Saturday, January 16, 2010

Cnap Rudaí

Bhí col ceathrar de mo chuid ar cuairt ar na mallaibh. Níl Gaeilge iontach mhaith aige ach, mar a deir an fear udaí, tá an cúpla focal aige.
Rud iontach amháin faoi bheith ag tógáil clainne le Gaeilge ná go meallann na páistí an Ghaeilge amach as daoine. Daoine nach gcloisfeá go Lá Sheoin Dic ag caint i nGaeilge, ar chúis inteacht bíonn siad sásta cúpla focal a chaitheamh i dtreo na bpáistí. Is dócha nach aon baol dóibh iad. Ní bheidh na páistí anuas ar a gcuid gramadaí nó cibé rud eile a chuireann bac ar dhuine teanga a labhairt.
Ní bhíonn aon bhagáiste le teanga i súile páiste, níl ann ach bealach chun cumarsáid a dhéanamh. Tugaim faoi deara go mbíonn fhios ag Margaret cén teanga le labhairt le cibé duine atá os a comhair. Go minic tosaíonn sí i nGaeilge, ach muna bhfuil aon chumarsáid ann, tiontóidh sí ar an Bhéarla gan smaointiú. Níl ann ach cumarsáid. B'fhéidir go bhfuil ceacht nó dhó le foghlaim againne óna daoine beaga.
Ar scor ar bith, bhí Philip, mo chol ceathrar, istigh agus chuir sé ceist ar Mhargaret i nGaeilge caidé a bhí faighte aici ó Santaí.
"Fuair mé cnap rudaí" a d'fhreagair an bhean óg.
Ar an drochuair do Philip - agus cuirim an locht go hiomlán ar chúrsaí canúna - is é an rud a chuala Philip uaithi nó "Fuair mé CRAP rudaí".
Bhí sé ró-mhúinte le rud ar bith a rá linne ag an am, ach tháinig an scéal amach thar cúpla pionta agus rinne muid uilig gáire faoi.

(is. Mar shoiléiriú d'aon duine atá in amhras, fuair Margaret neart rudaí deasa ó Dhaidí na Nollag agus bhí sí iontach sásta leo!)

6 comments:

  1. Sin cumarsáid, a Phroinsias, agus nach álainn an bealach atá ag páistí í a choinneáil simplí agus gan 'crap' ar bith!

    Scéal a chuir tús maith le mo lá - go raibh maith agat, a chara!

    ReplyDelete
  2. Cruthaíonn an scéal seo gur fearr an gaeilge a fhoghlaim ón gcliabháin ná aon slí eile.

    ReplyDelete
  3. Níl fhios agam faoi sin a John. Tá aithne agam ar dhaoine a d'fhoghlaim an Ghaeilge agus a bhfuil sí i bhfad níos fearr acu ná mar atá ag roinnt cainteoirí dúchais.
    Mar a dúirt aintín de mo chuid uair amháín agus í ag trácht ar fhear Gaeltachta atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath le fada: "Tá blas aige ach níl na focail aige le cur leis!"
    Brathann sé ar an dearcadh atá agat ar cad is Gaeilge mhaith ann, is dócha. Tugaim faoi deara gur tábhachtaí i bhfad an 'blas' atá ar do chuid Gaeilge ná mar atá caighdéan (foclóir & gramadach) do chuid Gaeilge - go háirithe i measc roinnt mhaith de mhuintir na Gaeltachta.
    B'fhéidir go bhfuil mé contráilte. Níl ann ach rud atá tugtha faoi deara agam fríd na blianta!

    ReplyDelete
  4. Ana dheas ar fad, ní dóigh liom go mbíonn páistí óga ina mbreithimh maidir leis an teanga.. mar a dúirt tú is í an chumarsáid a bhíonn i gceist acu…
    ….
    Feicim go minic go mbíonn drogall ar dhaoine áirithe fiú triail a bhaint as an teanga, fiú má bhíonn sí acu ón scoil, easpa muiníne an fhadhb is mó. Ceapann siad nach bhfuil focal acu ach is minic a bhíonn i bhfad níos mó ná sin acu, bhíos mar sin uair amháin chomh maith.
    Ní dhéanann sé aon mhaitheas deighilt a chothú idir na haicme le suim sa teanga.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete