Wednesday, September 30, 2009

Na Duaiseanna Liteartha

Oíche dheas phleisiúrtha caite agam aréir i bPáirc an Chrócaigh ag bronnadh dhuaiseanna liteartha an Oireachtais. Bhí scaifte mhór i láthair, léadh cuid de shaothar na mbuaiteoirí agus dáileadh amach neart fíona agus bia.
Agus mé ag hob-nob-áil i measc literatti na Gaeilge, tháinig ráiteas a chuala mé roinnt blianta ó shin, chun cuimhne go bhfuil níos mó scríbhneoirí Gaeilge ann ná mar atá léitheoirí Gaeilge. Mar dhuine a bhíonn ag gabháil don scríbhneoireacht chruthaitheach ó am go céile, smaoiním corruair - an léifear a bhfuil le rá agam a choíche!
Ní bhím ró-bhuartha faoi le bheith fírinneach, mar ní scríobhaim do dhaoine eile. Bainim sult as an scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire. Má thaitníonn sí le daoine eile, is bónas beag é sin, ach i ndáiríre níl sé iontach tábhachtach domh.
Sin ráite, caithfidh mé a rá gur thaitin sé go mór liom, bliain nó dhó ó shin nuair a fuair mé 'fan-mail'. Bheul, litir amháin, le bheith cruinn, ó dhuine a raibh leabhar de mo chuid léite aige. Bhí sé iontach deas aiseolas dearfach a fháil. Ar a laghad, bhí duine amháin sa domhan a léigh an leabhar agus a bhain sult as.
Deirtear gur uaigneach an saol a bhíonn ag scríbhneoir ar bith, déarfainn go bhfuil saol an scríbhneora Gaeilge níos uaigní arís. Ar an laghad bíonn léamh de chinéal inteacht ag lucht an Bhéarla. Tá ócáidí mar na duaiseanna liteartha tábhachtach mar sin. Tugann sé seans dúinn teacht le chéile agus féachaint go bhfuil arrachtaí eile mar muid amuigh ansin. Ar dhóigh aisteach, bheireann sin uchtach domh.

Comhghairdeas mór do Thadhg, dála an scéil, a bhain duais don bhlag is fearr!

Tuesday, September 22, 2009

Ag Marbhthráth na hOíche

2 a chlog ar maidin agus an cúigiú dréacht den leabhar beag atá idir lámha agam anseo díreach críochnaithe agam. Níl mé chun níos mó a dhéanamh air. Rachaidh sé sa phost chuig an fhoilsitheoir amárach agus fágfaidh mé faoin eagarthóir a pheann dearg a chur ag obair anois.
Ba chóir go mbeadh lúchair orm, ach bhfuil fhios agat seo, níl ag déanamh bhuartha domh anocht ach Margaret bheag, a bhí ag dul fríd an aibitír liom níos luaithe: A fá choinne asail, B fá choinne bád..... H fá choinne capall! Tá mé ag déanamh go bhfuil an dátheangachas seo ag cur mearbhall ar a hintinn beag.
Deir na saineolaíthe gur cuid nadúrtha den fhoghlaim é seo. 'H fá choinne horse' atá aici ag an chréche, agus go dtiocfaidh achan rud i gceart sa deireadh. Níl ann ach go dtig imní bheag orm i gcónaí ag marbhthráth na hoíche. Tá mé cinnte go mbeidh cuma níos fearr ar rudaí nuair a bheas 4, b'fhéidir 5 huair (má tá an t-ádh orm) codlata faighte agam!

Wednesday, September 16, 2009

Tá Nana ag teacht!

Tá Margaret bheag s'againne an-tógtha lena máthair mhór. Fanann muid sa teach léi nuair a bhíonn muid istigh sa bhaile agus tig sí ar cuairt chugainn go minic anseo i Leitir Ceanainn.
Bhí mé ag bailiú Margaret ón Chréche ansin ag a haon a chlog agus muid ar an bhealach síos an baile i dtreo an naíonra, mionchomhrá fánach eadrainn, agus an raidió ag spalpadh mór-scéal an lae...NAMA, NAMA, NAMA. Ní raibh ach leathchluas agam air i ndáiríre, go dtí gur cheistigh Margaret mé:
"Daidí, bhfuil Nana ag teacht inniu?"
"Is dócha go bhfuil, a thaiscidh!"
Ní raibh mé cinnte ar chóir domh a bheith ag gáire nó ag caoineadh!

Níl aon tinteán!

