Sunday, January 31, 2010

Bratach Bhríde Orainn

Seo an fhéile is fearr liom sa bhliain - Oíche na Féile Bríde. Níl aon tráchtálachas ag baint léi mar fhéile, agus tá sé ar maos sna sean-traidisiúin, sa cheantar seo cibé ar bith.
Tá sé de nós againn cuireadh a thabhairt do na comharsana agus cairde teacht isteach chun na crosóga a dhéanamh, tamall comhrá agus craic a dhéanamh, bruitín a ithe agus bratach Bhríde a chur amach. Bíonn oíche bhreá againn de ghnáth.
Ní raibh fonn orainn a bheith ag óstáil anocht agus a thit amach inné ag brú ar ár n-aigne go fóill. Bhí muid thíos ag an otharlann fá choinne aistriú na gcorp ag a sé a chlog agus bheadh sé ró-mhall fá choinne páistí cibé ar bith, faoin am a bheadh deireadh déanta ansin.
Mar a tharlaíonn, nuair a phill muid ar theach mo chol ceathrair a bhí ag amharc i ndiaidh na bpáistí dúinn, bhí na feagacha amuigh aige agus rinne muid na crosóga. Bhí lúchair orm. Is deas na seantraidisiúin a choinneáil beo. Ar shlí, is cuma faoi ghné an chreidimh a bhaineann leis. Is ceangal é leis na glúnta a chuaigh romhainn. Is deas smointiú, go raibh daoine á ndéanamh mar chrosóga, leis na céadta bliain agus seo muid á ndéanamh go fóill. Thug sé suaimhneas domhsa inniu, an ceangal beo sin leis na sluaite síoraí.
Tá na crosóga crochta agam agus cinn na bliana seo chuaigh thart dóite mar a ba chóir. Cuirfidh mé Bratach Bhríde amach roimh dhul a luí. Deireadh na seandaoine, dá gcroithfí é in am an ghátair go gcoinneodh sé slán ón chontúirt is ón urchóid thú. Bíodh go bhfuil blas láidir den phisreog ag baint leis mar nós, is maith liom é. Tá ár gcuid maidí croise féin de dhíth orainn uilig.


Ceann de na crosóga a rinne muid anocht!

Gabhaigí ar bhur nglúine...


Gabhaigí ar bhur nglúine,
fosclaigí bhur súile,
agus ligigí isteach Bríd Bheannaithe!

Saturday, January 30, 2010

An Gadaí Arís

Thug an bás cuairt orainn arís inniu. Marbhadh beirt dár muintir, athair agus mac, ar maidin. Bhí siad ag pilleadh ó Aerfort Dhoire agus is cosúil go ndeachaigh an carr ó smacht ar shiocán dubh i mBeart. D'fhág sé faoi ghruaim muid i rith an lae.
Tá sé de nós againn nuair atá muid ag rá na bpaidreacha leis na páistí ag am luí, paidir a chur le hachan duine a casadh ar na páistí i rith an lae. Chuir muid paidir le John agus Séan anocht. Cheistigh Margaret mé láithreach, mar ní bhíonn siad ar an liosta de ghnáth.
"Cé John Phincí?"
Mhínigh mé dithe cé a bhí ann. Tá aithne mhaith aici ar dheirfiúr John agus bhí sí ábalta coincheap an dearthár a thuigbheáil.
"C'tuige bhfuil sé marbh?"
Bhain mé úsáid as an cheist sin chun ceacht beag a mhúineadh dithe faoin sábháilteacht bóthair. Tá sí cleachtaithe liom ag caint faoin bhealach mhór, carranna agus faichill.
"Cá bhfuil sé anois?"
Rinne mé iarracht a mhíniú dithe go raibh sé thuas sna flaithis le Dia, an Mhaighdéan Mhuire agus na haingle.
"Ach, c'tuige bhfuil sé marbh?"

