, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, a chuir mé suim san áit.
Is dócha go raibh mé 10-11 mbliana d'aois an chéad uair a chuala mé m'athair ag aithris 'An Bonnán Buí'. Ón am sin ar aghaidh, bhí dúil agam san fhear a chum. Rinne mé taighde iarchéime ar an amhrán nuair a bhí mé ar an choláiste agus tá an t-iomrá amuigh go mbíonn cúpla véarsa den amhrán le cluinstin uaim nuair a bhíonn an t-ól istigh.
Tá úrscéal á scríobh agam san am i láthair agus tá Cathal Buí mar dhuine de na carachtair ann. D'fhág sin mé i mbun taighde arís le cúpla mí anuas. Suzanne bhocht, tá sí den bharúil go mbeidh spa, óstán agus saol oíche Inis Ceithleann roimpi, cosa in airde, gruaig scaoilte. Ní thuigeann sí go fóill go bhfuil cuairteanna ar Bhéal Cú, An Bhlaic, Loch nÉan, An Barrán etc pleanáilte agam. Leis an aimsir a bhí againn le seachtain, ní bheadh a fhios agat, b'fhéidir go dtiocfaidh muid trasna ar éan an phíobáin réidh ar bhruacha Loch nÉan, na luchóga móra ag triail ar a thórramh... etc etc

Ar scor ar bith, bhí ceist agam le caitheamh amach. Cuirim anseo é, mar tá fhios agam go bhfuil daoine anseo a bhfuil cur amach níos fearr acu ar lámhscríbhinní nó mar atá agamsa. Tá mé ag iarraidh teacht ar an leagan scríofa is ársa dá bhfuil againn de 'An Bonnán Buí'. Tá mé ábalta teacht ar leaganacha scríofa ó thús na haoise seo chuaigh thart agus b'fhéidir rud beag níos luaithe ná sin. Bhfuil fhios ag aon duine, an raibh an t-amhrán scríofa síos roimhe sin i gceann ar bith de na lámhscríbhinní nó an é gur mhair sé i mbéal na ndaoine amháin roimhe sin. Tá nóisean agam go mbeadh sé scríofa, agus is cinnte go raibh oideachas go leor ag Cathal é féin chun go mbeadh sé ábalta é a scríobh, ach cá bhfuil sé? Más ann dó ar chor ar bith! Bheinn buíoch as aon nod nó eolas a chuideodh liom.
Idir an dá linn bainigí sult as an deireadh seachtaine. Mar a dúirt an file féin:
"A chomharsain chléibh, fliuchaíg bhur mbéal
óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbás!"

Friday, February 12, 2010

Snow Stones & Night Boots!

Deirtear go minic go mbíonn ró-thionchar ag an Bhéarla ar an Ghaeilge. An mhalairt atá ag tarlú i dtigh s'againne le tamall anuas.
Tá Béarla measartha maith ag Margaret san am i láthair - ón Chreche agus ón TV is mó a fhaigheann sí é. Tá muid breá sásta go bhfuil sí ag foghlaim léi, cé gurb í Gaeilge teanga an tí, tuigimid go gcaithfidh an dara teanga oifigiúil a bheith aici fosta.
Inniu, chuala mé í ag caint ar "Snow Stones". Ghlac sé bomaite orm a thuigbheáil gur 'clocha sneachta' a bhí i gceist aici. Thug mé an focal ceart di, agus rinne muid beirt gáire faoi. An oíche faoi dheireadh bhí sí ag cuartú a "Night Boots". Iarracht a rinne sí Béarla a chur ar 'slipéirí'.
Is iontach mar a oibríonn a hintinn bheag. Sa chéad chás, ba aistriú díreach ón Bhéarla a rinne sí, ach sa dara cás, is cosúil gur coincheap a bhí á aistriú aici.
Beidh ábhar tráchtais agam sula mbeidh siad fásta!

Tuesday, February 9, 2010

An Scathán faoi Chlúdach!

Tharla mé ag faire ag an deireadh seachtaine. Duine de mo lucht aitheantais i Leitir Ceanainn a bhí tinn le tamall. Bhíothas ag súil lena bhás agus níorbh aon ionadh mór dúinn é nuair a tháinig an scéal chugainn oíche Aoine.
Bhí rud amháin,áfach, a chuir iontas orm nuair a chuaigh mé isteach sa teach. Bhí an scathán, sa tseomra ina raibh an corp leagtha amach, clúdaithe le braillín, rud nach raibh feicithe agam le tamall, agus rud nach raibh mé ag dréim le feiceáil i Leitir Ceanainn.

Bhí go leor nósanna faire agus tórraimh againn san am a chuaigh thart ach de réir mar a fheictear domhsa é, tá siad ag dul i léig mar nósanna. Is gnách anois go mbíonn an teach 'príobhaideach' óna 11 san oíche go dtí a naoi ar maidin. Is cuimhin liomsa a bheith i mo shuí i rith na hoíche, comharsana ag bualadh isteach is amach, tae nó caife a dhéanamh ag a cúig ar maidin ag iarraidh na súile a choinneáil foscailte. Is trua liom go bhfuil sé ag imeacht mar nós.
Bhíodh na scatháin clúdaithe, ní ligfí don tine dul as agus ar ór na cruinne ní ligfí cat isteach sa teach! Níl fhios agam cén bunús a bhí leis na pisreogaí sin, ach is maith liomsa iad. Ar shlí aisteach cuireann siad struchtúr ar an ócáid - ócáid a bhfuil deacrachtaí agus strus go leor ag baint léi. Tugann siad rialacha agus struchtúir d'am atá anordúil, agus tá fiúntas le sin.
Tá ráite agam le Suzanne, go bhfuil mise ag súil le faire mar is ceart a bheith agam. Doirse foscailte go maidin, biotáilte agus tabaca ar fáil agus na deasghnátha uilig comhlíonta mar is ceart. Déanfaidh sí amhlaidh fosta, mar cé gur bean nua-aoiseach soifisticiúil í, tá fhios agamsa go bhfuil sí cosúil liomsa agus go domhain istigh inti go bhfuil na pisreoga beo. "Ní chreidim iontu", a déarfaidh sí leat, ach déanfaidh sí dá réir le fios nó le hamhras! (Ar eagla mo thaibhse a bheith ina leannán aici, is dócha!)
Ar scor ar bith, go raibh fada uainn an lá sin. Má thig sé níos gasta ná mar atá muid ag dréim leis, buailigí isteach, is cuma cén t-am den oiche. Beidh an doras foscailte agus gheobhaidh tú deoir bheag a bhainfeas an tart díot!