Friday, January 29, 2010

Balamory

Scríobh Jennifer alt roimh an Nollaig, agus ar chúis inteacht d'fhan sé liom le tamall fada. Bheinn corruair san oíche nó i rith an lae ag smaointiú ar rud a dúirt sí.

"Léigh mé alt áit éigin go dúirt nach foghlaimíonn paistí focal as teilifis. Bhí argóint acu go raibh comhrá beo le duine beo os a gcomhair an slí is fearr dóibh agus níor fasann a stór focal ag faire teilifis nó fiseán mar sin."

An dtiocfadh le sin a bheith fíor? Chuir sé mé ag meabhrú ar mo pháistí féin. An mó teanga a bheireann siad leo ón teilifís. Thosaigh mé á gcoimhéad agus iad os comhair an bhocsa. Ar an drochuair, cé go mbíonn cartúin TG4 ar siúl achan mhaidin agus iad ag déanamh réidh, sílim gur beag díobh a thuigeann siad. Aithníonn siad focail thall is abhus, agus cluinim: "Dúirt sé ___" ag amanna mar sin. Níos minice ná sin, is é: "Daidí, caidé dúirt sé?" a chluinim uathu.
Is trua ar bhealach go mbíonn meascán mór canúintí ar na cartúin. Uaireanta sílim go mbeadh sé ní b'fhearr dá ndéanfaí cartún amháin i gcanúint amháin agus cartún eile i gcanúint eile. Tuigim na hargóintí in éadan sin cinnte, ach sílim i gcás na gcartún cibé, gur beag forbairt foclóra atá faighte ag mo pháistí-se uathu.
Ar ndóigh, ní sin an chuspóir atá le cartúin. Baineann na páistí sult mór astu, ní mar gheall ar an téarmaíocht nó fiú an scéal. Na dathanna, na carachtair, an ceol, an gné físiúil a bhaineann leis an chartún - sin an rud a tharraingíonn iad. Má tá Gaeilge le cloisteáil sa chúlra - bíodh sí intuigthe ag na páistí nó ná bíodh - ní haon drochrud é sin.
Bhí mé ag teacht den tuairim mar sin, go raibh an ceart ag Jennifer, go dtí gur tháinig Dan chugam an lá faoi dheireadh:
"Daidí, ní thig linn dhul amach ar an Balamory nuair atá carr ag teacht!" - An bealach mór, a bhí i gceist ag an tachrán beag, ar ndóigh! I ndiaidh an tsaoil, seans go mbíonn tionchar ag an teilifís orthu!!


3 comments:

  1. A Phroibsias beidh tíoncar ag an teilifís orthú ach is doigh liom go labhrann na daoine sna cartúin ro-thapa don fhoghlaimeoir óg.Is cuimhin liomsa gur fheach mo laid is sinne ar an seo na mbreagán ón Seó Déanach trí uaire nuair a thainigh na téip taifeadán isteach ar dtúis.

    ReplyDelete
  2. Níl aon chur amach agamsa ar chúrsaí dá leithéidí, ach déarfainn go bhfuilid ag foghlaim má tá siad ag cur ceisteanna, agus ag smaoineamh, faoi cad atá á rá ar na cartúin.

    ReplyDelete
  3. Piocann mo iníon [3] focail nua suas cinnte ón teilifís agus ó CDanna.

    Maidir liomsa, is maith liom an cumasc canúintí - ach, dar ndóigh, cumasc a bheadh agam féin mar Bhleá Cliathach.

    ReplyDelete