Saturday, April 30, 2011

Tá tír mór le thine!


An t-am sin den bhliain. Ní raibh fearthainn mar is ceart againn anseo le breis agus coicís agus tá achan seort briosc tirim. Bhí mé féin ar an chaorán inniu ag amharc ar na bachtaí agus eagla mo chraicinn orm toitín a lasadh ar eagla go gcuirfeadh drithleog uaidh tús le tine.
Is cosúil nach raibh duine inteacht ar tír mór chomh faichilleach céanna, óir tá an cnoc beag i gcomharsantacht Thráigh Éanna faoi bhladhm.
Is trua liom nach bhfuil ceamara níos fearr agam... (Breithlá ag teacht aníos gan mhoill Suzanne...hint hint!) ach seo mar a chonaic mo sheancheamara í tamall beag ó shin !



Saturday, April 23, 2011

An Traonach ar ais!

B'éigean domh mo chuid focal a ithe inniu. Thíos ar Thráigh Athphoirt a bhí muid inniu leis na páistí ag cruinniú sligeán nuair a chuala muid é chomh maith is a chluinfeadh neach ar bith beo. An traonach ag grágáil leis sa pháirc thuas uainn.
Ceacht amháin gur chóír a bheith foghlamtha agam i bhfad roimhe seo, nuair a deir do bhean chéile rud leat, ní chóir amhras a chaitheamh uirthi. Is aici a bhíonn an ceart nach mór an t-am ar fad.

Cáisc shona daoibh go léir!

Friday, April 22, 2011

Ólfaimid sláinte na n-éanlaith!

An chuach cloiste againn inné den chéad uair. Tá an samhradh ag teacht ar chosa in airde! Deir mo bhean mhaith gur chuala sí an traonach aréir, ach tá mé in amhras. Cinnte le Dia, tá sé ró-luath do Crex Crex a bheith thart...

Tuesday, April 19, 2011

Ag tabhairt faoi Bhod an Diabhail!





Tháinig mé ar an fhíseán seo an lá faoi dheireadh. Dreapadóir as Albain ag tabhairt faoi thor darbh ainm Bod an Diabhail ar chúl Áranna. Tá caighdeán na scannánaíochta an-mhaith ach bíodh ar d'airdeall, tháinig veirtige ormsa agus mé á choimhéad.

Friday, April 15, 2011

Ó bhéal na n-óg...

Ar Chlár Mhuigh Eo a bhíos le seachtain ag reachtáil scrúduithe béil don Ardteist. Bhí an oiread sin pleananna agam na tráthnóntaí fada óstáin gan pháistí a chaitheamh i mbun pinn ach monuar, is beag a rinne mé.
Ar scor ar bith beidh mé ag tabhairt aghaidh ó thuaidh arís amárach agus is breá sásta a bheas mé mo mhuirín a fheiceáil an athuair. Ní raibh mé scartha uathu chomh fada seo ariamh aroimhe agus beidh lúchair orm a bheith sa bhaile arís.
Bhain mé sult as mo chuairt ar an chondae stairiúil seo. Ní bhfuair mé faill mórán cuartaíochta a dhéanamh ach tharla mé i ngiorracht Achadh Céide inniu agus stop mé ann tamall ag déanamh mo mhachnamh ar an tsíoraíocht.
Sin ráite, ní ar Achaidh Chéide atá mo smaointí anocht. Tá mé ag dul a luí le gáire fonnmhar ar mo bhéal ag smaointiú ar an leaid óg atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an 'tarbheolaíocht' ar an choláiste, ar an ghirseach bhocht a bhfuil 'trí chapall uirthi', ar an ghasúr a bhfuil deartháir óg aige atá 'trí chéad bliana d'aois' agus ar an chailín sin atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar 'Francie' - cibé fear ádhúil é sin!
Á, an scrúdú béil... cá bhfaighfeá a mhacasamhail?

Tuesday, April 5, 2011

Scannal an tSúmó!


Agus síleann tú nach dtiocfadh le rudaí a bheith níos measa sa Domhan agus sa tSeapáin ach go háirithe. Bhris scannal mór i ndomhan an tSúmó inné.
Bhí dúil agam riamh anall in iomrascáil Súmó. Ba ghnách liom babhtaí beag a eagrú ar an trá in Árainn Mhór do scoláirí Gaeilge. Is maith liom an stair agus na deasghnátha a théann leis mar spórt. Bhí uaisleacht áirithe ag baint leis. Ach anois tá croitheadh beag eile bainte de na cinnteachtaí a bhain le mo dhearcadh saoil. An bhfuil onóir ná uaisleacht ar bith fágtha sa tsaol....