Tá sé deacair coincheap an bháis a mhíniú do pháistí. Tchítear domh go bhfuil cuidiú beag sa chreideamh. Cé nach mise an Críostaí is fearr dá bhfuil ann, déanaim mo dhícheall na páistí a thógáil sa chreideamh inar tógadh mé féin. Tá an míniú a thug mé do Mhargaret anocht simplí, ró-shimplí, agus amach anseo tá fhios agam nach sásódh sé í mar fhreagra, ach sin a bhfuil agam di mar mhíniú ar bhásanna anabaí díchéillí.
Rith sé liom agus mé ag teacht anuas na staighre, go bhfuil an t-ádh orm an creideamh a bheith ann mar mhíniú. Caidé mar a mhíníonn an t-aindiachaí coincheap an bháis dá chuid páistí? Ní ceist reitriciúil í sin, ba bhreá liom a fháil amach caidé mar a mhínítear an coincheap do pháiste 3 bliana d'aois, gan dul i múinín an chreidimh.

Go ndeana Dia a mhaith orthu agus ar an cheathrar bean teaghlaigh atá fágtha fann folamh ina ndiaidh!

Friday, January 29, 2010

Balamory

Scríobh Jennifer alt roimh an Nollaig, agus ar chúis inteacht d'fhan sé liom le tamall fada. Bheinn corruair san oíche nó i rith an lae ag smaointiú ar rud a dúirt sí.

"Léigh mé alt áit éigin go dúirt nach foghlaimíonn paistí focal as teilifis. Bhí argóint acu go raibh comhrá beo le duine beo os a gcomhair an slí is fearr dóibh agus níor fasann a stór focal ag faire teilifis nó fiseán mar sin."

An dtiocfadh le sin a bheith fíor? Chuir sé mé ag meabhrú ar mo pháistí féin. An mó teanga a bheireann siad leo ón teilifís. Thosaigh mé á gcoimhéad agus iad os comhair an bhocsa. Ar an drochuair, cé go mbíonn cartúin TG4 ar siúl achan mhaidin agus iad ag déanamh réidh, sílim gur beag díobh a thuigeann siad. Aithníonn siad focail thall is abhus, agus cluinim: "Dúirt sé ___" ag amanna mar sin. Níos minice ná sin, is é: "Daidí, caidé dúirt sé?" a chluinim uathu.
Is trua ar bhealach go mbíonn meascán mór canúintí ar na cartúin. Uaireanta sílim go mbeadh sé ní b'fhearr dá ndéanfaí cartún amháin i gcanúint amháin agus cartún eile i gcanúint eile. Tuigim na hargóintí in éadan sin cinnte, ach sílim i gcás na gcartún cibé, gur beag forbairt foclóra atá faighte ag mo pháistí-se uathu.
Ar ndóigh, ní sin an chuspóir atá le cartúin. Baineann na páistí sult mór astu, ní mar gheall ar an téarmaíocht nó fiú an scéal. Na dathanna, na carachtair, an ceol, an gné físiúil a bhaineann leis an chartún - sin an rud a tharraingíonn iad. Má tá Gaeilge le cloisteáil sa chúlra - bíodh sí intuigthe ag na páistí nó ná bíodh - ní haon drochrud é sin.
Bhí mé ag teacht den tuairim mar sin, go raibh an ceart ag Jennifer, go dtí gur tháinig Dan chugam an lá faoi dheireadh:
"Daidí, ní thig linn dhul amach ar an Balamory nuair atá carr ag teacht!" - An bealach mór, a bhí i gceist ag an tachrán beag, ar ndóigh! I ndiaidh an tsaoil, seans go mbíonn tionchar ag an teilifís orthu!!


