Thursday, June 23, 2011

Tine na Féile Eoin

Tá an tír ón Phort Nua go Gaoth Dobhair breac le tinte anocht, Oíche Fhéile Eoin. Ní raibh muid féin díomhaoin tráthnóna. Thóg mé féin agus mo ghasúr beag Dan tine chnámh in onóir na féile. Bhí Mamaí agus na girseachaí istigh sa teach ag déanamh réidh fá choinne scoláirí Gaeilge a bheas ag teacht chugainn amárach agus thit sé ormsa agus ar Dan glanadh taobh amuigh. D'fhóir sé go maith dúinn leithscéal na féile a bheith againn le cuid mhór den bhruscair a bhí thart taobh amuigh den teach a bhruith!


An tine lasta taobh amuigh de theach s'againne tráthnóna.

4 comments:

  1. Is suimiúil an grianghraf é. Gan an comhthéacs, níl ann ach bruscar á dhó. Traidisiún ársa uasal atá ann nuair a chuirtear sa fhráma ceart é.

    ReplyDelete
  2. Ceart agat a Dennis, cé.nach smaoiníonn achan duine ar.thábhacht stairiúil na féile. Bhí go leor daoine anseo ag carnadh bruscair le cúpla seachtain agus fios acu go bhféadfadh siad é a bhruith aréir.
    Nuair atá achan duine á dhéanamh ag an am amháin, is beag is féidir leis na húdaráis a dhéanamh faoi!!!

    ReplyDelete
  3. Chuir sé iontas orm ag éisteacht le Radio 104 an lá faoi dheireadh. Bhí siad ag trácht ar 'bonefires night' agus ní raibh a fhios ag lucht an chláir seachas duine amháin (as Loch gCarman) a leithéid bheith ann - ach ní raibh a fhios aige gur Oíche 'le Eoin a bhí ann. Is breá liom an t-am seo bliana - oícheanta geala! Go mbaine tú sult as na scoláirí - agus as na hoícheanta geala.

    ReplyDelete