B'fhéidir go bhfuil rud beag den Obsessive-Compulsive (éigníoch-dúghafach???) ionam, ach nuair a thugaim faoi rud, is maith liom é a bheith déanta i gceart agus in am. Má tá spriocdháta ag teannadh, fanaim i mo shuí go dtí 4 nó 5 ar maidin, ag déanamh cinnte go bhfuil cibé ní atá idir lámha agam críochnaithe in am. Tuigeann mo bhean bhocht, go mbíonn amanna áirithe ann, nuair a bheas an leaba aici féin don oíche, don chuid is mó den oíche cé bith! (Ní shílim go mbíonn sí ag gearán mórán)!
Cuireann sé isteach orm, mar sin, nuair nach mbíonn an díograis chéanna i ndaoine eile. Bhí an tinteán le cur isteach i mo theach úr inniu. Os i Leitir Ceanainn atá muid na laethanta seo, b'éigean domh scairt a chur ar mo dheartháir céile in Árainn, chun scéal a fháil raibh achan seort i gceart. Ní raibh tásc nó tuairisc ar lucht an tinteáin. Níor tháinig siad isteach ar chor ar bith! Jab eile ar siúl agus dearmad déanta acu den choinne a bhí acu liomsa. Gan fiú scairt curtha acu orm. Ní raibh mé sásta.
Síos liom chuig an siopa atá acu anseo i Leitir Ceanainn. Bhí iontas an domhain ar an bhean bhocht ag an deasc nuair a d'inis mé dithe go raibh siad le bheith in Árainn inniu. Ní raibh an bas istigh. D'fhág mé uimhir, agus tamall beag ina dhiaidh sin, fuair mé scairt ag gabháil achan chinéal leithscéil liom agus ag tabhairt mionn os comhair Dia na glóire go mbeadh siad ar an chéad bhád Dé Luain!
Níorbh é sin deireadh mo chuid trioblóidí. Tá - bhí - an chistineach in ainm is a bheith a dhul isteach an tseachtain seo chugainn, ach anois ní thig leo í a chur isteach go dtí go mbeidh an teas ar siúl. Ní thig leis an pluiméir an teas a chur ar siúl go dtí go mbeidh an leictreoir réidh agus ní bheidh an leictreoir réidh go dtí go bhfaigheann sé dáta ó BSL. Níl an fear cuí i mBSL ag tabhairt freagra ar a ghuthán san am i láthair!  Beidh lucht na cistineadh ag cur scairt orm amárach ag lorg dáta nua, agus níl sé agam go fóill. ÁÁÁÁÁÁ.
Shíl mé go raibh cúlú eacnamaíochta ar siúl agus go raibh oibritheoirí ag titim thar a chéile ag cuartú oibre! Níl fhios agam an mbíonn na fadhbanna céanna ag daoine a bhíonn ag tógáil tithe ar tír mór!
Ar scor ar bith, bíodh an diabhal ag an Obsessive-Compulsive, tá mise chun an t-ualach oibre atá ar mo dheasc a fhágáil ansin go maidin. Tá Suzanne ag éirí ró-chleachtaithe leis an leaba dúbáilte a bheith aici féin agus... bheul, tá mise ag éirí fuar i mo shuí anseo!
 

Saturday, September 12, 2009

Daonáireamh 1911

Ag baint an-sult le cúpla lá anuas as a bheith ag cuartú fríd Daonáireamh 1911, a cuireadh ar líne ar na mallaibh. Áis iontach, d'aon duine a bhfuil suim acu sa stair chlainne nó sa stair shóisialta. Is iontach liom go bhfuil sé saor in aisce le húsáid, go háirithe in aimsir seo na gciorruithe.
Tá mo chuid daoine muinteartha uilig aimsithe agam faoin am seo, agus rud nó dhó foghlaimithe agam fúthu nach raibh ar eolas agam roimhe seo.
Bhí ceist amháin ar an fhoirm, áfach, a léim amach orm:

"If deaf and dumb; dumb only; blind; imbecile or idiot; or lunatic ... write the respective infirmities opposite the name of the afflicted person."

Cén fáth go mbeadh a leithéid d'eolas de dhíth?

Is duine mé nach raibh mórán aird aige riamh ar an cheartaiseacht pholaitiúil, ach caithfidh mé a rá, i ndiaidh domh an cheist sin a léamh, go bhfuil mé ag teacht ar an tuairim go mb'fhéidir go bhfuil feidhm bheag léi...

Thursday, September 10, 2009

Ná bí ag caint liom!

Tá nós agam na páistí a cheistiú faoin lá a bhí acu ag an Chréche, nuair a bhailím iad ag deireadh an lae. 
"Caidé rinne sibh inniu?"
"Raibh tú ag dathú isteach?" etc etc
Ceisteanna beaga simplí chun iad a chur ag comhrá, agus chun a dhéanamh cinnte de nach dtiteann siad ina gcodladh sa charr ar an bhealach abhaile - rud a chuireann gnáthamh na hoíche bun os cionn!
Thosaigh mé mar is gnáth, ach fuair mé freagra borb ó Dan:
"Ná bí caint liom!"
"Caidé?" a dúirt mé. Ní raibh mé cinnte ar chuala mé i gceart é.
"NÁ BÍ CAINT LIOM!"

