Saturday, July 23, 2011

Daniel agus an Stocaire!

Oíche stairiúil a bhí againn anseo Déardaoin seo chuaigh thart. Bhí banna píob an oileáin ag fanacht ag an ché ar chuairteoir an-speisialta. Fuair sé tionlacan píob ón ché suas an bealach mór go dtí an teach tábhairne. Cad eile a bhí ar siúl ach ceolchoirm dheireanach Daniel O'Donnell ar an oileán!
Naoi mbliana is fiche ó shin, fuair Daniel a chéad 'gig' ariamh i dTigh Andrew (mar a bhí) anseo in Árainn Mhór. De réir an tseanchais bhí Margo curtha in áirithe le theacht isteach agus ceolchoirm a dhéanamh, ach lá nó dhó roimhe tháinig an scéal go raibh sí tinn agus nach mbeadh sí ábalta a bheith ann. Julia, máthair Margo, a dúirt le Andrew go raibh gasúr óg aici a bhí ag iarraidh dul leis an cheol. D'aontaigh Andrew ar 'gig' a thabhairt dó agus ag deireadh na ceolchoirme chuir sé ceist ar Daniel cé mhéad a bhí uaidh mar luach saothair. £70 a d'iarr Daniel ach £100 a thug Andrew dó ag rá "Don't underestimate yourself lad!"
Tá an teach leanna ag Gerry, mac Andrew, anois agus gach bliain ó shin i leith, tháinig Daniel ar ais le ceolchoirm a dhéanamh. Bliain i ndiaidh bliana thug sé leis an banna ceoil céanna a bhíonn aige agus é ar chamchuairt ar fud an domhain mhóir agus níor iarr sé riamh ach an cúpa punt a tugadh isteach ag an doras le costaisí an bháid agus an bhanna a chlúdach.
Tá deireadh le sin anois, ar feadh tamaill ar scor ar bith. Tá Daniel ag glacadh briseadh ón síorthaisteal. Is cosúil nach mbeidh ach ceolchoirm amháin aige in Éirinn an bhliain seo chugainn, i gCill Airne, sílim.
Anois thar na blianta ba mhinic mé i gcomharsantacht Theach Andrew agus Daniel istigh, bliain amháin cheannaigh mé ticéad, ach níos minice ná a mhalairt bhí mé i mo stocaire ag an cheolchoirm. Ba ghnách leo na doirse a oscailt chun aer a ligean isteach agus bhí sé furasta go leor siúl isteach ann ag leathama.
Ar mhothaigh mé ciontach as an stocaireacht seo? Leis an fhírinne a dhéanamh, níor mhothaigh. Cé gurbh as Ceann Caslach do mo mháthair mhór agus go bhfuil muintearas idir mé féin agus Daniel, níl dúil mhillteanach agam ina chuid ceoil is níor éirigh mé ró-bhuartha ariamh faoi shleamhnú isteach don uair dheireanach den cheolchoirm - go díreach don chraic!
Bhí mé ag obair mall ar an Déardaoin agus níor chuir mé mo chuid gnoithe díom go dtí leath i ndiaidh a dó dhéag. Bhí cineál de thuirse orm ach ansin mheabhraigh mé domh féin nach dtiocfadh liom an oíche a ligean tharam gan cuairt a thabhairt ar an cheolchoirm ar son na mblianta atá caite. Bhí an teach lán go doras agus cúrsaí slándála níos déine ná mar a bhí blianta eile ach os rud é gaol gairid idir mé féin agus muintir an phub, ligeadh isteach mé gan trioblóid ar bith.
Cibé tuairim atá agat faoina chuid ceoil, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil ábaltacht iontach aige, tá sé snasta mar cheoltóir, tá sé greannmhar agus tá sé ábalta an slua a fhágáil ag lorg níos mó agus níos mó! Thar rud ar bith eile, is é an rud is mó a thaitníonn liomsa faoi ná an dílseacht atá aige don cheantar seo agus dá lucht leanúna. Duine fíordheas atá ann a chuimhníonn ar ainmneacha agus a théann amach i measc na ndaoine. Ní dhearna sé dearmad riamh ar an áit as a dtáinig sé agus tá meas agam ar sin.
Mar sin, cronóimid na ceolchoirmeacha bliantúla, ach mar a dúirt sé féin, níl ann ach briseadh, gach seans go dtiocfaidh sé ar ais am inteacht amach anseo fá choinne ceolchoirme eile agus bhfuil fhios agat, má thagann sílim go gceannóidh mé ticéad nó dhó!!
Aintí Brigid agus Ellen Nappy le Daniel i ndiaidh na ceolchoirme!

Sunday, July 17, 2011

Is olc an ghaoth...

Gabhfaidh sibh mo leithscéal as deoch mhaith a bheith ar bord agus an nóta seo a scríobh agam. Cúis mo leithscéil ar ndóigh ná an bua mór a bhí againn thar Chondae Londain-Dhoire Cholm Cille inniu!
Ba rud níos speisialta dúinn uilig í an drochaimisir, rud a choinnigh an dara scaifte scoláirí ar tír mór agus a d'fhág lá breise saoire dúinne istigh anseo ar an oileán. Bhí na scoláirí le theacht ar bhád a 4 ach de thairbhe na gaoithe aniar aduaidh inniu, socraíodh aréir ar dhara chúrsa na coláiste Gaeilge a chur ar athló go dtí amárach, rud a d'fhág cuid bean tí, múinteoirí agus eile amuigh sa teach tábhairne ag ceiliúadh Corn an Anglo-Celt a bheith tugtha chun an bhaile againn arís!
Tá bean an tí seo againne amuigh go fóill agus ní fios cén uair a fheicfidh sí an baile, ach tá mise sásta anseo cois tine, mo sháith féin ólta agam agus páiste amháin sa leabaidh cheana féin. Ní minic a fhaighimid lá saor gan choinne agus bua ollmhór sa pheil ... cá bhfuil an uisce beatha!?!

