Wednesday, March 30, 2011

Laethanta na bó riabhaí

Bhí mé ag déanamh go raibh siad ar an bhealach inné, maidin inniu bhí mé cinnte de. Aimsir fhuar gaofar. Fearthainn aréir. Tá na 'riabhaigh' linn.
Tá drochaimsir geallta don tseachtain seo mar a bheifeá ag dréim leis.

Nach iontach an t-eolas aimsire a bhí ag daoine fadó. Is trua go bhfuil sé ceilte orainn sa lá atá inniu ann!

Monday, March 28, 2011

Ag dul chuig an dioscó!

Thuas sa lochta a bhí mé tráthnóna nuair a thig Margaret aníos an staighre i mo dhiaidh. Mhothaigh mé ag caint fúmsa í. Anuas liom agus siúd í ag caint ar an ghuthán póca (bréagán, ar ndóigh). Comhrá iomlán ar siúl aige le cara dá cuid ón chréche.
"Hi Maggie," arsa mise.
"Shush, Daidí." Lean sí uirthi ag caint le Shannon ar an fón.
Nuair a bhí an comhrá thart, thiontaigh sí chugam arís gur inis sí domh go neamhbhalbh.
"Tá mise ag dul amach anocht!"
"An bhfuil? C'áit?"
"Chuig an dioscó."
"Ó?"
"Tá mise agus Shannon ag dul."
Fágadh mé leis an imprisean nach mbeadh aon chur ina héadan. Ní ag iarraidh cead a bhí sí, go díreach de mo chur ar an eolas mar chúirtéis!

Níl sí ach ceithre bliana d'aois, ag Dia atá fhos cad iad na deacrachtaí a bheidh romham nuair a bheidh an 14 slánaithe aici!!!


Ar ábhar eile... nach saoithiúil an teanga seo againne. B'éigean domh stró a chur orm féin ag cuartú litriú an fhocail 'lochta'. Focal nár scríobh mé riamh is cosúil, mar le bheith fírinneach, dá bhfeicfinn LOCHTA scríofa ní aithneoinn é. LAUW-TA a bhí againne riamh anall ar 'attic' an Bhéarla. Is trua liom an deighilt idir an focal scríofa agus an focal labhartha.
Bhí an deacracht chéanna agam leis an fhocal PLANSNÓG ar na mallaibh. 'Heatherberry' an Béarla atá ag muintir na háite air. Bhí mé ag iarraidh an focal a úsáid i ndán a bhí á scríobh agam, ach an tseandeacracht chéanna, cén dóigh lena litriú i gceart. Fuair mé é sa deireadh BLAINSNEOG. De réir FGB, 'bogberry' atá air i mBéarla.

Friday, March 25, 2011

Drámaí agus Drámatacht!

Bhí mé féin agus mo bhean mhaith ag amharc ar an bhocsa sa choirnéal anocht, na páistí curtha a luí, dearmad nach mór déanta againn den agó a bhí ag an doras ní ba luaithe ag iarraidh leagan Gaeilge d'fhoirm an daonáirimh a aimsiú, de theip iomlán an chuisneora aréir, den dhá fháire a d'fhreastail muid orthu inné, de thimpiste Dan sa chlós súgartha tráthnóna, de dheartháir céile san ospidéal i Leitir Ceanainn agus máthair chéile san ospidéal i nGaillimh... bhí sé deas suí thart agus bolgam a ól os comhair na teilifíse.
Bhí clár measartha maith ar siúl, dráma nua-aimseartha de chuid na sraithe 'Síol'. Bhain an bheirt againn sult as. Tháinig Conchubhar i m'intinn agus mé á choimheád. Tá sé le maíomh aige le tamall anuas go bhfuil feabhas mór i ndiaidh teacht ar chúrsaí drámaíochta ar TG4 agus is dócha go bhfuil an ceart aige (Na Cloigne, Corp + Anam, Síol...). Tá neart scéalta maithe corraitheacha curtha amach le tamall anuas agus bhí ceann acu le feiceáil ar an TV anocht.
Ansin gan choinne, tháinig cotadh orm, siúd mar a bheadh máistir scoile crosta ann a amharcann go mífhoighneach ar dhalta nach bhfuil a chuid obair bhaile déanta aige, shamhlaigh mé Conchubhar ag croitheadh méir orm as an neamart atá déanta agam ar an bhlag seo le mí anuas... bhál, ní raibh sé díreach chomh drámatúil sin, ach os rud é go bhfuil me ag trácht ar chúrsaí drámaíochta, maitear domh an áibhéil bheag.
Ar scor ar bith, bíodh go bhfuil feabhas ar chúrsaí dráma ar na haerthonnta, tá mé féin agus mo bhean mhaith ar aon intinn go bhfuil locht mór amháin ar na cláir seo ar fad - tá na haisteoirí céanna i ngach aon cheann acu. Na haghaidheanna ceannan céanna le feiceáil arís is arís eile ar Ros na Rún, Na Cloigne, Corp + Anam, Síol... An é go bhfuil ganntanas aisteoirí againn sa tír seo? An é go bhfuil ciorcal beag ann, siopa druidte, mar a déarfadh fear an tSacs-Bhéarla, is nach roghnaítear aisteoirí as taobh amuigh den chiorcal sin? An é nach bhfuil Gaeilge ag mórchuid aisteoirí Bhanbha?
Ní bhaineann an fhadhb seo le drámaí Chonamara amháin, bhí an scéal amhlaidh i C U Burn, Gleann Ceo agus FFC a bhain a bheag ná a mhór le Tír Chonaill ghlas na n-eas glan! An bhfuil aon seans ann, an chéad uair eile a bheas clár á choimisiniú ag na húdaráis chraoltóireachta, go ndéanfadh siad iarracht beag aghaidheanna nua a chur os ár gcomhair - ar mhaithe leis an éagsúlacht go díreach. Corruair bím den tuairim go bhfuil neamhord ilphearsantachtaí ar Mhacdara Ó Fáthartha tá an oiread sin persona léirithe aige ar an scáileán le cúpla bliain anuas. Cuireann an oiread sin carachtar, uilig leis an aghaidh chéanna, mearbhall orm. Agus ní hé is measa!

Seo mé anois ag tarraingt ar an leabaidh. Muid ag imeacht ar béal maidine, bus lán scoláirí linn soir an bealach go hArd Mhacha ionsar Fhéile Scoldrámaíochta Chúige Uladh. Dhá dhráma a bheas ar an ardán againn amárach. Más maith le ceannasaí TG4 scairt a chur orm oíche amárach, bhéarfaidh mé liosta fada daoine óga - aghaidheanna úra - dó as achan chearn i Leath Choinn, a bheadh iontach go deo mar aisteoirí sa chéad tionscnamh eile atá beartaithe ag an chraoltóir!