Friday, January 28, 2011

Bean an líne!

Níor mhaith liom cur isteach ar mo chara Áine, ach shíl mé go mbainfeadh sí gáire iorónach as an phictiúr seo a chur cara de mo chuid chugam inné.
Chuir sé mé ag smaoineamh. Cibé rud faoin drochmheas a léiríodh ar an bhean óg seo ar Sky, tá an scéal anois ag déanamh a bhealaigh thart ar an ghréasán domhanda agus pictiúir mar seo (agus níos measa) á seoladh ar fud na háite. An fiú i ndáiríre gearán a dhéanamh faoi aineolas/beageolas/claoneolas daoine, nuair nach mbíonn de thoradh air ach tuilleadh díspeagadh agus masla!

8 comments:

  1. Is fiú. Ní bean mé. Is fear aerach mé. Creid uaim é, is fiú.

    ReplyDelete
  2. N'fheadar.

    Chomh maith leis an díspeagadh, tá frithghníomhaíocht ann. Chonac ceannteideal ar maidin ag rá go raibh ardú mór tagtha ar líon na n-iarratas ó mhná ar poist de bharr an raic.

    Tharlódh mar sin go dtiocfadh feabhas dá bharr ar chúrsaí.

    ReplyDelete
  3. N'fheadar. Ní fheicimse díspeagadh ná masla i leith na mban sa phictiúr. Is ag magadh faoi bhréag-steiréotíopanna atáid im' thuairimse.

    Ach ní duine gan smál mise ach an oiread. Is minic mé ag tabhairt amach faoi bhan-tiománaithe ar an mbóthar.

    @Dennis
    quote "Is fear aerach mise"
    Ahá! Bhí 'fhios agam go raibh rud éigin cearr leat. :)

    ReplyDelete
  4. @ ' Is minic mé ag tabhairt amach faoi bhan-tiománaithe ar an mbóthar.'

    Níl le rá agam leat, a Mhíshásta, ach mo bhlagmhíreanna seo a leanas, ar mo sheanbhlag, a léamh: 'Riail 5', 'Leaideanna Luais, agus, le bheith, ahem, féaráilte, léigh 'Bantiománaithe', freisin...:-)

    Agus aontaím le Dennis, 'gur fiú', i gcónaí, aird a tharraingt ar an ní sin 'aineolas/beageolas/claoneolas'.

    Tá an ceart ag Míshásta, is 'ag magadh faoi bhréag-steiréotíopanna' atá ann, cheapfainn féin.

    Agus, a Phroinsias, bhain tú 'gáire' asam ar maidin, mar is iondúil leat ar an mblag seo - agus is le meas a deirim é sin!

    ReplyDelete
  5. Ahá! Bhí 'fhios agam go raibh rud éigin cearr leat. :)

    Buíochas le Dia! Murach sin, is féidir nach mbeadh ionam - toisc go bhfuil mé sách coimeádach ar a lán slite - ach fear bán díreach eile, ag vótáil leis na Republicans agus ag caitheamh anuas ar chuile dhuine nach raibh chomh bán, chomh díreach, agus chomh fireannach liom féin.
    ;-)

    ReplyDelete
  6. "...nuair nach mbíonn de thoradh air ach tuilleadh díspeagadh agus masla!"

    Ar dtús, b'fhéidir, ach nuair a bheidh an chuid sin den scéal imithe thart ceapim go mbeidh fágtha nach mbeidh sé inghlactha amach anseo a bheith ag caitheamh anuas sa chaoi sin ar mná.

    Seans go mbeidh dream eile ina n-ionad.

    ReplyDelete
  7. An Blagálaí Tréigthe ar an dtrá fholamh?

    Nach bhfuil aon snámhraic fachta agat le roinnt linn?

    Aon scéal?

    ReplyDelete
  8. Seans go raibh an trá folamh ceart go leor... ní fhaca me sight di le tamall!

    ReplyDelete