Thursday, June 23, 2011

Tine na Féile Eoin

Tá an tír ón Phort Nua go Gaoth Dobhair breac le tinte anocht, Oíche Fhéile Eoin. Ní raibh muid féin díomhaoin tráthnóna. Thóg mé féin agus mo ghasúr beag Dan tine chnámh in onóir na féile. Bhí Mamaí agus na girseachaí istigh sa teach ag déanamh réidh fá choinne scoláirí Gaeilge a bheas ag teacht chugainn amárach agus thit sé ormsa agus ar Dan glanadh taobh amuigh. D'fhóir sé go maith dúinn leithscéal na féile a bheith againn le cuid mhór den bhruscair a bhí thart taobh amuigh den teach a bhruith!


An tine lasta taobh amuigh de theach s'againne tráthnóna.

Wednesday, June 15, 2011

An leabhar is a luach!

Tharla mé i siopa leabhar i Leitir Ceanainn an lá faoi dheireadh, mé ag brabhsáil liom gan rud ar bith mór ar m'intinn.
Is maith liom cuairt a thabhairt ar shiopaí leabhar. Caitheamh aimsire ar dóigh atá ann. Is breá liom a bheith ag méarú fríd leabhair den uile chineál. Corruair tagaim abhaile agus beart beag liom, uaireanta eile fágaim agus mo dhá lámh chomh fada lena chéile.
Ar scor ar bith, bhí mé i mbun brabhsála cóngarach don chuntar nuair a chuala mé bean óg ag fiafraí d'fhear an scipéid an raibh leabhair Ghaeilge do pháistí aige. I mBéarla a chuir sí an cheist agus ba i mBéarla a freagraíodh í.
"I'm sorry, we don't. They're too expensive to keep in stock!"
Anois, bhí an fear sásta cibé rud a bhí uaithi a ordú, ach creidim nach raibh a fhios aici go díreach cad a bhí uaithi, go raibh sí ag iarraidh breathnú fríd réimse leabhar éagsúil agus ceann nó dhó a roghnú a d'fhóirfeadh do pháiste s'aici féin.
Chuir mé suim sa chomhrá beag seo. An é i ndáiríre go bhfuil praghas leabhair Ghaeilge ró-ard? Is dócha go bhfuil má tá siad ar na seilfeanna agat ar feadh míonna agus gan aon duine á gceannach.
Tá argóint ann atá cloiste agam go minic gur chóir d'ábhar i nGaeilge a bheith ar ardchaighdéan agus ar chomhchaighdéan lena bhfuil ar fáil i mBéarla agus gur chóir don phraghas a bheith tomhaiste dá réir. Más maith linn go mbeadh meas ag an phobal léitheoireachta ar leabhair Ghaeilge, caithfidh na foilsitheoirí iad féin luach ard a chur orthu.
Ar an lámh eile, seans go gceannófaí níos mó leabhair - leabhair do pháistí ach go háirithe - dá mbeadh siad ar fáil ag phraghas íseal. Déantar sin le leabhair Bhéarla go minic, iad sin atá imithe ón liosta sárdhíola nó atá i gcló le fada.
Níl fhios agam! Níl ann ach go dtéann mo chroí amach don bhean udaí ar mhaith léi an seans a bheith ag a páiste leabhar a léamh as Gaeilge ach nach bhfuair an fhaill sin i mbaile Leitir Ceanainn!

Thursday, June 9, 2011

Colm Cille na Féile


Is ar Naomh Cholm Cille atá mo chuid smaointe anocht. Téann mo chroí amach do Cholm bocht. Níl neach in Éirinn nach gcuimhníonn ar Phádraig ar an 17 Márta, tá go leor againn go fóill a bhfuil meas againn ar Bhríd agus nach ligeann 31 Eanáir/1 Feabhra tharainn gan crosóg a dhéanamh ná bratach a chaitheamh, ach cé a chuimhníonn gur seo, an 9 Meitheamh, Lá Fhéile Cholm Cille?
Duine fíorshuimiúil a bhí i gColm - suimiúil ó thaobh na staire agus ó thaobh na miotaseolaíochta de. Níl aon dabht ann ach go raibh sé ar dhuine de na carachtair ba thábhachtaí i stair na luathChríostaíochta sa tír seo agus sa Bhreatain, polaiteoir a bhí ann fosta, baint aige le polaitíocht na hEaglaise agus leis an pholaitíocht shaolta, bhain scannal lena shaol, díbríodh as an tír é, ba bhall sinsireach de theaghlach ríoga é, bhí cáil na tairngreachta agus míorúiltí air, lean na céadta agus na mílte a shampla... agus níos tábhachtaí ná a dhath ar bith eile, ba Chonallach é! (...an mbeadh an téarma 'Tír Chonaill' intuigthe ag an am inar mhair sé? Roinnt taighde le déanamh agam!)
Ar scor ar bith, bhí suim agam i gColm le tamall maith de bhlianta. Ba mhinic mé ar cuairt i nGartán, an áit a rugadh é. Tá fothraigh a sheantí fós le feiceáil ann, mainistir, cros ard agus ar ndóigh tá clú ar chréafóg Ghartáin, atá inchurtha le créafóg Thoraí ó thaobh chumhachtaí cosanta de. Tá scéalta faoi Cholm Cille i ngach aon chearn den chondae seo, agus creidim féin (cé nach raibh mé díomhaoin go leor ariamh lena gcuntas) go bhfuil níos mó lochanna sa chondae seo a bhfuil an t-ainm 'Loch Colm' orthu ná ainm ar bith eile.
Thug mé cuairt ghairid ar Oileán Í cúpla bliain ó shin agus tá sé go mór i m'intinn cuairt níos faide a thabhairt air am inteacht i rith mhíonna an tsamhraidh seo romhainn. Turas taighde a bheas ann níos mó ná rud ar bith eile, mar tá scéal i m'intinn agus sílim go mbeidh Colm Cille mar dhuine de na carachtair ann. Is doiligh smaoineamh ar charachtar níos suimiúla fá choinne úrscéil - tá féidearthachtaí millteanacha ag baint leis!