Saturday, January 16, 2010

Cnap Rudaí

Bhí col ceathrar de mo chuid ar cuairt ar na mallaibh. Níl Gaeilge iontach mhaith aige ach, mar a deir an fear udaí, tá an cúpla focal aige.
Rud iontach amháin faoi bheith ag tógáil clainne le Gaeilge ná go meallann na páistí an Ghaeilge amach as daoine. Daoine nach gcloisfeá go Lá Sheoin Dic ag caint i nGaeilge, ar chúis inteacht bíonn siad sásta cúpla focal a chaitheamh i dtreo na bpáistí. Is dócha nach aon baol dóibh iad. Ní bheidh na páistí anuas ar a gcuid gramadaí nó cibé rud eile a chuireann bac ar dhuine teanga a labhairt.
Ní bhíonn aon bhagáiste le teanga i súile páiste, níl ann ach bealach chun cumarsáid a dhéanamh. Tugaim faoi deara go mbíonn fhios ag Margaret cén teanga le labhairt le cibé duine atá os a comhair. Go minic tosaíonn sí i nGaeilge, ach muna bhfuil aon chumarsáid ann, tiontóidh sí ar an Bhéarla gan smaointiú. Níl ann ach cumarsáid. B'fhéidir go bhfuil ceacht nó dhó le foghlaim againne óna daoine beaga.
Ar scor ar bith, bhí Philip, mo chol ceathrar, istigh agus chuir sé ceist ar Mhargaret i nGaeilge caidé a bhí faighte aici ó Santaí.
"Fuair mé cnap rudaí" a d'fhreagair an bhean óg.
Ar an drochuair do Philip - agus cuirim an locht go hiomlán ar chúrsaí canúna - is é an rud a chuala Philip uaithi nó "Fuair mé CRAP rudaí".
Bhí sé ró-mhúinte le rud ar bith a rá linne ag an am, ach tháinig an scéal amach thar cúpla pionta agus rinne muid uilig gáire faoi.

(is. Mar shoiléiriú d'aon duine atá in amhras, fuair Margaret neart rudaí deasa ó Dhaidí na Nollag agus bhí sí iontach sásta leo!)

Wednesday, January 13, 2010

Cnoc Oighir

An-chraic agus comhrá sa bhaile le lá nó dhó mar gheall ar an chnoc oighir a bhí le feiceáil ar an tsnámh ciliméadar amach ó Árainn Mhór.

Dar ndóigh, níl an téamh domhanda go hiomlán imithe ó smacht. Ní raibh ann ach cleas. Gearmánach atá ina chónaí ar an oileán a bhí ag iarraidh aird turasóirí a tharraingt ar an áit. De réir dealraimh, tógadh an pictiúr thuas amach ón Antartach.
Is iontach, áfach, gur rith RTE, TG4 agus Highland Radio leis an scéal. Caighdéan iriseoreachta ag titim is dócha, scéalta á gcur amach gan foinsí a bheith seiceáilte mar is ceart etc etc. Ar an drochuair, tá go leor de sin ann sa lá atá inniu ann!!

Wednesday, January 6, 2010

Seachaint na Nuachta

Ar ais i Leitir Ceanainn anocht i ndiaidh na Nollag agus na Bliana Úire. Bhí sé ag plúchadh sneachta anseo inniu, ach d'éirigh linn ár dteach beag ag barr Chnoc an tSionnaigh a bhaint amach.
Ní dhéarfainn gur clástrafóibe a tháinig orainn ach bhí an chuma ar rudaí go raibh muid sa mhullach ar a chéile anseo i Leitir Ceanainn tráthnóna. Millte ag an spás agus an fhairsinge a bhí muid le coicís anuas. Ar an drochuair, tá an obair dár dtarraingt ar ais chuig an bhaile mhór agus ní ligeann an drochaimsir dúinn taisteal ón oileán achan mhaidin.
Tá go leor cainte éadóchasaí ann ar na mallaibh. Tá an chuma ar Éire go bhfuil sí faoi chrann smola. Buíochas le Dia go raibh sé uilig ceillte orm thar thréimse na Nollag. Mholfainn d'achan duine Nollaig a chaitheamh gan teilifís, mar a chaith muidne. D'éirigh liom féin agus le mo bhean mhaith cúpla leabhar an duine a léamh, d'éirigh linn labhairt lena chéile agus neart fíona a ól. Ar an iomlán, Nollaig shuaimhneach phleisiúrtha a bhí ann. Mar sin, tá mé ag tabhairt aghaidh dhearfach ar an bhliain úr seo romhainn.
Rúin na bliana úire? Níor shocraigh mé ar aon cheann go fóill, ach tá mé ag déanamh go mbeidh seachaint na nuachta ina measc. Mar atá, ní cheannaím nuachtáin, tá mé ag smaoineamh go láidir ar éirí as a bheith ag amharc ar an nuacht ar an teilifís fosta. Tá sibhialtacht áirithe ag baint leis an nuacht ar an raidió, áfach. Ní mhúchfaidh mé sin go fóill!