Thursday, December 16, 2010

Teachtaireacht ó Dhaidí na Nollag

Smaoineamh daoibh don Nollaig. Má tá páistí beaga agaibh sa bhaile atá ag fanacht go crua ar Santaí, tá seirbhís saor in aisce ag PNP (Portable North Pole) atá maith. Líonann tú isteach sonraí an pháiste agus faigheann siad ríomhphost agus teachtaireacht dheas ó Fhear na Feasóige. Fuair an triúr sa teach seo teachtaireachtaí ón Mhol Thuaidh inné agus bhí siad an-sásta go deo leo.
Ar an drochuair níl siad ar fáil i nGaeilge, ach fós féin is fiú é!

Seo an teachtaireacht a fuair Dan s'againne!

1 comment:

  1. Chonaic mé ceann acu an tseachtain seo caite, agus cheap mé go raibh sé iontach ar fad!

    ReplyDelete