Is é an ceol a mheall ar dtús mé, áfach. "Tighinn ar an mhuir a fear a phósas mi" le Capercaillie. Sin an t-amhrán a canadh ag ár mbainis nuair a bhí Suzanne ag teacht isteach sa teach pobail. Ardaíonn an físeán beag seo mo chroí agus muid ag fulaingt doineann an gheimhridh anseo i Leitir Ceanainn faoi láthair...
A Phroinsias bhí mé faoi dhraíocht ag na radharcanna, go raibh maith agat as iad a roinnt linn.
ReplyDeleteTá fáilte romhat, a John. Tá siad deas ceart go leor!
ReplyDeleteÁlainn, ba bhreá liom dul ann lá éigin amach anseo faraoir is fada ó Nua Eabhrac atá Árann Mhór……..ach cead bhrionglóide!
ReplyDelete(Is aoibhinn liom Capercaillie chomh maith, tá guth fé leith ag Karen Matheson)
M'anam, go bhfuil an aimsir go hálainn anseo i mBun Cranncha, a Phroinsias, agus gan eadrainn ach cúpla míle!
ReplyDeleteRadhairc aoibhne san fhíseán sin, a chara.
Bhí inniu agus inné go measartha maith againne fosta, a Áine. Bhí drochoíche i gceart ann an oíche roime sin, áfach, nuair a bhí mé ag scríobh.
ReplyDeleteIs baolach a bheith ag caint ar aimsir na hÉireann is dócha. Athraíonn sé chomh gasta sin!