Ar scor ar bith, bainigí sult as a bhfuil fágtha den lá. Cé gurb í an Mháthair Naofa Frances Cabrini naomhphatrún na nImirceach, creidim nach ndéanfadh paidir do Naomh Colm dochar ar bith do na mílte Éireannach atá i ndiaidh a gcuid seoltaí a ardú le cúpla bliain anuas. Smaoiním ar an chumha a bhí ar an naomh agus é ag fágáil na tíre é féin:

Mo radharc tar sal sínim
do chlár na ndarach ndighainn;
mor dér mo ruise glais glemhoill
mar feghaim tar mh'ais Erind.

Fuil suil nglais
fechus Erinn tar a hais;
is ní faicfe sí ré a lá
fir Erend naid a mná.

Mo shúile thar sáile sínim
ó cláraí darach mo bháid;
mór na deora ó mo shúil liath
is mé ag amharc ar ais ar Éirinn.

súil liath
a fhéachfas ar ais ar Éirinn;
lena lá ní fheicfidh sí
fir ná mná na hÉireann. (m'aistriúchán bocht gasta féin)


Sunday, June 5, 2011

Briseann an aimsir!

Bhris an aimsir inniu i ndiaidh dúinn sult as bhaint as cúpla lá galánta anseo in Árainn Mhór. Chaith mé féin is na páistí tráthnóna inné ar an chaorán ag cróigeadh móna, cúpla uair a chloig pleisiúrtha cé gur phill na tachráin chun an bhaile agus iad dubh ó bhun go barr ag clábar an phortaigh.
Bhain Margaret bheag gáire as bunadh an tí ar maidin. D'oscail sí an doras le feiceáil cén cineál aimsire a bhí ann - bhí gealltanas tugtha agamsa na páistí a thabhairt chuig cluiche peile dá mbeadh soineann ann.
"Mamaí, tá an aimsir..."
Stad an cailín beag bomaite ag smaoineamh.
"Mamaí, tá drochspion ar an aimsir!"

Ní thiocfadh liom é a chur ar bhealach níos fearr mé féin!

Thursday, May 19, 2011

Cuairt ar an Leabharlann!

A, an leabharlann! Thug mé féin , Dan agus Margaret cuairt uirthi inniu. An chéad uair do na páistí a bheith istigh inti. Barney, an dineasár mór corcra, a bhí i ndiaidh an t-iomlán a insint dóibh faoi iontais thearmann na leabhar. Gheall mé dóibh go ngabhfadh muid ar cuairt agus ba inniu an lá. Chaith siad leathuair ag roghnú leabhar agus áthas an domhain orthu nuair a bronnadh carda leabharlainne an duine orthu.
Ar ndóigh 'library' an focal a thug Barney ar theach na leabhar agus bhí mé ag iarraidh an focal leabharlann a mhíniú dóibh agus muid ar an bhealach síos chuici. Tháinig muid ar bhealach deas chun an coincheap a chur in iúl i nGaeilge shimplí:

'LeabharLANN' a mhínigh mé. 'Ciallaíonn sin go bhfuil sé lán leabharthaí!'
Ciúnais ó chúl an chairr! An raibh seo an obair, a mheabhraigh mé.
'BiaLANN, sin teach lán....?'
'Bia!' a d'fhreagair Margaret, an coincheap sealbhaithe aici.
'PictiúrLANN?'
'Teach lán pictiúirí,' a d'fhreagair mo bhean bheag.
'OtharLANN?'
'Lán othar!'

Girseach bheag ghasta atá i Margaret agus ní raibh iontas orm gur thuig sí ach bhí Dan ciúin i rith an ama. Ní maith liom brú a chur air mar tuigim go maith go bhfuil sé bliain níos óige ná a dheirfiúr agus go mbíonn gasúraí níos moille ag sealbhú eolais den chineál, ach níor ghá domh aon imní a bheith orm.
I ndiaidh bomaite nó dhó dúirt sé.
'Daidí, an mbíonn CATLANN lán piscíní?'

Saturday, April 30, 2011

Tá tír mór le thine!


