Monday, March 28, 2011

Ag dul chuig an dioscó!

Thuas sa lochta a bhí mé tráthnóna nuair a thig Margaret aníos an staighre i mo dhiaidh. Mhothaigh mé ag caint fúmsa í. Anuas liom agus siúd í ag caint ar an ghuthán póca (bréagán, ar ndóigh). Comhrá iomlán ar siúl aige le cara dá cuid ón chréche.
"Hi Maggie," arsa mise.
"Shush, Daidí." Lean sí uirthi ag caint le Shannon ar an fón.
Nuair a bhí an comhrá thart, thiontaigh sí chugam arís gur inis sí domh go neamhbhalbh.
"Tá mise ag dul amach anocht!"
"An bhfuil? C'áit?"
"Chuig an dioscó."
"Ó?"
"Tá mise agus Shannon ag dul."
Fágadh mé leis an imprisean nach mbeadh aon chur ina héadan. Ní ag iarraidh cead a bhí sí, go díreach de mo chur ar an eolas mar chúirtéis!

Níl sí ach ceithre bliana d'aois, ag Dia atá fhos cad iad na deacrachtaí a bheidh romham nuair a bheidh an 14 slánaithe aici!!!


Ar ábhar eile... nach saoithiúil an teanga seo againne. B'éigean domh stró a chur orm féin ag cuartú litriú an fhocail 'lochta'. Focal nár scríobh mé riamh is cosúil, mar le bheith fírinneach, dá bhfeicfinn LOCHTA scríofa ní aithneoinn é. LAUW-TA a bhí againne riamh anall ar 'attic' an Bhéarla. Is trua liom an deighilt idir an focal scríofa agus an focal labhartha.
Bhí an deacracht chéanna agam leis an fhocal PLANSNÓG ar na mallaibh. 'Heatherberry' an Béarla atá ag muintir na háite air. Bhí mé ag iarraidh an focal a úsáid i ndán a bhí á scríobh agam, ach an tseandeacracht chéanna, cén dóigh lena litriú i gceart. Fuair mé é sa deireadh BLAINSNEOG. De réir FGB, 'bogberry' atá air i mBéarla.

4 comments:

  1. Sea, chuaigh sé trí “mhuileann na gcanúna”! "Lofta” a bhí ann ar dtús, ach tá “lota, labhta, lafta, lochta” againn inniu.

    ReplyDelete
  2. Agus, cén focal atá agaibh do 'geata', a Phroinsias? Más buan mo chuimhne, chuala mé 'f' áit éigin san fhocal sin, ag Conallach nó dhó...:-)

    ReplyDelete
  3. "Geabhta" a deirtear i nGaoth Dobhair.
    B'fhéidir gur choir "lobhta" a scriobh ins an chanuint fosta, in ait "lofta". Cad chuighe a mbeadh "lofta" nios cirte?

    ReplyDelete
  4. GEABH-TA, a bheadh againne ar 'geata', a Áine.
    Tá GEAF-TA cluinte agam fosta, ach Geabh-ta is minice sa chaint againne.

    ReplyDelete