Bhí mé go díreach i ndiadh an postáil deireanach a fhoilsiú anseo agus smaoinigh mé ar an dán beag seo a scríobh mé tamall beag ó shin. Is dócha go mbaineann sé le cuid de na tuairimí a bhí á nochtadh agam roimhe seo.
Margaret Maria
Ní liomsa thú a chroí!
Cé go bhfuil rian m’aghaidhe
le feiceáil ar do dhreach –
níl aon seilbh agam ort!
Cé gur ó mo bhéal
a thabharfaidh tú teanga agus eagna leat –
níl aon smacht agam ort!
Cé gur ó mo chroí is ó m’anam
a thabharfaidh tú do dhaonnacht leat –
níl aon srian agam ort!
Tá mé mar a bheadh bogha
a lúbann is a ghéilleann
i dtiúin le saighead do shaoil.
Ní thig liomsa a dhath a dhéanamh
ach fuinneamh a chur taobh thiar
de do theilgeadh
is fanacht i do dhiaidh
ag crith.
Margaret ag baint sult as an tsneachta
Dán aoibhinn....
ReplyDeleteGo raibh maith agat, a Ailbhe. Bhain mé an-sult as 'Péacadh' a léamh!
ReplyDeleteGo hálainn, a Phroinsias. Agus aontaím leat maidir le dánta Ailbhe. Chuala mé í ag aithris ag Éigse an Spidéil. Iontach ar fad an dóigh a scríobhann sí.
ReplyDelete