An t-am sin den bhliain. Ní raibh fearthainn mar is ceart againn anseo le breis agus coicís agus tá achan seort briosc tirim. Bhí mé féin ar an chaorán inniu ag amharc ar na bachtaí agus eagla mo chraicinn orm toitín a lasadh ar eagla go gcuirfeadh drithleog uaidh tús le tine.
Is cosúil nach raibh duine inteacht ar tír mór chomh faichilleach céanna, óir tá an cnoc beag i gcomharsantacht Thráigh Éanna faoi bhladhm.
Is trua liom nach bhfuil ceamara níos fearr agam... (Breithlá ag teacht aníos gan mhoill Suzanne...hint hint!) ach seo mar a chonaic mo sheancheamara í tamall beag ó shin !



Saturday, April 23, 2011

An Traonach ar ais!

B'éigean domh mo chuid focal a ithe inniu. Thíos ar Thráigh Athphoirt a bhí muid inniu leis na páistí ag cruinniú sligeán nuair a chuala muid é chomh maith is a chluinfeadh neach ar bith beo. An traonach ag grágáil leis sa pháirc thuas uainn.
Ceacht amháin gur chóír a bheith foghlamtha agam i bhfad roimhe seo, nuair a deir do bhean chéile rud leat, ní chóir amhras a chaitheamh uirthi. Is aici a bhíonn an ceart nach mór an t-am ar fad.

Cáisc shona daoibh go léir!

Friday, April 22, 2011

Ólfaimid sláinte na n-éanlaith!

An chuach cloiste againn inné den chéad uair. Tá an samhradh ag teacht ar chosa in airde! Deir mo bhean mhaith gur chuala sí an traonach aréir, ach tá mé in amhras. Cinnte le Dia, tá sé ró-luath do Crex Crex a bheith thart...

Tuesday, April 19, 2011

Ag tabhairt faoi Bhod an Diabhail!





Tháinig mé ar an fhíseán seo an lá faoi dheireadh. Dreapadóir as Albain ag tabhairt faoi thor darbh ainm Bod an Diabhail ar chúl Áranna. Tá caighdeán na scannánaíochta an-mhaith ach bíodh ar d'airdeall, tháinig veirtige ormsa agus mé á choimhéad.

Friday, April 15, 2011

Ó bhéal na n-óg...

Ar Chlár Mhuigh Eo a bhíos le seachtain ag reachtáil scrúduithe béil don Ardteist. Bhí an oiread sin pleananna agam na tráthnóntaí fada óstáin gan pháistí a chaitheamh i mbun pinn ach monuar, is beag a rinne mé.
Ar scor ar bith beidh mé ag tabhairt aghaidh ó thuaidh arís amárach agus is breá sásta a bheas mé mo mhuirín a fheiceáil an athuair. Ní raibh mé scartha uathu chomh fada seo ariamh aroimhe agus beidh lúchair orm a bheith sa bhaile arís.
Bhain mé sult as mo chuairt ar an chondae stairiúil seo. Ní bhfuair mé faill mórán cuartaíochta a dhéanamh ach tharla mé i ngiorracht Achadh Céide inniu agus stop mé ann tamall ag déanamh mo mhachnamh ar an tsíoraíocht.
Sin ráite, ní ar Achaidh Chéide atá mo smaointí anocht. Tá mé ag dul a luí le gáire fonnmhar ar mo bhéal ag smaointiú ar an leaid óg atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an 'tarbheolaíocht' ar an choláiste, ar an ghirseach bhocht a bhfuil 'trí chapall uirthi', ar an ghasúr a bhfuil deartháir óg aige atá 'trí chéad bliana d'aois' agus ar an chailín sin atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar 'Francie' - cibé fear ádhúil é sin!
Á, an scrúdú béil... cá bhfaighfeá a mhacasamhail?

Tuesday, April 5, 2011

Scannal an tSúmó!


Agus síleann tú nach dtiocfadh le rudaí a bheith níos measa sa Domhan agus sa tSeapáin ach go háirithe. Bhris scannal mór i ndomhan an tSúmó inné.
Bhí dúil agam riamh anall in iomrascáil Súmó. Ba ghnách liom babhtaí beag a eagrú ar an trá in Árainn Mhór do scoláirí Gaeilge. Is maith liom an stair agus na deasghnátha a théann leis mar spórt. Bhí uaisleacht áirithe ag baint leis. Ach anois tá croitheadh beag eile bainte de na cinnteachtaí a bhain le mo dhearcadh saoil. An bhfuil onóir ná uaisleacht ar bith fágtha sa tsaol....

Wednesday, March 30, 2011

Laethanta na bó riabhaí

Bhí mé ag déanamh go raibh siad ar an bhealach inné, maidin inniu bhí mé cinnte de. Aimsir fhuar gaofar. Fearthainn aréir. Tá na 'riabhaigh' linn.
Tá drochaimsir geallta don tseachtain seo mar a bheifeá ag dréim leis.

Nach iontach an t-eolas aimsire a bhí ag daoine fadó. Is trua go bhfuil sé ceilte orainn sa lá atá inniu ann!

Monday, March 28, 2011

Ag dul chuig an dioscó!

