Tuesday, April 28, 2009

Ó, tá sé ag éirí mall...

Ceathrú go dtí a dó ar maidin, agus tá Margaret ina lándúiseacht. Mhúscail sí leathuair a chloig ó shin agus ar ór an tsaoil ní rachaidh sí ar ais a chodladh. Tá Mámaí agus na páistí eile ina suanchodladh agus tá mise bocht i mo shuí léi.
Tá ríomhaire beag de chuid Fisher Price aici agus tá sin á coinneáil sásta agus callánach. Tá sí ag baint an-spórt as a ríomhaire féin a bheith aici agus ag déanamh comporáid idir an ceann beag atá ina glaic féin agus an ceann seo os mo chomhair-se. 
Tá sí ag spalpadh léi anseo i nGaeilge liomsa ach tá an ríomhaire beag ag spalpadh Béarla léi. Cuireann sé iontas orm uaireanta chomh maith is atá a cuid Béarla. Má iarrann an ríomhaire beag uirthi 'dog' a aimsiú, tá sé aici. Má iarrann sé uirthi an dath 'yellow' a aimsiú, brúnn sí an cnaipe ceart.
Níl aon dabht ann ach go bhfuil páistí ina spuinsí. Bíonn achan rud a sú isteach acu (na foclaí móra, corruair fosta!) Caitheann na páistí corrmhaidin sa chéche áitiúil anseo agus is ansin a thóg siad leo cibé Béarla atá acu (Ní thig leo comhrá a dhéanamh leis an teilifís go fóill - in aineoinn iarrachtaí Dora). Chuir mé ceist an lá faoi dheireadh ar an chailín a bhíonn ag amharc ina ndiaidh, caidé mar a bhí a cuid Béarla agus dúirt sí liom nach stadann Margaret ag caint. 
Bhí idir athas agus iontas orm é sin a chluinstin. Thaispeáin sé domh nach raibh sí ag cailleadh amach ag an chréche mar gheall ar Ghaeilge a bheith aici sa bhaile. Chuir sé iontas orm fosta go raibh Béarla chomh maith sin aici. Is iontach an rud é páiste a bheith dhátheangach ag aois chomh hóg.
Tháinig Dan (bliain go leith) isteach chun an tí inniu agus focal aisteach aige. Anois, bíonn a chuid cainte bliotach go maith ar uairibh ach de ghnáth bíonn muid ábalta ciall de chineál inteacht a bhaint as, ach ní raibh dul againn bun nó barr a dhéanamh dá chuid cainte. An gasúr bocht, dúirt sé an focal arís agus arís eile ag iarraidh muid a chur ag tuigbheáil. Agus é i ndeireadh na péice, thuig muid faoi dheireadh nach Gaeilge nó Béarla a bhí a labhairt aige ach Polainnis... ach sin scéal fá choinne lá eile!

Friday, April 24, 2009

Dán do Mhargaret

Bhí mé go díreach i ndiadh an postáil deireanach a fhoilsiú anseo agus smaoinigh mé ar an dán beag seo a scríobh mé tamall beag ó shin. Is dócha go mbaineann sé le cuid de na tuairimí a bhí á nochtadh agam roimhe seo.


Margaret Maria


Ní liomsa thú a chroí!

 

Cé go bhfuil rian m’aghaidhe

le feiceáil ar do dhreach –

níl aon seilbh agam ort!

 

Cé gur ó mo bhéal

a thabharfaidh tú teanga agus eagna leat –

níl aon smacht agam ort!

 

Cé gur ó mo chroí is ó m’anam

a thabharfaidh tú do dhaonnacht leat –

níl aon srian agam ort!

 

Tá mé mar a bheadh bogha

a lúbann is a ghéilleann

i dtiúin le saighead do shaoil.

Ní thig liomsa a dhath a dhéanamh

ach fuinneamh a chur taobh thiar

de do theilgeadh

is fanacht i do dhiaidh

ag crith.










Margaret ag baint sult as an tsneachta 


An ndéantar bulaíocht ar pháistí gaelacha?