An é seo tús na mblianta reibiliúnacha? 

Wednesday, September 9, 2009

Bád Díomhaoin

Gheall mé d'Áine go gcuirfinn an dán seo in airde. Níl sí léi féin nuair a thagann cumha uirthi thart ar bhádaí nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart. Obair idir lámha atá ann, ach sílim go bhfuil sé cóir a bheith ansin!

An Bád

Glafarnach gaoithe a choinnigh mo bhád

seachtain ar feistiú le taobh na cé,

ach nuair a thiontaigh an aimsir chun láíochta

thug mé aghaidh uchtaigh ar an mhuir arís,

go mblaisfinn an athuair rith an aeir úir

fá chuartha m’aghaidhe is mo choirp.

 

Ansin agus mé fá chúig shlat den ché

tháinig inneall mo bháid chun stad

achan tarraingt uaim ar chorda na hadhainte

ag tachtadh m’innill chasachtaigh.

Le cuidiú ó chomharsa, iascaire ar an ché,

tarraingíodh mise is mo bhád i dtír.

 

Tá sí tirim anois taobh thiar den teach

ag fanacht ar an fhear a thiocfas chun í

a chóiriú. Náiríonn m’easpa tuigbheála

ar rúndiamhra na meicníochta mé,

is fada gach lá a fhanaim ar an ghléas

a chuirfeas beatha ina croí arís.

 

Níl a dhath níos uaigní ná bád ar thalamh,

a bolg ramhar mar phéist ar thrá, a tóin

scuabtha ag gaoth in áit í a bheith dá roiseadh.

Cá bhfios nach taibhse mo cháinte atá inti,

ag cur i mo leith mo dhrochábaltacht,

mo chuid faillí ina taobh.

 

Rachaidh mé á peinteáil amárach,

ina culaith úr beidh sí pleisiúrtha don tsúil,

shamhlófaí maorga gasta ar an fharraige mhór í.

Ach is cuma! Níl aici ach leathshaol ornáideach

a spreagfas cuimhní ar ghliondar na beochta,

sa té a shiúlann thar bráid, seoid a chuirfeas cumha air.

Tuesday, September 8, 2009

Galar an Ghrá?

Seachtain ghnóitheach curtha díom, a choinnigh mé ar shiúl ón bhlag seo. Sin ráite, bhí mé ag coinneáil súil ghéar ar a bhí ag titim amach ann. Tá ceann de na gutháin sin agam a bheireann an t-idirlíon domh i mo phóca, agus bím i gcónaí ábalta fanacht 'suas chun dáta' le gach a bhfuil ag dul ar aghaidh. 
Chaith muid an oíche i nGort an Choirce Dé Sathairn ag bainis. Beirt as Árainn a phós, agus mar is gnách, tháinig siad amach go tír mór fá choinne na bainise. Cé go bhfuil teach pobail galánta againn, níl an t-óstán thar moladh beirte, go háirid nuair a thig sé chuig bainisí.
Ar scor ar bith, tharla mé taobh amuigh den óstán ag caitheamh toitín, nuair a thug mé scuaird fóin isteach ar an bhlag. Ba é an cheist a d'ardaigh Tim a tharraing m'aird. "Cad is grá ann?" Caithfidh sé go raibh atmaisféar an ghrá ón bhainis ag dul i bhfeidhm orm, mar d'fhan an cheist liom. Le bheith fírinneach, tá freagra na ceiste sin á lorg agam le fada. Tá mórán sainmhínithe feicithe agus cloiste agam. Tá fealsaimh, filí agus diagairí léite agam ag iarraidh teacht ar bhunús an ghrá. 
Sílim gurb é an ceann is fearr atá feicithe agam ná rud a scríobh Louis de Berniéres ina leabhar "Captain Corelli's Mandolin". Níl a fhios agam an aontódh mórán daoine liom. B'fhéidir go bhfuil a shainmhíniú féin ag achan duine.
Seo é ar scor ar bith. Fágfaidh mé sa Bhéarla é:

"Love is a temporary madness, it erupts like volcanoes and then subsides. And when it subsides you have to make a decision. You have to work out whether your roots have so entwined together that it is inconceivable that you should ever part. Because this is what love is. Love is not breathlessness, it is not excitement, it is not the promulgation of promises of eternal passion, it is not the desire to mate every second minute of the day, it is not lying awake at night imagining that he is kissing every cranny of your body... That is just being "in love", which any fool can do. Love itself is what is left over when being in love has burned away." 

