Monday, November 29, 2010

Cuairt ar Bhéal Feirste

Chaith muid an deireadh seachtaine i mBéal Feirste. Bhí mise ag léamh filíochta agus ag seoladh leabhar ann inniu agus shocraigh muid ar shaoire bheag teaghlaigh a dhéanamh de. Fuair mámaí siopadóireacht na Nollag uilig déanta, bhuail na páistí le Santaí agus bhain muid uilig sult as óstán breá i gCarraig Fhearghais. Mo chéad uair sa bhaile áirithe sin agus dúil mhór agam i stair an Chaisleáin a bhí os comhair ár seomra.

Caisleán Charraig Fhearghais ar maidin

Thug muid cuairt ar an Chultúrlann san eadarshudh le rud beag siopadóireacht leabhar a dhéanamh agus chun cupaí tae/seacláide/caife a ól. Tháinig an freastálaí thart agus labhair sí Gaeilge linn. Nuair a d'imigh sí, chuir Dan ceist orainn.

"Tuige a raibh sise ag caint cosúil linne?"

Rinne mé féin agus mo bhean mhaith gáire.
Anocht agus mé ag smaoineamh siar air, bheireann sé ábhar smaoinimh domh. Níl sé ach trí bliana d'aois ach cheana féin tuigeann an leaid óg, go bhfuil difear idir muidne agus an domhan mór ina mairimid. An fada uainn an lá nuair nach mbeidh sé ag iarraidh bheidh éagsúil, nuair a bhuailfidh dúchas an tréada é agus le sin droim láimhe don Ghaeilge?

Dálta an scéil. Ná gabhaigí amach ar na bealtaí móra. Bhí an turas anoir scáfar go maith. Iontach fuar go deo, na bóithre sleamhain agus ceo in áiteanna.

Tuesday, November 23, 2010

Lá na vótaí!

Chuaigh mé fá choinne pionta i dtigh Phil Bháin i ndiaidh domh mo vóta a chaitheamh tráthnóna. Chuir fear comhrá orm faoin toghchán, an scéal cloiste aige go raibh na Glasaigh i ndiaidh olltoghchán a iarraidh. Bhí rud beag corraí air. "Caidé bhí muid ag déanamh anseo inniu? Bloody waste of time!" Ní thiocfadh liom gan aontú leis.
Rud beag eile a chuireann corraí orm. Foilseofar plean 4 bliana an rialtais Dé Céadaoin. Beidh seans ag an chuid eile den toghcheantar é a mheas sula gcaitheann siad a gcuid vótaí, ní bheidh/raibh agamsa. Tá sé in am agus thar am rialacha toghchánaíochta na n-oileán a athrú. Níl sé ceart nó cóir go mbeidh orainn vótaí a chaitheamh chomh luath seo. Ar maidin, bhí cuma 'measartha' seasmhach ar an rialtas. Fán tráthnóna bhí sé ar an dé deiridh. Cá bhfios cad atá i ndán dúinn roimh an Déardaoin? Fabht sa chóras daonlathais atá ann, measaim.

Sunday, November 21, 2010

Agus seo chugainn...

Teacht amach as teach an phobail i ndiaidh aifreann a haon déag ar maidin, cé tchím romham, lámh sínte amach, fáilte chroíúil aige romham chuig clós an tséipéil ach Eamonn Gilmore! Caithfidh sé go bhfuil tábhacht iontach le pobal beag s'againne. An Taoiseach agus leath na comhaireachta inné, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre le dhá fhoireann cheamaraí ar maidin.
Táthar ag rá sa phub go mbeidh Enda Kenny agus Gerry Adams ar an bhealach gan mhoill. Is as Árainn Mhór d'athair Dan Boyle ón Chomhaontas Ghlas agus is dócha go bhfuil a gcuid vótaí slán de thairbhe sin.
Tá buntaistí ann, is dócha, go bhfuil orainn vótaí a chaitheamh luath. Tá aird na tíre orainn, an chéad phobal a bheas seans acu breith a thabhairt ar a bhfuil ag titim amach sa tír.


Iascairí agus mná tí ag iarraidh a gcuid a chinntiú don todhchaí. An dtiocfaidh a dhath maith as?

