Tuesday, July 13, 2010

Ag snámh i mo chraiceann

Inniu an chéad lá domh a bheith ag snámh san fharraige i mbliana. Is iontach liom gur ghlac sé chomh fada sin orm, go háirithe leis an aimsir mhaith a bhí againn i mbliana. An leithscéal a bhí agam ná go raibh mo chulaith uisce caillte agam. Chuaigh sé ar strae áit éigin nuair a bhí muid ag bogadh tí níos luaithe i mbliana, agus cé go ndeir mo bhean mhaith go bhfuil barúil aici cá bhfuil sé, níor aimsíodh go fóill é.
Mar sin, seo an chéad uair le thart fá 6 -7 mbliana anuas a rinne mé snámh farraige i mo chraiceann. Íosa Mhuire, ach bhí sé fuar. Tá mé ag éirí ró-bhog. Sin an aois ina mairimid is dócha. Is deas linn a bheith compordach i gcónaí.
Ar scor ar bith, d'éirigh sé níos fearr i ndiaidh tamaill bhig nó ar an laghad, d'éirigh mise cleachtaithe leis an fhuacht. Rinne sé maith mhór domh.
Tharraing mé an pictiúr deas seo den Eargail ón trá i ndiaidh na tsnámha.

4 comments:

  1. Bhuil a fhios agat cén teocht atá san fharraige ar an gcósta ansin ag an am seo bliana?

    ReplyDelete
  2. Radharc álainn, an-chosúil leis an gceann ar bharr do bhlag.

    ReplyDelete
  3. Thug mé sin faoi deara mé féin, a Áine. Shílfeá gur ar an lá céanna a tarraingíodh an dá phictiúr.
    Níl fhios agam cén teocht atá ag an fharraige anseo, a Denis.

    ReplyDelete
  4. Ghlac tú pictiúr sármhaith ansin, a Phroinsias. Ar tharraingt tú ar ceann ar bharr do bhlagsa chomh maith? Tá bua na grianghrafadóireachta ionat , a mhic!

    ReplyDelete