Thuas sa lochta a bhí mé tráthnóna nuair a thig Margaret aníos an staighre i mo dhiaidh. Mhothaigh mé ag caint fúmsa í. Anuas liom agus siúd í ag caint ar an ghuthán póca (bréagán, ar ndóigh). Comhrá iomlán ar siúl aige le cara dá cuid ón chréche.
"Hi Maggie," arsa mise.
"Shush, Daidí." Lean sí uirthi ag caint le Shannon ar an fón.
Nuair a bhí an comhrá thart, thiontaigh sí chugam arís gur inis sí domh go neamhbhalbh.
"Tá mise ag dul amach anocht!"
"An bhfuil? C'áit?"
"Chuig an dioscó."
"Ó?"
"Tá mise agus Shannon ag dul."
Fágadh mé leis an imprisean nach mbeadh aon chur ina héadan. Ní ag iarraidh cead a bhí sí, go díreach de mo chur ar an eolas mar chúirtéis!

Níl sí ach ceithre bliana d'aois, ag Dia atá fhos cad iad na deacrachtaí a bheidh romham nuair a bheidh an 14 slánaithe aici!!!


Ar ábhar eile... nach saoithiúil an teanga seo againne. B'éigean domh stró a chur orm féin ag cuartú litriú an fhocail 'lochta'. Focal nár scríobh mé riamh is cosúil, mar le bheith fírinneach, dá bhfeicfinn LOCHTA scríofa ní aithneoinn é. LAUW-TA a bhí againne riamh anall ar 'attic' an Bhéarla. Is trua liom an deighilt idir an focal scríofa agus an focal labhartha.
Bhí an deacracht chéanna agam leis an fhocal PLANSNÓG ar na mallaibh. 'Heatherberry' an Béarla atá ag muintir na háite air. Bhí mé ag iarraidh an focal a úsáid i ndán a bhí á scríobh agam, ach an tseandeacracht chéanna, cén dóigh lena litriú i gceart. Fuair mé é sa deireadh BLAINSNEOG. De réir FGB, 'bogberry' atá air i mBéarla.

Friday, March 25, 2011

Drámaí agus Drámatacht!

Bhí mé féin agus mo bhean mhaith ag amharc ar an bhocsa sa choirnéal anocht, na páistí curtha a luí, dearmad nach mór déanta againn den agó a bhí ag an doras ní ba luaithe ag iarraidh leagan Gaeilge d'fhoirm an daonáirimh a aimsiú, de theip iomlán an chuisneora aréir, den dhá fháire a d'fhreastail muid orthu inné, de thimpiste Dan sa chlós súgartha tráthnóna, de dheartháir céile san ospidéal i Leitir Ceanainn agus máthair chéile san ospidéal i nGaillimh... bhí sé deas suí thart agus bolgam a ól os comhair na teilifíse.
Bhí clár measartha maith ar siúl, dráma nua-aimseartha de chuid na sraithe 'Síol'. Bhain an bheirt againn sult as. Tháinig Conchubhar i m'intinn agus mé á choimheád. Tá sé le maíomh aige le tamall anuas go bhfuil feabhas mór i ndiaidh teacht ar chúrsaí drámaíochta ar TG4 agus is dócha go bhfuil an ceart aige (Na Cloigne, Corp + Anam, Síol...). Tá neart scéalta maithe corraitheacha curtha amach le tamall anuas agus bhí ceann acu le feiceáil ar an TV anocht.
Ansin gan choinne, tháinig cotadh orm, siúd mar a bheadh máistir scoile crosta ann a amharcann go mífhoighneach ar dhalta nach bhfuil a chuid obair bhaile déanta aige, shamhlaigh mé Conchubhar ag croitheadh méir orm as an neamart atá déanta agam ar an bhlag seo le mí anuas... bhál, ní raibh sé díreach chomh drámatúil sin, ach os rud é go bhfuil me ag trácht ar chúrsaí drámaíochta, maitear domh an áibhéil bheag.
Ar scor ar bith, bíodh go bhfuil feabhas ar chúrsaí dráma ar na haerthonnta, tá mé féin agus mo bhean mhaith ar aon intinn go bhfuil locht mór amháin ar na cláir seo ar fad - tá na haisteoirí céanna i ngach aon cheann acu. Na haghaidheanna ceannan céanna le feiceáil arís is arís eile ar Ros na Rún, Na Cloigne, Corp + Anam, Síol... An é go bhfuil ganntanas aisteoirí againn sa tír seo? An é go bhfuil ciorcal beag ann, siopa druidte, mar a déarfadh fear an tSacs-Bhéarla, is nach roghnaítear aisteoirí as taobh amuigh den chiorcal sin? An é nach bhfuil Gaeilge ag mórchuid aisteoirí Bhanbha?
Ní bhaineann an fhadhb seo le drámaí Chonamara amháin, bhí an scéal amhlaidh i C U Burn, Gleann Ceo agus FFC a bhain a bheag ná a mhór le Tír Chonaill ghlas na n-eas glan! An bhfuil aon seans ann, an chéad uair eile a bheas clár á choimisiniú ag na húdaráis chraoltóireachta, go ndéanfadh siad iarracht beag aghaidheanna nua a chur os ár gcomhair - ar mhaithe leis an éagsúlacht go díreach. Corruair bím den tuairim go bhfuil neamhord ilphearsantachtaí ar Mhacdara Ó Fáthartha tá an oiread sin persona léirithe aige ar an scáileán le cúpla bliain anuas. Cuireann an oiread sin carachtar, uilig leis an aghaidh chéanna, mearbhall orm. Agus ní hé is measa!