Saturday, November 20, 2010

Cuairt an Taoisigh

Tomhais cé a tháinig chuig an doras ar maidin... taoiseach na tíre é féin, Brian Ó Comhain. I dteach m'uncail in Árainn Mhór a bhí mé agus go tobann isteach an doras leis an Taoiseach, an Tánaiste, Eamonn Ó Cuív agus Brian Ó Domhnaill, iad uilig ag stocaireacht fá choinne vótaí. An dtarlódh a leithéid i dtír ar bith eile ar domhan??? Tá an tóin ag titim as an tír, an IMF agus an ECB ar cuairt ach fós féin, tá an 500 vóta anseo in Árainn tábhachtach.
Déarfadh an duine soiniciúil gur chóir don Taoiseach a bheith i mBaile Átha Cliath, a cheann crom thar leabhair chuntasaíochta, ach ní thagaim leo. Níor thug ach beirt taoiseach cuairt orainn anseo riamh roimhe, Eamon de Valera san 1940í agus Cathal Ó hEochaidh sna 1980í agus ba lá mór dúinn é cuairt seo an Chomhanaigh. Seans nach bhfuil ár gcuid fadhbanna beaga féin chomh tábhachtach sin don náisiún, ach tá siad tábhachtach dúinne!
Cuairt an-ghasta a thug an Taoiseach orainn ar maidin, ach thaitin sé liom gur bheannaigh sé liom i nGaeilge. Go minic tosaíonn polaiteoirí i mBéarla agus má fhaigheann siad leid go bhfuil Gaeilge agat, is ansin a thosaíonn siad ag caint i nGaeilge. Níorbh amhlaidh do Bhrian cóir. Ní raibh a fhios aige cé a bhí ionam, ní raibh mé i mo theach féin agus ní bheadh 'minder' éigin in ann cogar a chur ina chluas gur chóir dó Gaeilge a labhairt liom. Bhuail sé liom gan choinne agus Gaeilge ba thúisce as a bhéal. Gaeilge a labhair sé leis na páistí fosta.
Sin mo scéal mór don lá inniu. Beidh muid ag vótáil Dé Luain, trí lá roimh an chuid eile den chondae - rud nach bhfuil ceart, ach é sna rialacha leis na cianta - ar eagla nach n-éireodh le bád na vótaí a thabhairt go tír mór in am de thairbhe drochaimsire.
An bhfuil mé toilteanach vóta a chaitheamh i dtreo Fhianna Fáil i ngeall ar imeachtaí na maidine? Leis an fhírinne a inse, tá m'intinn socraithe agam le cúpla seachtain anuas cé dó a bhfuil mé a ghabháil vótáil agus cé go raibh sé deas an Taoiseach a fheiceáil, ní dóigh liom go gcuirfidh sé isteach nó amach ar na pleananna a bhí agam go dtí seo!


Mé go díreach ag meabhrú, nach saoithiúil go gcuirim sonrú ann nuair a labhraíonn ceannaire na tíre, teanga na tíre le saoránach na tíre. C'áit eile ar domhan a bhfaighfeá é?

Thursday, November 11, 2010

Dhá oíche chodlata!

Tharla rud an tseachtain seo nár tharla le 3 nó 4 de mhí. Fuair mé ocht n-uaire codlata aréir agus an lá roimhe sin. Is geall le fear úr mé.
Cúis mo mhall-shuí le ráithe? An galar udaí... an scríbhneoireacht.
Ag obair ar dhá leabhar a bhí mé, leabhar filíochta agus úrscéal. Tháinig an leabhar filíochta amach coicís ó shin agus chuir mé an dréacht deireanach den úrscéal chuig na foilsitheoirí Dé Máirt seo chuaigh thart. Beidh sé le foilsiú, le cuidiú Dé ag deireadh na míosa.
Cúig bliana oibre a chuaigh isteach sa chnuasach filíochta. Tchítear domhsa go bhfuil an fhilíocht i bhfad níos deacra le scríobh ná mar atá an prós. Is gá achan fhocal a thomhas go cúramach. Déarfainn go ndeachaigh mé fríd 20 dréacht difriúil le dhá nó trí bliana anuas sula dtáinig mé ar cheann a bhí sásúil. Mar sin féin, is mó sásaimh a bhainim aisti nó mar a bhainim as an phrós a scríobh.
Bhí an t-úscéal idir lámha agam le dhá bhliain, agus cé go raibh mise ag súil le cúpla mí eile a bheith agam sula bhfoilseofaí é, bhí mé faoi bhrú mór ama ó na foilsitheoirí é a bheith réidh an mhí seo caite (bhain mé seachtain nó dhó sa bhreis amach astu!). D'fhág sin mé i mo shuí go dtí a dó, a trí, uaireanta a ceathair ar maidin ag iarraidh é a chríochnú. Leis an fhírinne iomlán a inse, bhí an chéad dréacht críochnaithe i mí Mheán Fómhair, ach bíonn an oiread sin snasú, athscríobh agus eagarthóireacht le déanamh ar shaothar den chineál gur ghlac sé dhá mhí eile orm é a chríochnú mar is ceart.
Cuireadh faoi agallamh mé an tseachtain seo caite maidir leis an scríbhneoireacht agus cuireadh an cheist orm. 'Cad é an chéad rud a dhéanann tú nuair a bhíonn leabhar críochnaithe agat?'
An freagra uaimse: "Gabhaim buíochas le Dia mór na glóire agus geallaim domh féin nach gcuirfidh mé an stró sin orm arís go brách!" Beidh le feiceáil!


