De réir cosúlachta chonacthas an ráth fá chósta na nEilean Siar an tseachtain seo chuaigh thart agus thug iascairí Árainn Mhór fá deara iad le lá nó dhó anuas. Tá daoine ag maíomh gurbh iad na gaotha móra agus an lán mara a thug orthu dul ró-ghar don chósta, daoine eile den tuairim go raibh cuid acu tinn is gur lean an chuid eile iad.
Bhí an scéal ar nuacht RTÉ anocht agus inné. Cé go bhfuil trua agam do neach ar bith a fhaigheann é féin i sáinn san uisce, caithfidh mé a admháil nach é radharc na n-ainmhíthe ar an trá is mó a chur isteach orm. Tá ainmhíthe caite ar an trá feicithe agam ó bhí mé i mo ghasúr agus ní haon scéal iontais domh é go dtarlaíonn a leithéid.
Is é an rud is mó a chuir isteach orm (agus seans gur duine saoithíneach go maith mé) ná an úsáid a bhain na láithreoirí nuachta as "Rutland" mar ainm don oileán.
Anois, is oileán fíor-spéisiúil é, idir Árainn Mhór agus tír mór. Go leor stair ag baint leis. Chaith Napper Tandy tamall ann ag iarraidh na daoine ann a ghríosadh chun éirí amach, bunaíodh monarcha scadán ann sna 1780í nuair nach raibh fostaíocht ar bith sa cheantar. Ag am amháin bhí sé mar chroílár na Rosann ó thaobh tábhachta agus tráchtála de.
William Burton Conyngham a ba chúis le cuid mhór den infheistíocht. Fuair a chlannsa an talamh aimsir Chromail [tá scéal fada eile le hinse ansin!] ach don chuid ba mhó tiarnaí talaimh neamhchónaithe a bhí iontu. Ba eisceacht é Burton Conyngham. Thóg sé cé, "Burton's Port", nó "Burtonport" mar a thugtar inniu air (Ailt an Chorráin, mar a thugaimse air), thóg sé sráidbhaile de thithe sraithe ar an oileán (mar a d'fheicfeá i gcathair), oifig poist, scoil, monarcha etc. Cé go raibh na rudaí seo maith ó thaobh fostaíochta de, bíonn deacrachtaí i gcónaí ann nuair a chuireann tiarnaí ró-shuim i saol a gcuid tionóntaí. Béarla amháin agus nósanna Shasana a brúdh ar na daoine. Mar bharr ar an donas, shocraigh Burton ar ainm an oileáin a athrú ó Inis Mhic an Doirn go Rutland Island, in onóir a mhórchara, an Diúc Rutland. Inniu is é an t-aon oileán sa cheantar nach bhfuil a ainm dílis féin in úsáid ina thaobh.
Le fada an lá, tá mé ag impí ar dhaoine sa bhaile Inis Mhic an Doirn a thabhairt air. Tá sé furasta i measc lucht na Gaeilge, cé go bhfuil corrdhuine ann a déarfadh "Tá mé a ghabháil amach go Rutland" agus a leithéid. Tá sé cóir a bheith dodhéanta iarraidh ar lucht an Bhéarla an t-ainm ceart a úsáid.
Ar scor ar bith, sin mo racht curth a díom tráthnóna. Is maith go bhfuil an blag beag seo agam. Teiripe atá ann a bheith ábalta na rudaí seo a chaitheamh díot. Tá mo bhean mhaith féin tuirseach de bheith ag éisteacht liom ag raimseáil mar seo.
Ar scor ar bith, mar phaidir roimh dhul a luí: Go raibh codladh sámh ag na míola, go raibh béile breá ag na faoileoga is go raibh daorghalar ar lucht úsáidte an ainm Rutland!
N'fheadar an é an ainm Gallda a chuir na Míola ar strae?
ReplyDeleteTuigim duit. Thugas suntas dó gur "Brian Ó Domhnaill" a luadh ar RTÉ mar iarrthóir FF sa fothoghchán - ainneoin gurbh faoi "Brian O'Donnell" a labhair an Taoiseach.
Níl aon polasaí soiléir in úsáid ainmneacha Gaeilge ar RTÉ, cé go bhfeictear mioscais ann dom uaireanta. "An Daingean" a thugadh siad (as Béarla) ar an Daingean nuair ba threise an raic: ach ainm Ghallda a thugtaí d'aon bhaile Gaeltachta eile; Casla, abair.
ainm Ghallda a thugtaí d'aon bhaile Gaeltachta eile; Casla, abair
ReplyDeleteNí raibh a fhios agam go raibh ainm Gallda air.
"Costello" a bhí i gceist agam. Is dócha go bhfuil an cheart agat, ní ainm iomlán neamhspleách atá ann; fearacht abair Smerwick/Ard na Caithne
ReplyDeleteAontaím leat maidir leis an ainm gaelach.
ReplyDeleteCaithfidh mé a admháil, áfach, nár bhaineas riamh úsáíd as "Rath Luirc", mar shampla, ar an ábhar go ndeireadh mo athair riamh "Charleville".