Seo mé anois ag tarraingt ar an leabaidh. Muid ag imeacht ar béal maidine, bus lán scoláirí linn soir an bealach go hArd Mhacha ionsar Fhéile Scoldrámaíochta Chúige Uladh. Dhá dhráma a bheas ar an ardán againn amárach. Más maith le ceannasaí TG4 scairt a chur orm oíche amárach, bhéarfaidh mé liosta fada daoine óga - aghaidheanna úra - dó as achan chearn i Leath Choinn, a bheadh iontach go deo mar aisteoirí sa chéad tionscnamh eile atá beartaithe ag an chraoltóir!

Friday, February 25, 2011

Bolgam Aintí Mary!

Is minic a chrochfaidh páistí thú!

Bhí muid uilig inár suí ag an tabla ag am dinnéara inniu. Tá nós agam féin cupa tae a ól agus is maith le Suzanne, mo bhean mhaith, caife a ól nuair a bhíonn an dinnéar caite. Is maith le Margaret agus Dan tae a ól, ach dá bhfaighfeadh sé an seans d'ólfadh Dan beag a sháith den chaife. Ar ndóigh, níl cead aige.
Bhí sé ag ceistiú riail seo an chaife tráthnóna.
"Ach ólann Mamaí caife."
"Ólann, ach tá Mamaí mór."
"An ólann girseachaí caife agus ólann gasúraí tae?"
"Mmm... bhuel cuid den am... "

Lean muid orainn ag míniú dó faoina daoine uilig a bhfuil aithne aige orthu a ólann tae.
"Caidé ólann Daidí?"
"Tae!"
"Caidé ólann Nana?"
"Tae!"
"Caidé ólann Uncail John?"
"Tae!" etc etc.
"Caidé ólann Aintí Mary?"
"Fíon!" a d'fhreagair an gasúr beag.

Ní mó ná sásta a bhí Aintí Mary nuair a fuair sí an scéal!

Wednesday, February 23, 2011

Manaplacht!


Shíl mé go mbainfeadh Dualtach spraoi as seo! Tá neart ama idir seo agus an Nollaig lena chur ar an mhargadh, cé go mbeidh leagan Fine-Gaelach / Lucht Oibreach de dhíth faoin am sin... is dócha!

Vóta a chaitheamh!

Sin é! Tá an vóta caite agam. An ndéanfaidh sé difear ar bith? Beag an seans!

An rud is fearr liom faoi lá na vótaí, ná bualadh le daoine eile ag an ionad vótála. Bíonn cineál de spion maith ar dhaoine, fonn cainte orthu, rud beag seanbhladar agus greann. Is maith liom próiséas na vótála, an páipéar a fháil i mo lámh, dul chuig an bhothán, na huimhreacha a scríobh. Tugaim uimhir do gach aon iarrathóir. An páipéar a fhilleadh agus a shá isteach sa bhocsa miotail. Is maith liom na deasghnátha a ghabhann leis mar vótáil.
Ní raibh mórán polaiteoirí taobh amuigh den ionad vótála ar maidin - ró-ghnoitheach ar tír mór, creidim, ach bhí na ceamaraí teilifíse ann. Rug bean TG4 greim orm is mé ar mo bhealach amach. Chuir sí ceisteanna orm i mBéarla agus i nGaeilge. Ní maith liom a bheith ag caint ar an teilifís mar sin, ag smaoineamh ar mo chosa. Tá rud beag cleachtadh agam ar thuairimí a chur in iúl trí mheán na scríbhneoireachta, ach aon uair a scríobhaim 100 - 150 focal, caithim uair nó uair go leith ag smaoineamh faoi, ag déanamh cinnte de go gcuirim mo thuairim in iúl go beacht snasta. Ní bhíonn an deis agat é sin a dhéanamh os comhair ceamara. Tá súil agam nach bhfuil ceap magaidh déanta agam díom féin! Ach arís, má tá, níorbh é sin an chéad uair domh a leithéid a dhéanamh!

Nihil sub sole novum!

Tá mé i mo shuí cois tine i ndiaidh lá measartha gnoitheach. Cé go raibh mé ar mo bhonnaí ó mhaidin, rinne mé pointe de an teilifís a chur ar siúl do dhíospóireacht na gceannairí. Cé nach bhfuil mórán dúile agam sa daonlathas, is breá liom an pholaitíocht a choimhéad mar chaitheamh aimsire. Bím ag amharc uirthi trí shúile an staraí, i gcónaí ag iarraidh í a chur i gcomhthéacs gach a chuaigh roimhe seo agus ag iarraidh anailís a dhéanamh ar mar a sheasann rudaí inniu. De réir mar a théann na blianta ar aghaidh áfach, tuigim gur fíorbheagán athrú a thig ar chúrsaí an tsaoil bhig seo!
Bhí mé ag déanamh go mbeadh an toghchán seo fíor-spéisiúil, go dtiocfadh smaointí agus aghaidheanna úra réabhlóideacha amach as, ach caithfidh mé a rá nár shíl mé mórán den fheachtas. Ní raibh a dhath ann a spreagfadh duine le hamharc ar an tsaol trí shúile úra. Fíorbheagán físe léirithe ag na polaiteoirí! Níor spreag aon duine acu mé le vóta a chaitheamh ar a s(h)on. Ar an drochuair, níor chuidigh clár na hoíche anocht liom m'intinn a shocrú. Tá vóta le caitheamh agam amárach agus fós féin, níl a fhios agam cé a gheobhaidh an uimhir mhór nó an uimhir bheag uaim.
Bhí cúpla ceist náisiúnta agus cúpla ceist loganta ag dó na geirbe orm le tamall agus bhí mé ag fanacht le cuairt nó dhó ó dhuine nó beirt den aos polaitiúil teacht chuig mo dhoras le go gcuirfinn faoina mbráid iad. Níor tháinig aon duine i mo chomhair, cé go dtáinig cúpla bróiséar ildaite frid an bhocsa poist! Ar eagla na míthuigbheála, ní ag cuartú gair, gealltanas ná freagraí a bhím ó na polaiteoirí. Cuirim ceisteanna orthu le tomhais cén sórt daoine iad, cé chomh cliste is atá siad, cé chomh maith is atá siad ábalta a n-argóintí a chur trasna, cén sórt paisean a léiríonn siad. Tharla sé uair nó dhó go dtug mé vóta do dhuine - nach raibh aon mheas agam ar a chuid polasaithe ná ar a pháirtí - bunaithe ar an chomhrá a bhí agam leis ar an tairseach! Sin an rud a bhí in easnamh le mí anuas. Domhsa, bhí na díospóireachtaí leadránach, na ceannairí ró-shnasta ag comhairleoirí poiblíochta etc etc.
Bhí nós agam fad ó shin, vóta a chaitheamh i dtreo an duine nach raibh seans ar bith aige a bheith tofa. Seans go ndéanfaidh mé amhlaidh arís amárach!

