Tuesday, September 1, 2009

Rud inteacht deas!

Thosaigh Margaret ar an naíonra inniu. Céim mhór eile. Bhí sé ag dó ar mo phutóga le seachtain anuas mar bhí fhios agam go raibh an lá seo ag teacht. Girseach fhaiteach atá i Margaret, agus glacann sé tamall uirthi socrú isteach i suíomh úr.
La cúpla lá anuas, bhí muid ag caint léi fá dtaobh de. Ag rá go raibh sí ag éirí mór, agus go dtéann girseachaí móra cliste chuig an naíonra, go mbeadh máistreasaí deasa aici agus go mbeadh an-chraic aici. Cluichí siceolaíochta a bhí a imirt againn ar ár níon bhocht. 
Ní bhíonn i gceist ach cúpla uair sa tráthnóna, agus bhailigh mé í ón Chréche ag a haon. Bhí mé réidh. Mala scoile úr faighte agam di agus gealltanas agam go rachadh muid ag siopáil agus go bhfaigheadh sí 'rud inteacht deas' i ndiaidh an naíonra.
(Thit na dualgaisí seo ormsa inniu, mar ba é seo an chéad lá ar ais ag obair do Mhámaí. Is maith an rud, is dócha, mar éiríonn Mámaí rud beag mothúchánach ag ócáidí mar seo.)
Ar scor ar bith, bhí mo dhícheall déanta agam idir ullmhúchán intinne agus breabanna fisiciúla, agus síos linn. Isteach an doras linn, agus thit Margaret chun ciúnais. Ní fhosclódh sí a béal. Theannaigh sí isteach thart fá mo chos, mar a bheadh bairneach ann. Ní raibh cúrsaí ag dul go maith. 
Labhair na cailíní a bhí ag obair ann léi, thug siad pictiúirí dithe le dathú isteach, thaispeáin siad na bréagáin dithe. Ní raibh suim ag Margaret iontu. Ní fhágfadh sí mo thaobh. D'fhan mé leathuair léi. Faoi dheireadh, gan ach bomaití fágtha den sos lóin, dúirt mé léi go raibh orm dul ar ais ag obair. Make or Break a bhí ann. D'oibreodh seo, nó ní oibreodh. Muna bhfanfadh sí anois, ní thiocfadh sí arís.
Tháinig dreach brónach ar a haghaidh bheag, ach níor tháinig deoir ar bith. Chuir mé i gcuimhne di arís, an 'rud inteacht deas' a gheobhadh sí nuair a thiocfainn ar ais. Níor chorraigh sí ón chathaoir nuair a sheas mé le himeacht. Thug mé póg di agus rinne mé ar an doras. Lean sí lena súile mé. D'imigh mé, mo chroí ag preabadh le himní. Chinntigh mé go raibh mo fhón liom agus é luchtaithe i gceart, agus chaith mé an tráthnóna ag súil leis an scairt chun í a bhailiú.
Níor tháinig sé. Ní raibh an seisiún le críochnú go dtí a ceathair, ach tháinig mise le Margaret a bhailiú ag ceathrú go dtí. Níor chuala mé aon chaoineadh. Comhartha maith! D'oscail mé an doras. Bhí a droim liom nuair a chuaigh mé isteach. Bhí sí ina suí ag tabla ag dathú isteach agus... ag ceol... ag ceol léi féin!! Yipee! Nuair a chonaic sí mé, tháinig sí chugam ina rith, lán caint agus gáire. Bhí sí i ndiaidh sult a bhaint as an tráthnóna.
Tá sé tábhachtach dúinne í a bheith ann. Taobh amuigh den teach, ní fhaigheann sí mórán seans a cuid Gaeilge a chleachtadh anseo i Leitir Ceanainn, agus tá Gaeilge ghalánta ag na cailíní atá ag obair sa naíonra. Tá sé tábhachtach dithe a fheiceáil nach sa teach amháin atá an Ghaeilge á labhairt ag daoine. 
Aisteach go leor, ní hé sin an rud a bhí chun tosaigh ar m'intinn tráthnóna. Bhrúcht bród millteanach aníos ionam, as chomh maith is a d'éirigh léi. Chuaigh sí i amach i measc strainséirí don chéad uair gan Mámaí nó Daidí, fágadh léi féin í gan aithne aici ar dhuine ar bith agus d'éirigh léi a cuid féin a dhéanamh de... gan chaoineadh. Ba chéim mhór í.
Ní bhfuair Margaret 'rud inteacht deas' nuair a chuaigh muid chuig an siopa. Fuair sí trí rud deas! B'fhéidir go bhfuil mé dá milleadh, ach bhfuil fhios agat, is cuma liom!

3 comments:

  1. Scéal deas faoi chéad lá Margareth sa naonra.Bhí na bronntanais tuillte go maith aici um thráthnóna

    ReplyDelete
  2. Bí ar d'airdeall, a chara, mar beidh na 'cluichí siceolaíochta' sin á fhoghlaim ag Margaret agus is gearr uaibh an t-am go mbeidh sí ag baint úsáid astu le hiad a chur i bhfeidhm ar Mhamaí agus ar Dhaidí - agus seans go mbeidh an bua aici agus í ar thóir 'an rud inteacht deas' uaibh go mion minic amach anseo!

    Scéal álainn, coiscéim eile ar bhóthar na tuismitheoireachta - lán marcanna, a chara!

    ReplyDelete
  3. "Taobh amuigh den teach, ní fhaigheann sí mórán seans a cuid Gaeilge a chleachtadh anseo i Leitir Ceanainn"
    Tá ionadh orm nach bhfuil a lán daoine timpeall Leitir Ceanainn ag tógáil a gcuid teaghlaigh leis an nGaeilge. Agus Leitir Ceanainn chomh cóngarach le Gaoth Dobhair. Ar a laghad tá aithne agam ar teaghlach amháin thuas ansin á thógáil tríd an nGaeilge, agus tá páistí acu ag an aois céanna ná do chlannsa. (Agus mise ag an taobh eile den tír.)
    Cuireann sé sin díomá an domhain orm :-(

    ReplyDelete