Bhí mé ag caint le cara de mo chuid ar na mallaibh i mBaile Átha Cliath. Gaeilgeoir breá atá ann atá pósta ar bhean nach bhfuil mórán Gaeilge aici féin ach a bhfuil Fraincis agus Iodálais ar a toil aici. Mac amháin atá acu atá anois san ollscoil. Ainm agus sloinne gaelach atá ar an mhac, cuireadh chuig gaelscoil agus gaelcholáiste é agus tá Ghaeilge bhreá aige.
Chuir sé iontas orm mar sin, nuair a cheistigh mo chara mé faoi bheith ag labhairt Gaeilge leis na páistí. Nach raibh mé buartha Gaeilge amháin a labhairt le mo pháistí. Nach mbeadh siad faoi mhíbhuntaiste go háirithe i measc páistí eile? Is dócha go raibh sé ag smaoineamh ar bhulaíocht - tá fhios againn uilig go bhfuil sé de nós ag an aos óg piocadh ar pháistí atá difriúil ar dhóigh ar bith.
Chuir sé mé ag smaoineamh. B'fhéidir go raibh rud beag den fhírinne aige. Mar athair, is é an rud deireanach atá mise ag iarraidh a dhéanamh ná mo chuid páistí a chur faoi mhíbhuntaiste. Bhí mé i gcónaí den tuairim go raibh mé ag tabhairt buntaiste iontach dóibh an Ghaeilge a bheith acu mar chéad teanga. Níor labhair (agus ní labhraíonn) muid Béarla leo. Bhí muid den tuairim go dtiocfadh an Béarla cibé ar bith, go bhfaighfeadh siad Béarla sa tsaol mhór amuigh ansin, agus nach mbeadh sé chomh furasta dóibh an Ghaeilge a shealbhú ar an dóigh chéanna. Ach fós féin, an rachaidh páistí eile ag magadh orthu amach anseo...
De réir na fianaise atá agam go dtí seo, níl sin ag tarlú ach beidh le feiceáil. Beidh tuilleadh le rá agam faoin ábhar seo. 

Thursday, April 23, 2009

Cúis mo sheasta...

Aréir go díreach, a shocraigh mé ar thús a chur leis an dialann seo. Bhí sé ar intinn agam le tamall tabhairt faoi ach ní bhfuair mé riamh an t-am chuige.
Tá na páistí ar shiúl anocht. An oíche le caitheamh acu sa bhaile in Árainn Mhór le Nana. D'imigh Mámaí leo tráthnóna. Rachainn leo ach go bé go bhfuil ranganna le teagasc agam ar maidin, agus níor mhaith liom páistí Leitir Ceanainn a fhágáil gan máistir ar maidin. Ha! Ar scor ar bith, tá rud beag ciúnais sa teach agus tugaim faoin dúshlán. 
Cad chuige? Ní duine mé a bhfuil suim aige sa chaint ar son na cainte nó i dtuairmí ar son na tuairimíochta. Ní bhím ró-thógtha le conspóidí shaol na Gaeilge, cé go mairim ann. Is dócha go bhfuil mé cosúil le hiasc a dhéanann neamhiontas den uisce ina snámhann sé, go dtí go dtarraingítear amach as é. 
Ar bhealach, sin mar atá mise anseo i Leitir Ceanainn. Cé go bhfuil aquarium beag cruthaithe agam domh féin, tá sé deacair orm mo pháistí a thógáil mar a ba mhaith liom anseo. Níor chuala ár gcuid páistí Béarla sa teach seo againne i Leitir Ceanainn riamh. Gaeilge amháin a labhraíonn muid leo, ach chomh luath is a bhogann siad amach taobh amuigh den doras tosaigh is é an Béarla atá rompu. 
Is dócha gurb é sin cuspóir an bhlaig seo. Tá Margaret dhá bhliain d'aois, tá an chaint go measartha maith aici, tá Dan bliain d'aois agus tá sé ag tosacht ar an chaint, tuigeann Mámaí agus Daidí é ach is beag duine eile a thuigeann é. Níl ach 5 mhí ar an tsaol seo caite ag Cara Bheag. An tseachtain seo chuaigh thart, dúirt sí Da-Da don chéad uair. Ba mhaith liom leis na nótaí seo, taifead de chineál inteacht a choinneáil ar mar a éiríonn leo an teanga a shealbhú i gceantar gallda. B'fhéidir go mbeidh daoine eile ábalta foghlaim ó mo chuid iarrachtaí agus ó mo chuid botún - b'fhéidir go bhfoghlaimeoidh mise rud nó dhó!