Saturday, September 11, 2010

Eitiltí Saora???

Chaith muid an deireadh seachtaine seo chuaigh thart i Manchain, Sasana ag bainis mo chol ceathrair. Tharla sé gur roghnaigh muid eitilt ó Aerfort Iarthar Éireann nó Aerfort Chnoc Mhuire mar a bhí aithne againne air riamh anall.
Bhí muid iontach cúramach agus muid ag cur na suíocháin in áirithe dúinn féin. Sheacain muid gach aon iarracht a rinne an aerlíne puntaí sa bhreis a mhealladh uainn. €50 a chosain na heitiltí agus le cánacha, costaisí agus táillí cárta creidmheasa (nach féidir a sheachaint), tháinig an bille chuig €200. Roghnaigh muid ar sheiceáil isteach ar líne, d'éirigh le mo bhean mhaith gach a raibh de dhíth orainn a chur isteach i ndá mhála beag sa dóigh is go mbeadh muid in ann iad a iompar ar an eitleán linn - socruithe déanta aici go mbeadh earraí riachtánacha nach féidir a chur sa handluggage ar fáil dúinn ar an taobh thall. Thoiligh muid ar a bheith scartha óna chéile le linn na heitilte leis an táille chun 2 shuíochán le chéile a sheachaint, agus rinne muid sleaschéim thart ar an 5 chleas eile a bhí acu chun cúpla euro eile a bhaint dínn.
Bhí muid breá sásta linn féin nuair a bhain muid an t-aerfort amach, seiceáladh na cártaí bordála (priontáilte agam féin sa bhaile) agus ligeadh fríd muid. Caidé a bhí romhainn, nuair nach raibh aon dul siar ach bean i mbothán ag cuartú €10 an duine uainn chun seirbhísí an aerfoirt a úsáid! Ní raibh mé sásta. Thosaigh mé ag gearán agus ag ceistiú. Fríd an phróiseas fada a bhain le fáil chomh fada le seo níor luadh liom oiread is uair amháin go raibh táille bhreise le híoc. Bhí mé ag tosacht ag troid leis an bhean bhocht sa bhothán nuair a chuir mo bhean mhaith €20 thar mo ghualainn agus isteach i lámha an ghirsigh. Tharraing sí as an bhealach mé agus bhrúigh sí i dtreo an lucht slándála mé. Maith an rud! Nuair a fhaighim dealg i mo chos, ní stadaim ag dtarraingím amach í.
Ar pilleadh dúinn, tharla gur chuir cara de mo chuid an físeán seo chugam. Chuidigh sé liom dearmad a dhéanamh den dealg!


6 comments:

  1. Amhrán iontach! Agus fíor, faraor...:-)

    ReplyDelete
  2. Níl a leithead de rud ann agus lón saor in aisce!

    ReplyDelete
  3. Chuala mé ag Marion ar an raidió inné iad. Iontach ar fad.

    Mar sin féin, fiú leis an gcleasaíocht ar fad, tá eitiltí níos saoire ná mar a bhí ag tús na 1990í agus mé ag cuir fúm sa Ghearmáin.

    ReplyDelete
  4. Ní hé an praghas is mó a chuireann isteach ar dhaoine, a Aonghuis, ach an amaidí faoi bheith ag fogrú praghas saor nuair atá an oiread costaisí breise atá ceillte agus an fútaráil thart a bhaineann leis an phróiseas ar fad.

    ReplyDelete
  5. A Phroinsias, a chara,

    Níl baint ar bith ag an trácht seo uaim le heitiltí, ach bhí lúcháir orm aréir nuair a chonaic mé d'ainm ar cheann de shuíochán na mbuaiteoirí i bPáirc an Chrócaigh, áit a raibh duaiseanna liteartha an Oireachtais á dháileadh!

    Faraor, ní raibh tú ann, ach comhghairdeas ó chroí leat, a chara! Nár laga do Ché do lámh...:-)

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agat, a Áine. Comhghairdeas duit féin, tuillte go breá. Is breá liom an ócáid úd i bPáirc an Chrócaigh ach ar an drochuair ní raibh mé in freastal a dhéanamh air i mbliana.
    Maith thú as an dán galánta fosta. An mbeidh deoch againn le chéile i gCill Airne mar cheiliúradh??

    ReplyDelete