Polaitíocht an Mheánoirthir agus na hAfraice faoi láthair - anois sin ábhar a thugann cúis mhachnaimh don staraí ionam. Cuireann sé 1848 i gcuimhne domh!

Tuesday, February 15, 2011

Luchógaí Shráid Downing!

Is cosúil go bhfuil fadhb acu i Sráid Downing le luchógaí móra.



Tá sé ar intinn agam mála beag de chréafóg Thoraí a sheoladh chuig Daithí Ó Camarúin agus a chuideachta. Is iontach an stuif uilig é!
Fuair mise mo mhála thart ar 10 mbliana ó shin ó Phádraig Ó Dúchaoin ar Oileán Thoraí. De réir an tseanchais, leag Colm Cille cúram ar mhuintir Uí Dhúchaoin créafóg a thógáil ón tseanmhainistir ar an oileán agus é a roinnt ar cibé duine a thiocfadh á iarraidh. Bhí duine amháin de mhuintir Uí Dhúchaoin ó shin i leith a raibh sé de chúram aige an obair sin a dhéanamh.
Coinníonn sé luchógaí móra ar shiúl. Leag mise é ar an bhunsráith sa teach atá againn i Leitir Ceanainn nuair a bhí sé á thógáil agus rinne mé amhlaidh bliain nó dhó ó shin in Árainn Mhór nuair a bhí an teach sin á thógáil. Ní raibh fadhb againn riamh leis na luchógaí.
Níl fhios agam cén fháilte a bheadh ag MI5 leis? Seans go mbeidh siad ag caitheamh amhrais ar an chréafóg dhubh a rá gur ó sceimhlitheoirí nó antoiscigh a tháinig sé. Bíodh acu. Mar a dúirt Ó Dúchaoin liom nuair a thóg sé mé chuig an mhainistir leis an chréafóg a thógáil. 'Muna bhfuil creideamh taobh thiar de, ní oibreoidh sé!'
Sin ráite, seans go bhfuil creideamh níos láidre acu fá Shráid Downing na laetha seo ná mar atá ar Oileán na Naomh!

Wednesday, February 2, 2011

Jóc salach!

Bhí Cití i ndiaidh a bheith amuigh ag siúl ó mhaidin. Í costarnocht, rinne sí a bealach ó Ghaoth Dobhair go hAonach an Chlocháin Léith beart stocaí ar a droim léi le díol, í ag spágáil fríd an tsneachta i rith an lae. Bhí sé doiligh beatha a thabhairt i dtír na laethanta sin ach ní raibh a athrach saoil ann do mhná na háite.
Bhí sé ag dul ó sholas nuair a phill sí ar an bhaile agus cé casadh uirthi amuigh ag beathú na gcearc ach Peigí.
"Áiriú, a Chití, tá tú conáilte. Come in an' warm yir feet."
"Maise, 'Pheigí, ní mo phit atá ag cur isteach orm ar chor ar bith ach mo chosa!"

Boom boom!

Tuesday, February 1, 2011

Bratach Bhríde Orainn!

Bhí oíche phléisiúrtha againn anocht. Chruinnigh na comharsana isteach agus rinne muid na crosóga. Tá an oíche seo ar cheann de na hoícheanta is fearr liom sa bhliain. Bhí na páistí ag cur suime i ndéanamh na gcrosóg anocht den chéad uair, iad mór go leor leis na feagacha a lúbadh. Ceann ciotach déanta ag Margaret agus ceann a raibh tarrtháil mhór de dhíth air déanta ag Dan.
Ar ndóigh cuid den oíche i dtigh s'againne is é an comhrá agus airnéal, rud a d'fhág na páistí mall ag dul a luí. Óladh cúpla deoch agus, cé nach ndearna muid brúitín ar bith i mbliana, itheadh ár sáith.
Tá an tEarrach linn a chairde, agus beidh na laethanta ag dul chun síneadh. Bhí mé ag éisteacht le daoine ag caint faoi choiscéimeanna coiligh le cúpla seachtain anuas, beidh siad le feiceáil i gceart feasta!
Tá na crosóga crochta, an bhratach fágtha amuigh agus é in am soip, ach fágfaidh mé sibh le paidir na féile:
"Gabhaigí ar bhur nglúine,
fosclaigí bhur súile
agus ligigí isteach Bríd bheannaithe!"

