Scéal Ádhaimh agus Éabha a bhí á léamh againn aréir, cruthú an Domhain. Tá páirt sa scéal ina gcuireann Ádhamh ainmneacha ar na hainmhíthe agus ar na plandaí uilig. D'athraigh muid an scéal giota beag aréir.
"Chonaic Ádhamh an t-ainmhí sin. Thug sé an t-ainm "coinín" air. Níor mhaith le Éabha an t-ainm sin, ach dúirt sise go raibh sí chun "rabbit" a scairteadh air... etc etc."
Bhí Margaret breá sásta leis an mhíniú seo ar cén fáth a mbíonn dhá ainm ar rudaí!
Cleas iontach é sin!
ReplyDeleteSeo agúisín duit ón antraipeolaíocht. Roimh theacht an Chaptaein Cook go Hawai‘i, ní raibh fhios ag na daoine sin go raibh teanga ar bith eile ar domhan seachas a gceann féin. Shíl siad go raibh dlúthbhaint idir ainmneacha agus nithe; go raibh na hainmneacha chomh nádúrtha le dath na mbláthanna agus le cruth na n-iasc, nach raibh siad random ar chor ar bith. Tá cuid den naïveté céanna le feiceáil i scéal an Bhíobla.
Agus, a Phroinsias, tá tú ag múineadh dí go raibh, ahem, cearta ag mná an t-am sin, más rud go raibh an t-am sin ann, ar ndóigh...;-)
ReplyDeleteAn ceart ar fad agat, a Áine! :-)
ReplyDelete