Sunday, June 5, 2011

Briseann an aimsir!

Bhris an aimsir inniu i ndiaidh dúinn sult as bhaint as cúpla lá galánta anseo in Árainn Mhór. Chaith mé féin is na páistí tráthnóna inné ar an chaorán ag cróigeadh móna, cúpla uair a chloig pleisiúrtha cé gur phill na tachráin chun an bhaile agus iad dubh ó bhun go barr ag clábar an phortaigh.
Bhain Margaret bheag gáire as bunadh an tí ar maidin. D'oscail sí an doras le feiceáil cén cineál aimsire a bhí ann - bhí gealltanas tugtha agamsa na páistí a thabhairt chuig cluiche peile dá mbeadh soineann ann.
"Mamaí, tá an aimsir..."
Stad an cailín beag bomaite ag smaoineamh.
"Mamaí, tá drochspion ar an aimsir!"

Ní thiocfadh liom é a chur ar bhealach níos fearr mé féin!

6 comments:

  1. Leagan deas. Bhí sé liath inné abhus agus spíon mhaith ar an aimsir faoi láthair.

    ReplyDelete
  2. ... phill na tachráin chun an bhaile agus iad dubh ó bhun go barr ag clábar an phortaigh.

    “... bhogas anonn le h-ais na teineadh agus go cionn cúig uaire bhíos im thachrán ag imeacht fá'n ghríosaigh -- im ghlas-stócach ag éirí aníos ar an tsean-nós Gaelach.”

    Cosúlacht ar bith anseo?
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Ní dóigh liom go gcleachtann teaghlach Phroinsias an Béal bocht!

    ReplyDelete
  4. Mar a tharlaíonn, tá gasúr beag agam a bhfuil dúil a chroí aige sna gríosaigh chéanna, ach níl cónaí orainn fós i dteach beag aolbhán in ascaill an ghleanna. Beidh fanacht beag fós ar Bhónapárt Ó Cúnasa agus é ag iarraidh an data leabhar sa tsraith a scríobh! :-)

    ReplyDelete
  5. Táim ar ais i gCeann Scríbe inniu, a Phroinsias, agus tá an aimsir ar mire anseo!

    ReplyDelete