Monday, August 30, 2010

An t-am sin den bhliain

Ar ais ar scoil!
Bheul, thosaigh mise ar ais Dé hAoine seo chuaigh thart, ach bhí mo bhean mhaith ag tosacht ar ais ag obair inniu, agus b'éigean dúinn na páistí a mhúscailt luath ar maidin le bheith in am do bhád a 7.50.
Tá muid chun triail a bhaint as an taisteal laethúil. Deir daoine go bhfuil muid craiceáilte, ach bhí fhios againn sin cheanna féin. Ní raibh sé ró-olc! Shroich muid Leitir Ceanainn ag 8.55, in am don obair agus bhí muid ar ais in Ailt an Chorráin ag 5.50, deich mbomaite luath don bhád isteach.
Seans maith go bhfuil muid as ár meabhair, agus is cinnte go mbeidh sé níos deacra nuair a rachaidh an aimsir in olcas, ach níl duine ar bith againn ag iarraidh ár n-oileáinín beag féin agus ár dteach úr a fhágáil.
Ó, nach trua go gcaithfeas an samhradh imeacht uainn!!!

5 comments:

  1. Is fiú é, dar liomsa. Fan gar don fharraige, a chara.

    ReplyDelete
  2. D'fhág mise an baile ag 7:20, agus ní bhím sa bhaile go dtí leathuair tar éis a seacht.

    Agus sin gan oileán ar bith a bheith agam - níl agam ar baile suanleasa ar imeall na cathrach...

    ReplyDelete
  3. Maith tú a chara. Beidh an-chuid fadhbanna agaibh nuair a thosaíonn an drochaimsir déarfainn. An bhfuil na mic léinn thar n-ais libh go fóill?

    ReplyDelete
  4. Go raibh an t-ádh leat - agus an bád leis!

    ReplyDelete
  5. Cuir deich nóiméad sa bhreis ar an turas atá ag Aonghus, agus sin mo scéalsa. 7:10am go 7:40pm. Gan fadhb ar bith, sin a rá...

    ReplyDelete