Sunday, July 11, 2010

Cairde, Coláiste agus Coiníní

An dtarlaíonn sé a choíche daoibh go mbíonn an oiread sin idir lámha agaibh, go bhfuil sé deacair aon rud a fháil déanta? Tá oiread rudaí curtha ar an mhéar fhada agam go mbeadh lámh nó dhó sa bhreis de dhíth orm chun feidhmniú i gceart. Sin mar a bhí mo shaol le cúpla seachtain anuas agus beidh go ceann tamaill bhig eile.
Ceithre bhreithlá a cheiliúraigh muid le coicís anuas sa teach seo, mé féin agus mo bhean mhaith san áireamh, cuairteoirí ag titim ón spéir - cé gur choinnigh doineann na hoíche aréir sa bhaile iad, garradh le cur, ballaí le tógáil agus míle rud eile le déanamh. Is deacair an t-am a fháil chun peann a chur le pár ná méar a leagan ar chlár, chun meafar níos nua-aimseartha a úsáid.
Is deas liom a fheiceáil go raibh mo shean-chara Tim ar an oileán. Is trua liom gur chaill mé a chuairt. (An chéad uair eile, buail suas 'un tí, a Tim). Tá 260 scoláire Gaeilge eile ar an bhealach isteach chun an oileáin agus seo a scríobh agam, is trua nach mbeidh an seans acu blas de fhilíocht Tim a fháil ach déanfaidh mé lagiarracht é a chúiteamh dóibh.
Tá an t-oileán dubh le coiníní i mbliana. Is fada ó chonaic mé an oiread díofa ag reathaigh thart fán áit. Tá teach s'againne suas ar an chnoc giota beag agus tá siad ar fud na háite. Tá na páistí ag baint an-sult astu.
Caithfidh sé go bhfuil laghdú mór ar an mhiocsómatóis i mbliana. An bhfuil an scéal amhlaidh ar tír mór?

7 comments:

  1. Caithfidh go bhfuil na sionnaigh breá beathaithe!

    ReplyDelete
  2. Sin cuid den chúis, mar sin! Níl aon farasbarr coiníní feicthe agam ar thír mór, ach nílim in áit choiníneach.

    ReplyDelete
  3. Ar ruaig naomh éigin as an oileán iad?

    ReplyDelete
  4. Piseoga faoi choiníní anseo, agus eolas faoi choiníní anseo.

    Is annamh coiníní feicthe timpeall na háite seo, deirtear liom, a Phroinsias, cé go bhfuil neart giorriacha, dar le mo Gharraíodóir.

    Ní fhaca tú aon, ahem phiongain, an bhfaca...;-)

    ReplyDelete
  5. Tá athfhás tagtha orthu amuigh anseo ar imeall an bhaile i Leitir Ceanainn fosta le tamall de bhlianta anuas. Bím ag amharc amach orhtu agus mé i mbun ceartúcháin :( B'fhearr liom i bhfad a bheith ar chúrsa gaeltachta ar cheann de na hoileán ná a bheith faoi ghlas sa seomra seo ag ceartú! Tá mo cheacht foghlamtha agam i mbliana!

    ReplyDelete
  6. Dá mbeadh an t-ádh libh, tabharfaidh ceann nó dhó de na h-iolair fíréan cuairt ar do oileán. Thabharfadh siad aire maith do na coiníní siúd.
    Bhí iolar mara i nDún na nGall le déanaí chomh maith, Fiadhna atá uirthi. Bheadh fíor eagla ar na coiníní dá mbeadh sise ann.
    Tuilleadh eolas...http://www.goldeneagle.ie/

    ReplyDelete