Monday, November 8, 2010

Na Míola Móra

Tá an saol is a mháthair ag caint faoin na míola móra a fuarthas marbh ar Inis Mhic an Doirn ag an deireadh seachtaine. Ráth de 35 píolótach a shnámh ró-chóngarach don chósta is nach raibh in ann éalú arís chun an duibheagáin.
De réir cosúlachta chonacthas an ráth fá chósta na nEilean Siar an tseachtain seo chuaigh thart agus thug iascairí Árainn Mhór fá deara iad le lá nó dhó anuas. Tá daoine ag maíomh gurbh iad na gaotha móra agus an lán mara a thug orthu dul ró-ghar don chósta, daoine eile den tuairim go raibh cuid acu tinn is gur lean an chuid eile iad.
Bhí an scéal ar nuacht RTÉ anocht agus inné. Cé go bhfuil trua agam do neach ar bith a fhaigheann é féin i sáinn san uisce, caithfidh mé a admháil nach é radharc na n-ainmhíthe ar an trá is mó a chur isteach orm. Tá ainmhíthe caite ar an trá feicithe agam ó bhí mé i mo ghasúr agus ní haon scéal iontais domh é go dtarlaíonn a leithéid.
Is é an rud is mó a chuir isteach orm (agus seans gur duine saoithíneach go maith mé) ná an úsáid a bhain na láithreoirí nuachta as "Rutland" mar ainm don oileán.
Anois, is oileán fíor-spéisiúil é, idir Árainn Mhór agus tír mór. Go leor stair ag baint leis. Chaith Napper Tandy tamall ann ag iarraidh na daoine ann a ghríosadh chun éirí amach, bunaíodh monarcha scadán ann sna 1780í nuair nach raibh fostaíocht ar bith sa cheantar. Ag am amháin bhí sé mar chroílár na Rosann ó thaobh tábhachta agus tráchtála de.
William Burton Conyngham a ba chúis le cuid mhór den infheistíocht. Fuair a chlannsa an talamh aimsir Chromail [tá scéal fada eile le hinse ansin!] ach don chuid ba mhó tiarnaí talaimh neamhchónaithe a bhí iontu. Ba eisceacht é Burton Conyngham. Thóg sé cé, "Burton's Port", nó "Burtonport" mar a thugtar inniu air (Ailt an Chorráin, mar a thugaimse air), thóg sé sráidbhaile de thithe sraithe ar an oileán (mar a d'fheicfeá i gcathair), oifig poist, scoil, monarcha etc. Cé go raibh na rudaí seo maith ó thaobh fostaíochta de, bíonn deacrachtaí i gcónaí ann nuair a chuireann tiarnaí ró-shuim i saol a gcuid tionóntaí. Béarla amháin agus nósanna Shasana a brúdh ar na daoine. Mar bharr ar an donas, shocraigh Burton ar ainm an oileáin a athrú ó Inis Mhic an Doirn go Rutland Island, in onóir a mhórchara, an Diúc Rutland. Inniu is é an t-aon oileán sa cheantar nach bhfuil a ainm dílis féin in úsáid ina thaobh.
Le fada an lá, tá mé ag impí ar dhaoine sa bhaile Inis Mhic an Doirn a thabhairt air. Tá sé furasta i measc lucht na Gaeilge, cé go bhfuil corrdhuine ann a déarfadh "Tá mé a ghabháil amach go Rutland" agus a leithéid. Tá sé cóir a bheith dodhéanta iarraidh ar lucht an Bhéarla an t-ainm ceart a úsáid.
Ar scor ar bith, sin mo racht curth a díom tráthnóna. Is maith go bhfuil an blag beag seo agam. Teiripe atá ann a bheith ábalta na rudaí seo a chaitheamh díot. Tá mo bhean mhaith féin tuirseach de bheith ag éisteacht liom ag raimseáil mar seo.
Ar scor ar bith, mar phaidir roimh dhul a luí: Go raibh codladh sámh ag na míola, go raibh béile breá ag na faoileoga is go raibh daorghalar ar lucht úsáidte an ainm Rutland!