Agus mé ag scríobh ag amharc amach ar Iarthar Dhún na nGall, tá an tír breac le tinte. Tá toit ag éirí as gach cearn de na Rosa agus Gaoth Dobhair agus tá na haibhleoga ón tine bheag, a las mé do na páistí níos luaithe, geal dearg go fóill os comhair an tí. Anocht Oíche Fhéile Eoin!
Is breá liom go bhfuil traidisiún na dtinte cnámh beo beathach sa taobh seo tíre. Bhí eagla orm cúpla bliain ó shin go raibh an nós ag dul in éag, go háirithe i ndiaidh na ndlíthe troma a tugadh isteach i dtaobh tinte a lasadh taobh amuigh. Buíochas le Dia, tá daoine ag tabhairt neamhaird ar na dlíthe agus ag lasadh leo, mar a rinne siad leis na cianta cairbreacha.
Seo an chéad uair do na páistí tine dá gcuid féin a bheith acu agus bhí sceitimíní orthu i rith an tráthnóna ag déanamh réidh. Lasadh 7-8 tine ar an oileán anocht agus bhí siad ag iarraidh go mbeadh tine s'acu féin níos mó ná aon cheann eile. Ní raibh ach ceann beag acu, ach dar leo féin, ba í an tine ab' fhearr sa cheantar í. Cheol muid cúpla amhrán thart uirthi sular dtug an fhuacht isteach muid.
Is fearr mór tradisiúin mé. Is breá liom rudaí den chinéal seo a choinneáil beo agus bríomhar. Sin ráite, ní bhímse ró-thógtha le gach aon ghné na traidisiúin chéanna. Níor chuir mé na páistí ag léimnigh fríd an tine, mar shampla -cé go bhfuil leaid óg agam a bheadh toilteanach triail a bhaint as!
Níl fhios agam go baileach cén bunús atá le nós na dtinte cnámh. Deirtear go raibh baint ag an bhandia Aine leis an fhéile. Is cinnte gur traidisiún seanbhunaithe é a d'eascair ón tréimhse réamh-Chríostaíochta. Cosúil le mórán de na sean-nósanna Ceilteacha sin, cuireadh culaith na Críostaíochta orthu. Tá nós ann go fóill luaith na tine a chur thart ar na cuibhrinn agus fosta, d'fhéadfá fáil réidh le dealbha nó Coróin Mhuire briste trí iad a chaitheamh isteach i dtine na Féile Eoin. Is cosúil nach nglacann Dia mar mhasla é má fhaightear réidh leo ar an bhealach seo.
Cibé rud ar mhaith le duine a bhaint amach as an fhéile, is deas í a bheith sláintiúil. Cuireann se i gcuimhne domhsa i gcónaí go bhfuil lár an tsamhraidh ann agus gur i ngiorracht a bheas na laethanta ag gabháil feasta, cuimhním gur chóir domh sult a bhaint as suáilcí an tsamhraidh a fhad is a mhaireann siad!
Crochfaidh mé seolta is gabhfaidh mé siar, óró mo churraichín ó,
ReplyDeleteIs go hoíche 'le Eoin, ní thiocfaidh mé aniar, óró mo bháidín.
An-spéisiúl, a Phroinsias. Ní raibh a fhios agam go ndéantar céiliúradh ar an bhféasta sin. Ní fheictear tinte cnámh go minic in oirthear na tíre. Seachas oíche Shamhna ar ndóigh.
Tá na tinte cnámha seo ar oíche 'le Eoin ceann de na cuimhní is sine atá i mo chloigeann.
ReplyDeleteIs cuimhin liom na héadaí á bhí á chaitheamh agam fiú, bhíodar salach agus eagla orm go mbeadh mo mháthair míshásta liom. Is cuimhin liom mise agus mo mhuintir ar bharr tulaigh i gcomórtas na dtinte cnámha is mó le muintir Chill Ala, Chúige Buí, Leacain agus Ráth Lao.
Ach mar a dúirt tú chuaigh an nós in éag de bharr dlíthe na hEorpa. Ní bhíonn ceann ar bharr an tulaigh sin a thuilleadh.
Ar mhiste leat alt mar seo a chur a an tsuíomh s'againn "Gaeilge Amháin" ar Facebook? Tá seo ar dóigh is ba mhaith liom go mbeadh lucht Gaeilge na tíre eolach ar an sean-nós seo.
ReplyDeleteMáire Burns
bhí amantaí ann gur bhreá liom mo pháistí a chur ag léimnigh fríd an tine...
ReplyDelete