Saturday, September 11, 2010

Granuaile


Tá an Granuaile istigh tráthnóna. Bád galánta de chuid Coimisinéirí Soilse na hÉireannIrish Lights mar a thugtar orthu thart fán cheantar seo. Tig sí thart uair nó dhó sa bhliain chun na soilse loingseoireachta agus teach an tsolais a sheirbhísiú. Cuirim sonrú i gcónaí i méid an tsoithigh. Bhí mé ag teacht isteach ar an bhád farrantóireachta inniu agus chuaigh muid thairis ar an bhealach isteach. Mhothaigh mé beag lena thaobh!

Tá sí galánta faoi láthair lasta suas thíos fúinn sa bháigh. Rinne mé iarracht grianghraf a tharraingt di ar ball, ach ar an drochuair, níl mo cheamara maith go leor don ghrianghrafadóireacht oíche!

1 comment:

  1. Tá sí breagán ceanntrom ag breathnú. Caithfidh sé go bhfuil sí cosúil le cnoc oighir -- a lán di as radharc faoin uisce!

    ReplyDelete