Thursday, June 9, 2011

Colm Cille na Féile


Is ar Naomh Cholm Cille atá mo chuid smaointe anocht. Téann mo chroí amach do Cholm bocht. Níl neach in Éirinn nach gcuimhníonn ar Phádraig ar an 17 Márta, tá go leor againn go fóill a bhfuil meas againn ar Bhríd agus nach ligeann 31 Eanáir/1 Feabhra tharainn gan crosóg a dhéanamh ná bratach a chaitheamh, ach cé a chuimhníonn gur seo, an 9 Meitheamh, Lá Fhéile Cholm Cille?
Duine fíorshuimiúil a bhí i gColm - suimiúil ó thaobh na staire agus ó thaobh na miotaseolaíochta de. Níl aon dabht ann ach go raibh sé ar dhuine de na carachtair ba thábhachtaí i stair na luathChríostaíochta sa tír seo agus sa Bhreatain, polaiteoir a bhí ann fosta, baint aige le polaitíocht na hEaglaise agus leis an pholaitíocht shaolta, bhain scannal lena shaol, díbríodh as an tír é, ba bhall sinsireach de theaghlach ríoga é, bhí cáil na tairngreachta agus míorúiltí air, lean na céadta agus na mílte a shampla... agus níos tábhachtaí ná a dhath ar bith eile, ba Chonallach é! (...an mbeadh an téarma 'Tír Chonaill' intuigthe ag an am inar mhair sé? Roinnt taighde le déanamh agam!)
Ar scor ar bith, bhí suim agam i gColm le tamall maith de bhlianta. Ba mhinic mé ar cuairt i nGartán, an áit a rugadh é. Tá fothraigh a sheantí fós le feiceáil ann, mainistir, cros ard agus ar ndóigh tá clú ar chréafóg Ghartáin, atá inchurtha le créafóg Thoraí ó thaobh chumhachtaí cosanta de. Tá scéalta faoi Cholm Cille i ngach aon chearn den chondae seo, agus creidim féin (cé nach raibh mé díomhaoin go leor ariamh lena gcuntas) go bhfuil níos mó lochanna sa chondae seo a bhfuil an t-ainm 'Loch Colm' orthu ná ainm ar bith eile.
Thug mé cuairt ghairid ar Oileán Í cúpla bliain ó shin agus tá sé go mór i m'intinn cuairt níos faide a thabhairt air am inteacht i rith mhíonna an tsamhraidh seo romhainn. Turas taighde a bheas ann níos mó ná rud ar bith eile, mar tá scéal i m'intinn agus sílim go mbeidh Colm Cille mar dhuine de na carachtair ann. Is doiligh smaoineamh ar charachtar níos suimiúla fá choinne úrscéil - tá féidearthachtaí millteanacha ag baint leis!

Ar scor ar bith, bainigí sult as a bhfuil fágtha den lá. Cé gurb í an Mháthair Naofa Frances Cabrini naomhphatrún na nImirceach, creidim nach ndéanfadh paidir do Naomh Colm dochar ar bith do na mílte Éireannach atá i ndiaidh a gcuid seoltaí a ardú le cúpla bliain anuas. Smaoiním ar an chumha a bhí ar an naomh agus é ag fágáil na tíre é féin:

Mo radharc tar sal sínim
do chlár na ndarach ndighainn;
mor dér mo ruise glais glemhoill
mar feghaim tar mh'ais Erind.

Fuil suil nglais
fechus Erinn tar a hais;
is ní faicfe sí ré a lá
fir Erend naid a mná.

Mo shúile thar sáile sínim
ó cláraí darach mo bháid;
mór na deora ó mo shúil liath
is mé ag amharc ar ais ar Éirinn.

súil liath
a fhéachfas ar ais ar Éirinn;
lena lá ní fheicfidh sí
fir ná mná na hÉireann. (m'aistriúchán bocht gasta féin)


7 comments:

  1. Carachtar an-suimiúil a bhí ann, gan dabht dá laghad. Is iontach an méid dánta agus scéalta a cuireadh ina bhéal ag údair anaithnide ar feadh na gcéadta. An-jab leis an aistriúchán!

    ReplyDelete
  2. Go hálainn ar fad. Seo Orthaí an Lae do Naomh Colm Cille i Leabhar Urnaí Coitinne Eaglais na hÉireann (a léifear i nGaeilge amárach ag seirbhís den bhriathair ag AGM Chumann Gaelach na hEaglaise in Ardteampall Chriost-níl na leaganacha Gaeilge agam anseo- tionólfar an AGM seo gar d'Fhéile Cholm Cille i gcónaí):

    1. "Lord Jesus, King of Saints,
    you blessed Columba to find refuge in you
    both at home and in exile.
    May we, who have tasted your goodness at this table,
    come with all your saints to the royal banquet
    of your kingdom in heaven;
    where with the Father and the Holy Spirit
    you reign, for ever" AGUS

    2. "O God, who didst call thy servant Columba
    from among the princes of this land
    to be a herald and evangelist of thy kingdom;
    Grant that thy Church,
    having his faith and courage in remembrance,
    may so proclaim the splendour of thy grace,
    that people everywhere will come to know thy Son
    as their Saviour, and serve him as their King;
    who liveth and reigneth with thee and the Holy Spirit,
    one God, now and for ever".

    ReplyDelete
  3. "Is doiligh smaoineamh ar charachtar níos suimiúla fá choinne úrscéil - tá féidearthachtaí millteanacha ag baint leis!"

    Ba bhreá an scéala é más é go bhfuil úrscéal úr ar gor i gcúl do chinn agat!

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat a Ormondo, ach is rud amháin é a bheith ar gor i gcúl mo chinn agus é a bheith ar pháipéar!

    Tá na páidreacha sin deas, a Aonghuis. Rud amháin a ritheann liom áfach, ná go bhfuil siad rud beag cineálach. Taobh amuigh den tagairt bheag 'at home and in exile', is beag eolas a thugann siad ar Cholm ná ar na rudaí a rinne sé chun an soiscéal a scaipeadh. I ndáiríre, thiocfadh ainm naoimh ar bith a chur isteach in áit Choilm / Columba. Is dócha nár mhaith leis an té a chum an fócas a bhaint ó Dhia.

    Am amhlaidh an cás i bpaidreacha eile a bhaineann leis an traidisiún leasaithe?

    ReplyDelete
  5. Dála an scéil, bhíos ag éisteacht le clár raidió inniu faoi d'oileán. http://www.rte.ie/radio1/doconone/radio-documentary-survival-of-an-island-arranmore-donegal-fishing.html.

    Léirítear an tionchar tubaisteach atá ag titm amach de bharr shrianadh na hiascaireachta.

    Le hoiread agus focal amháin, áfach, níor luaigh an láithreoir - ar oileánach í féin - saol na Gaeilge ar an oileán!

    ReplyDelete
  6. Níor chuala mé an clár ach bhí daoine ag caint faoi ar an tSatharn. Tá Gaeilge bhreá ag Helena Mhary Eddie (an láithreoir) agus is cuimhin liom í á úsáid I gcláracha eile a rinne sí.

    Maidir le cúrsaí Gaeilge ar an oileán, níl aon dabht ach go bhfuil sí ag éirí lag. Dúirt duine liom ag an deireadh seachtaine gur shíl sé nach raibh mórán níos mó ná dosaen teaghlach ann ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge!

    ReplyDelete