Tuesday, June 1, 2010

Slán le Bart

Ní miste liom a rá gur shil mé cúpla deoir inniu. Fuair an madadh a bhí againn le blianta, Dalmatian breá sochraidh darbh ainm Bart, bás maidin inniu. Bhí aois mhór aige agus bhí sé ag éileamh le seachtain nó dhó.
Bhí sé againn ó bhí sé ina choileán agus ba mhadadh mór pleisiúrtha a bhí ann. Ní cuimhin liom é a chloisteáil ag tafann go bagrach ariamh. Gach aon uair a phillfinn chun an bhaile, bhí sé i gcónaí ansin, ruball ag croitheadh ag spraoi thart fá mo chosa chun fáilte a chur romham. Bhí croíthe na bpáistí istigh ann agus bheadh siad i gcónaí ag súil go mór len é a fheiceáil agus iad ar cuairt chuig Graindea. B'éigean domh a bhás a mhíniú do Mhargaret agus Dan inniu. Rud nach raibh furasta agus tocht ag éirí ionam féin.
Bhí an chlann uilig faoi bhrón inniu. Is cliché é, ach ba chosúil le bás cara dúinn a chaill. Mhothaigh mé folús ionam i rith an lae. Tá súil agam go mbeidh aimsir dheas ann amárach, rud ar bith a thógfas mo chroí.

2 comments:

  1. Ar ndóigh, chaill sibh cara, a Phroinsias, agus ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil sibh uile faoi bhrón.

    Ní maith liom bhur gcrá croí, a chara, ná an folús lena bhfuil sibh fágtha.

    ReplyDelete