Monday, January 31, 2011

Focal úr

Ag caint domh le máthair mo chéile inniu, tharla focal úr domhsa sa chomhrá. Chaith mé tamall maith den tráthnóna ag iarraidh teacht ar an dóigh cheart lena litriú.
"éadach DACHALLACH" a bhí aici. An míniú a bhí aici air ná éadach a bhí dorcha- donn, dubh corcra etc. Chaithfeá éadach geal sa tsamhradh ach éadach "dachallach" a chaithfeá sa gheimhreadh.
An focal is gaire den chiall atá aimsithe agam go dtí seo ná "dócúlach". Uncomfortable, painful, distressing (FGB) Is minic an fhuaim 'a' ag 'o' i gcanúint s'againne. Barúil ar bith ag aon saineolaí amuigh ansin?

Friday, January 28, 2011

Bean an líne!

Níor mhaith liom cur isteach ar mo chara Áine, ach shíl mé go mbainfeadh sí gáire iorónach as an phictiúr seo a chur cara de mo chuid chugam inné.
Chuir sé mé ag smaoineamh. Cibé rud faoin drochmheas a léiríodh ar an bhean óg seo ar Sky, tá an scéal anois ag déanamh a bhealaigh thart ar an ghréasán domhanda agus pictiúir mar seo (agus níos measa) á seoladh ar fud na háite. An fiú i ndáiríre gearán a dhéanamh faoi aineolas/beageolas/claoneolas daoine, nuair nach mbíonn de thoradh air ach tuilleadh díspeagadh agus masla!

Monday, January 24, 2011

"Daidí, ní maith liom tusa!"

Nach iontach mar a úsáidtear an grá mar uirlis cogaidh. Tá leaid beag agam sa bhaile atá ag foghlaim cén dóigh le dúmhál mothúchánach a imirt orm.
Bhí milseáin á lorg aige inniu ach dhiúltaigh mé iad a thabhairt dó. D'iarr sé an dara huair, achan 'le do thoil' agus impí uaidh. Dhiúltaigh mé arís ag míniú dó go mbeadh an dinnéar ann gan mhoill agus dá mbeadh sé ina ghasúr mhaith go mb'fhéidir go bhfaigheadh sé rud inteacht ansin.
"Ach Daidí, mise do ghasúr!", cuma an bhróin ar a aghaidh bheag.
D'fhéadfainn géilleadh ag an phointe sin ach sheas mé an fód. D'athraigh sé tactaicí ansin go tobann agus chuir sé pus air féin.
"Daidí, ní maith liom tusa!"

Nuair a bhí an dinnéar ite, fuair na girseachaí cúpla milseán. Tháinig Dan ag lorg a choda.
"Daidí, is maith liom tú anois!"

Fuair sé a mhilseáin!

Sunday, January 23, 2011

Wedgies, Purple Nurples & Noogies!

Tá mé den bharúil le tamall maith go bhfuil easpa tábhachtach i bhfoclóireacht na Gaeilge, béarlagar na n-óg!
Focal coitianta ar nós 'cool', tugtar 'faiseanta' nó 'seolta' mar rogha ar focal.ie. Ní dóigh liom féin go bhfuil ciall an fhocail mar atá sé ag an aos óg tagtha slán le ceachtar den dá rogha. Taobh amuigh den fhocal sin, is beag focal eile den tsórt a bheadh i ngnáthúsáid ag ógánaigh atá ar fáil in aon bhailiúchán focal Gaeilge.
Mo thuairim féin ná gur chóir na focail seo a uchtú, a ghaelú rud beag b'fhéidir nó iad a fhágáil i gcruth Bhéarla agus stádas 'iasachta' a bhronnadh orthu. Tá sé tábhachtach a leithéid a dhéanamh. Bím ag scríobh agus ag aistriú go minic agus ba mhaith liom a bheith in ann iad a úsáid, ach drogall orm iad a dhéanamh de bharr an easpa stádais atá acu sa teanga. Is gá don scríbhneoir iad a chur i gcló iodálach, le taispeáint don léitheoir gur iasacht atá ann, leithéidí: "Thug sé wedgie do Mhicí..."
Muna bhfuil an téarma againn i nGaeilge ghlan, ba chóir an téarma a uchtú díreach ón Bhéarla ach stádas a bheith tugtha dó san fhoclóir. Feicimse nach bhfuil fadhb mhór ag lucht foclóra i dtíortha eile a leithéid d'iasachtaí a bheith aitheanta sa teanga scríofa. Tá an iliomad sampla de sa Bhéarla. Tá sé ag tarlú sa ghnáthchaint cé bith, tá sé tábhachtach an treocht a bheith aitheanta sna foclóirí fosta!
Tharla gur iarradh orm Gaeilge a chur ar chúpla ceann acu ar na mallaibh: wedgie, purple nurple agus noogie. Tarraingt fobhríste, casadh cíche agus núgaí a thug mé orthu (cé go raibh fonn orm wedgie a fhágáil sa Bhéarla!) Bheadh suim agam a fháil amach an mbeadh moltaí níos fearr ag éinne!