Thursday, November 19, 2009

Na Chéad Choiscéimeanna

Tá Cara bheag ag siúl. Corraí mór i dteach s'againne inniu. Físcheamara ar obair i rith an trathnóna chun taifead a dhéanamh den ócáid mhór. Ba rud iontach é an lúchair agus an tsástacht a fheiceáil ina súile féin inniu. Shílfeá go raibh fhios aici go raibh céim mhór chun tosaigh tógtha aici sa tsaol. Bhí sí iontach sásta léi féin agus dar ndóigh bhí muid uilig dá moladh. B'fhéidir gurb é an moladh agus an aird a bhí dá sásamh, ach creidim go raibh níos mó ná sin i gceist.
Tá sé deacair a bheith ar an duine is óige, déarfainn. Beirt eile ina lánrith thart ort. Ní bhíodh sí ag gearáin ach ó bheith á coimhéad, tá fhios agam go raibh rún aici le cúpla mí anuas a bheith leo ag dreapadh agus ag léimnigh. Beidh rith an tí aici anois agus roimh i bhfad beidh rith an tsaoil aici.

Cé gur thosaigh an tráthnóna go maith, chuir 2 rud isteach ar phleisiúr an lae. Toradh an chluiche mhóir agus Foinse san Indo! Ba ghnách liom Foinse a cheannach gach seachtain. Ba é an t-aon pháipéar a cheannaínn. Bhí díomá orm anocht nuair a chonaic mé é. Tabharfaidh mé seans dó ar feadh cúpla seachtain eile, ach bheadh sé doiligh orm a bheith ag cur 1.80 euro i bpóca an Ridire Uí Raghallaigh ar mhaithe leis an lagiarracht a chonaic mé inniu. Déanaim go leor 'ar son na cúise', ach ní thabharfaidh grá don chúis thú ach bealach gairid.
Thig liom sólas amháin a thabhairt liom agus mé ag dul a luí anocht. Ar a laghad, is i mí na Samhna a thosaigh Cara ag siúl. Shiúil Margaret don chéad uair ar an 12 Iúil 2007 agus thosaigh Dan ag siúl ar an 12 Iúil 2008. Tá mo chairde fós ag magadh fúm agus faoina páistí beaga buí atá á thógáil agam. Do bharúil an mbeadh fáilte roimh mháirseálaithe le Gaeilge i nDroim Crí nó ar Bhóthar Gharbh Achaidh!!!

4 comments:

  1. Comhghairdeas do Cara as éacht mór a bhaint amach.Aontaoim leat faoi Foinse.Bhí diomá orm mar bhí mé ag tnúth go mór leis.Saghas Foinse Lite atá ann, oiriúnach do dhéagoirí agus foghlaimeoirí.Ní mór cúpla de na sean laochra cosúil le Cathal MacCoille agus Poilín ní Chiarain a thabhairt ar ais.Tabhadfainn seans do le cúpla seachtain éile ach ní bheinn dochasach.

    ReplyDelete
  2. Táim féin ag ceapadh go raibh baint ag an gcraic ag an Oireachtas leis an bhfonn siúil a tháinig ar Chara...:-)

    Maidir leis an gcluiche mór, is fearr scaoileadh leis an míghiúmar nó cuirfidh sé muid uilig soir...

    ReplyDelete
  3. Chomh luath agus a bheas an urlabhra aici beidh sí siúlach scéalach.
    ;-)

    ReplyDelete
  4. Tá an duine is aosta agam ag tiomáint i mbliana. Fán!
    12 Iúil is ea breithlá mo charad (Éireannaigh Ghaelaigh), an fear bocht.

    ReplyDelete