Tuesday, September 1, 2009

Rud inteacht deas!

Thosaigh Margaret ar an naíonra inniu. Céim mhór eile. Bhí sé ag dó ar mo phutóga le seachtain anuas mar bhí fhios agam go raibh an lá seo ag teacht. Girseach fhaiteach atá i Margaret, agus glacann sé tamall uirthi socrú isteach i suíomh úr.
La cúpla lá anuas, bhí muid ag caint léi fá dtaobh de. Ag rá go raibh sí ag éirí mór, agus go dtéann girseachaí móra cliste chuig an naíonra, go mbeadh máistreasaí deasa aici agus go mbeadh an-chraic aici. Cluichí siceolaíochta a bhí a imirt againn ar ár níon bhocht. 
Ní bhíonn i gceist ach cúpla uair sa tráthnóna, agus bhailigh mé í ón Chréche ag a haon. Bhí mé réidh. Mala scoile úr faighte agam di agus gealltanas agam go rachadh muid ag siopáil agus go bhfaigheadh sí 'rud inteacht deas' i ndiaidh an naíonra.
(Thit na dualgaisí seo ormsa inniu, mar ba é seo an chéad lá ar ais ag obair do Mhámaí. Is maith an rud, is dócha, mar éiríonn Mámaí rud beag mothúchánach ag ócáidí mar seo.)
Ar scor ar bith, bhí mo dhícheall déanta agam idir ullmhúchán intinne agus breabanna fisiciúla, agus síos linn. Isteach an doras linn, agus thit Margaret chun ciúnais. Ní fhosclódh sí a béal. Theannaigh sí isteach thart fá mo chos, mar a bheadh bairneach ann. Ní raibh cúrsaí ag dul go maith. 
Labhair na cailíní a bhí ag obair ann léi, thug siad pictiúirí dithe le dathú isteach, thaispeáin siad na bréagáin dithe. Ní raibh suim ag Margaret iontu. Ní fhágfadh sí mo thaobh. D'fhan mé leathuair léi. Faoi dheireadh, gan ach bomaití fágtha den sos lóin, dúirt mé léi go raibh orm dul ar ais ag obair. Make or Break a bhí ann. D'oibreodh seo, nó ní oibreodh. Muna bhfanfadh sí anois, ní thiocfadh sí arís.
Tháinig dreach brónach ar a haghaidh bheag, ach níor tháinig deoir ar bith. Chuir mé i gcuimhne di arís, an 'rud inteacht deas' a gheobhadh sí nuair a thiocfainn ar ais. Níor chorraigh sí ón chathaoir nuair a sheas mé le himeacht. Thug mé póg di agus rinne mé ar an doras. Lean sí lena súile mé. D'imigh mé, mo chroí ag preabadh le himní. Chinntigh mé go raibh mo fhón liom agus é luchtaithe i gceart, agus chaith mé an tráthnóna ag súil leis an scairt chun í a bhailiú.
Níor tháinig sé. Ní raibh an seisiún le críochnú go dtí a ceathair, ach tháinig mise le Margaret a bhailiú ag ceathrú go dtí. Níor chuala mé aon chaoineadh. Comhartha maith! D'oscail mé an doras. Bhí a droim liom nuair a chuaigh mé isteach. Bhí sí ina suí ag tabla ag dathú isteach agus... ag ceol... ag ceol léi féin!! Yipee! Nuair a chonaic sí mé, tháinig sí chugam ina rith, lán caint agus gáire. Bhí sí i ndiaidh sult a bhaint as an tráthnóna.
Tá sé tábhachtach dúinne í a bheith ann. Taobh amuigh den teach, ní fhaigheann sí mórán seans a cuid Gaeilge a chleachtadh anseo i Leitir Ceanainn, agus tá Gaeilge ghalánta ag na cailíní atá ag obair sa naíonra. Tá sé tábhachtach dithe a fheiceáil nach sa teach amháin atá an Ghaeilge á labhairt ag daoine. 
Aisteach go leor, ní hé sin an rud a bhí chun tosaigh ar m'intinn tráthnóna. Bhrúcht bród millteanach aníos ionam, as chomh maith is a d'éirigh léi. Chuaigh sí i amach i measc strainséirí don chéad uair gan Mámaí nó Daidí, fágadh léi féin í gan aithne aici ar dhuine ar bith agus d'éirigh léi a cuid féin a dhéanamh de... gan chaoineadh. Ba chéim mhór í.
Ní bhfuair Margaret 'rud inteacht deas' nuair a chuaigh muid chuig an siopa. Fuair sí trí rud deas! B'fhéidir go bhfuil mé dá milleadh, ach bhfuil fhios agat, is cuma liom!