
Is ar Naomh Cholm Cille atá mo chuid smaointe anocht. Téann mo chroí amach do Cholm bocht. Níl neach in Éirinn nach gcuimhníonn ar Phádraig ar an 17 Márta, tá go leor againn go fóill a bhfuil meas againn ar Bhríd agus nach ligeann 31 Eanáir/1 Feabhra tharainn gan crosóg a dhéanamh ná bratach a chaitheamh, ach cé a chuimhníonn gur seo, an 9 Meitheamh, Lá Fhéile Cholm Cille?
Duine fíorshuimiúil a bhí i gColm - suimiúil ó thaobh na staire agus ó thaobh na miotaseolaíochta de. Níl aon dabht ann ach go raibh sé ar dhuine de na carachtair ba thábhachtaí i stair na luathChríostaíochta sa tír seo agus sa Bhreatain, polaiteoir a bhí ann fosta, baint aige le polaitíocht na hEaglaise agus leis an pholaitíocht shaolta, bhain scannal lena shaol, díbríodh as an tír é, ba bhall sinsireach de theaghlach ríoga é, bhí cáil na tairngreachta agus míorúiltí air, lean na céadta agus na mílte a shampla... agus níos tábhachtaí ná a dhath ar bith eile, ba Chonallach é! (...an mbeadh an téarma 'Tír Chonaill' intuigthe ag an am inar mhair sé? Roinnt taighde le déanamh agam!)
Ar scor ar bith, bhí suim agam i gColm le tamall maith de bhlianta. Ba mhinic mé ar cuairt i nGartán, an áit a rugadh é. Tá fothraigh a sheantí fós le feiceáil ann, mainistir, cros ard agus ar ndóigh tá clú ar chréafóg Ghartáin, atá inchurtha le créafóg Thoraí ó thaobh chumhachtaí cosanta de. Tá scéalta faoi Cholm Cille i ngach aon chearn den chondae seo, agus creidim féin (cé nach raibh mé díomhaoin go leor ariamh lena gcuntas) go bhfuil níos mó lochanna sa chondae seo a bhfuil an t-ainm 'Loch Colm' orthu ná ainm ar bith eile.
Thug mé cuairt ghairid ar Oileán Í cúpla bliain ó shin agus tá sé go mór i m'intinn cuairt níos faide a thabhairt air am inteacht i rith mhíonna an tsamhraidh seo romhainn. Turas taighde a bheas ann níos mó ná rud ar bith eile, mar tá scéal i m'intinn agus sílim go mbeidh Colm Cille mar dhuine de na carachtair ann. Is doiligh smaoineamh ar charachtar níos suimiúla fá choinne úrscéil - tá féidearthachtaí millteanacha ag baint leis!
Ar scor ar bith, bainigí sult as a bhfuil fágtha den lá. Cé gurb í an Mháthair Naofa
Frances Cabrini naomhphatrún na nImirceach, creidim nach ndéanfadh paidir do Naomh Colm dochar ar bith do na mílte Éireannach atá i ndiaidh a gcuid seoltaí a ardú le cúpla bliain anuas. Smaoiním ar an chumha a bhí ar an naomh agus é ag fágáil na tíre é féin:
Mo radharc tar sal sínim
do chlár na ndarach ndighainn;
mor dér mo ruise glais glemhoill
mar feghaim tar mh'ais Erind.
Fuil suil nglais
fechus Erinn tar a hais;
is ní faicfe sí ré a lá
fir Erend naid a mná.
Mo shúile thar sáile sínim
ó cláraí darach mo bháid;
mór na deora ó mo shúil liath
is mé ag amharc ar ais ar Éirinn.
Tá súil liath
a fhéachfas ar ais ar Éirinn;
lena lá ní fheicfidh sí
fir ná mná na hÉireann. (m'aistriúchán bocht gasta féin)