Sunday, May 16, 2010

Grá na Madaí

Tá rudaí ag éirí olc a chairde. Is duine measartha liobrálach mé (Nick Clegg abú!) ach caithfidh sé go bhfuil áit inteacht ann ar chóír líne a tharraingt sa ghaineamh is a rá os ard: NÍL SEO CEART.
Scéal ar Sky News inniu a thuairiscíonn gur pósadh dhá mhadadh sa Bhrasaíl. Níos measa ná sin caitheadh isteach is amach ar €8000 ar an bhainis.
Seans nach bhfuil ann ach píosa craic, agus táim sásta glacadh le rudaí aisteacha ar an bhonn sin go minic, ach mar dhuine pósta, sílim uaireanta go bhfuil díluacháil mhór á dhéanamh ar an phósadh mar institiúid sóisialta nó reiligiúnda. Cad is brí le pósadh? An sainmhíniú a bhí agam air nuair a bhí mé óg, is cosúil nach bhfóireann sé don lá inniu!!

7 comments:

  1. Ní lia duine ná barúil, a Phroinsias, agus chuirfinn geall leat go bhfuil neart daoine ann nach bhfeicfeadh a dhath mícheart leis an bpósadh thuas.

    Tá daoine eile ann a chreideann nach bhfuil gá ar chor ar bith le 'institiúid' an phósta, agus nach bhfuil ann ach dlíthe a chum daoine, seachas an nádúr, an dtuigeann tú - féach http://en.wikipedia.org/wiki/Free_love

    Ar ndóigh, tá daoine eile ann agus d'íosfaidís na madraí luaite thuas, rud nach ndéanfainn féin go brách, mar shampla, ó tharla gur feoilséantóir mé - cá bhfuil an líne sa ghaineamh? Agus, cé aige nó aici a bhfuil an ceart an líne sin a tharraingt?

    ReplyDelete
  2. Sin an cheist. Sé an rud áfach go bhfágann an coibhneasachas nach ceadmhach líne sa ghaineamh chor ar bith.

    Rud a fhágann deacracht againne atá cinnte go bhfuil Fírinne ann, atá i gcónaí fíor. Agus go bhfuil leas coiteann ann atá i gcónaí chun leas na daoine trí chéile.

    Is féidir nach bhfuil an líne atá á tharraingt againn sa ghaineamh san áit cheart - ach is doiligh glacadh leis nach bhfuil gá leis.

    ReplyDelete
  3. Sin a bhí ag rith liomsa fosta, a Aonghuis. Má tá an luach céanna le gach aon tuairim, munar féidir a rá: "Tá seo mícheart" ar eagla go gcuirfear isteach ar dhuine inteacht, tá muid fágtha le saol atá go hiomlán amscaí, inar féidir le duine ar bith rud ar bith a mhaitheamh.
    Níl fhios agam cad é an freagra ceart. Is ann don choibhneasacht mhorálta. Bhí sé linn leis na cianta agus tá tábhacht léi. Tuigim sin mar staraí. Ní thig linn breithiúnas a thabhairt ar thuairimí agus gníomhaíochtaí daoine ó chultúir stairiúla. Ní hionann na luachanna a bhí acu agus na luachanna atá againne.
    An gá go mbeidh Fírinne ann, a Aonghuis? Glacaim leis gur ag tagairt do Fhoilsiú Dé agus traidisiún na hEaglaise atá tú nuair atá tú ag caint faoi "Fírinne". is deacair sin a "dhíol" inniu i bhfainise na rudaí eile atá i ndiaidh titim amach. Cad í an fhírinne don duine gan creideamh? Cad í an fhírinne shaolta? Nó an ann di? An dlí nadúrtha, b'fhéidir?
    An bhfuil ceart ag sochaí rialacha (sóisialta, moráltacha, etc etc) a leagan síos beag beann ar thuairimí an duine aonair sa tsochaí sin, nó an gá aitheantas a thabhairt do gach aon tuairim is cuma cé chomh craiceáilte is atá sé? Munar féidir leis an sochaí sin a dhéanamh, is eagal liom nach mbeidh sochaí de chinéal ar bith ann san am atá amach romhainn. Seans sa todhchaí nach mbeidh ann ach indibhidiúlachas agus aonaráin a chónaíonn gar dá chéile.

    Ach ar ais go dtí an cheist mhór, mar a deir Áine: cé a shocraíonn cad atá craiceáilte agus cad atá ciallmhar??

    ReplyDelete
  4. Is é Foilsiú Dé an bunús atá agamsa le mo thuiscint ar an bhfírinne. Ach téann an cheist a bhfuil fírinne ann níos doimhne ná sin. Is doiligh ceist teagasc na hEaglaise a phlé mura bhfuil aontas ann faoi Fírinne a bheith ann ar an gcéad dul síos.

    Téann coincheap an Dlí Nádúrtha níos faide siar i stair na smaointeoireachta ná teagasc na hEaglaise.

    Maidir le choibhneasacht mhorálta, sílim gur le cur i gnímh seachas le prionsabail a bhaineann sé sin.

    I ndaonlathas, caithfear, ar mhaithe le síocháin, dlíthe a bheith ann maidir le cad atá inghlactha. Sa bhreis air sin, beidh gnáis agus tuiscintí ann, gan iad a bheith faoi riail dlí, faoi cad atá inghlactha.

    Ní oileáin aon duine!

    Tá tábhacht mar sin go labharfaidh gach duine amach faoi ní a chíonn sé nó sí féin a bheith ceart; seachas sin iad an mionlach is airde glaime a shocródh céard is dlí agus gnás ann; mar a luaigh Dubhaltach ar na mallaibh.

    ReplyDelete
  5. Tá an lá ag teacht nuair a phósfaidh daoine a madraí...go sábhála Dia sinn.
    Tá dhá fhreagra ann don cheist:
    1) Tá an fhírinne ann, agus ní aithníonn gach duine í. (mo roghasa)
    2) Níl aon fhírinne ann, agus ní mór don uile dhuine a rogha rud a dhéanamh is a smaoineamh. (treo sochaí an lae inniu)

    Ní féidir go bhfuil aon rogha eile ann (ach mura bhfuil aon difear ann idir fíor agus bréagach, is féidir, is dócha, go bhfuil gach rud fíor AGUS bréagach, agus mar sin, mar a deir Áine, tá a fhírinne féin ag gach duine...)

    ReplyDelete
  6. A chairde,

    Agus sibh ag caint ar phosadh - cad iad bhur dtuairimí ar an "civil partnership bill" nua sin atá á chur i bhfeidhm ag ár Rialtas iontach fá láthair?

    ReplyDelete
  7. Ní bheadh aon deacracht agam le cearta a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí le chéile ar bhun seasmhach. Tá go leor laigeachtaí sa dlí mar a sheasann sé.
    Is trua liom go bhfuil an bhéim ar fad ar dhaoine aeracha. De réir mar a thuigim níl aon chuidiú ann do, abair, beirt deartháireacha atá ina gcónaí le chéile agus caidrimh eile den tseort.

    ReplyDelete