Sunday, November 21, 2010

Agus seo chugainn...

Teacht amach as teach an phobail i ndiaidh aifreann a haon déag ar maidin, cé tchím romham, lámh sínte amach, fáilte chroíúil aige romham chuig clós an tséipéil ach Eamonn Gilmore! Caithfidh sé go bhfuil tábhacht iontach le pobal beag s'againne. An Taoiseach agus leath na comhaireachta inné, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre le dhá fhoireann cheamaraí ar maidin.
Táthar ag rá sa phub go mbeidh Enda Kenny agus Gerry Adams ar an bhealach gan mhoill. Is as Árainn Mhór d'athair Dan Boyle ón Chomhaontas Ghlas agus is dócha go bhfuil a gcuid vótaí slán de thairbhe sin.
Tá buntaistí ann, is dócha, go bhfuil orainn vótaí a chaitheamh luath. Tá aird na tíre orainn, an chéad phobal a bheas seans acu breith a thabhairt ar a bhfuil ag titim amach sa tír.


Iascairí agus mná tí ag iarraidh a gcuid a chinntiú don todhchaí. An dtiocfaidh a dhath maith as?

5 comments:

  1. "...go mbeidh Enda Kenny agus Gerry Adams ar an bhealach gan mhoill."

    An mbeidh siad ag taisteal sa bhád céanna?

    ReplyDelete
  2. "Is as Árainn Mhór d'athair Dan Boyle"

    An bhfuil iarrthóir Glasach ag rith sa bhfothoghchán?

    ReplyDelete
  3. Go bhfios domh, níl a Dhubhaltaigh!

    Ní dóigh liom go mbeidh Enda agus Gerry istigh, a Ormondo. Níl ann ach baothchaint ar an oileán go mbeidh orthu teacht isteach le fanacht ar aon chéim le FF & LO. Bheadh sé suimiúil iad a bheith ar an bhad chéanna, áfach.

    ReplyDelete
  4. Cad iad na habháir cainte is mó ann 'ar an talamh' mar a déarfá? An bhfuil na hiascairí agus mná tí ag plé ceisteanna móra eacnamaíochta na tíre? Nó na gnáthrudaí áitiúla? Cosúil le potholes a líonadh agus ar uile?

    ReplyDelete
  5. Déarfainn go bhfuil meascán den dá rud ann, a John. Ceist náisiúnta/Eorpach is í an iascaireacht. Ceist measartha náisiúnta é na ciorruithe ar bhuiséad na Gaeltachta fosta, cé go mbíonn tionchar loganta leis.
    Sílim go bhfuil glacadh ann i measc an phobail go mbeidh gearradh siar ar phinsean, dól etc. Bhí mé ag caint le fear aréir a dúirt go raibh an dól ró ard ar scor ar bith. Chuala mé fear ar maidin ag rá gur chóir 'seirbhís náisiúnta' a thabhairt isteach.
    Is cuimhin liom gur labhair mé le fear cúpla mí ó shin atá ag obair leis an chomharchumann caidé mar a bhí an 'recession' ag cur isteach ar chúrsaí. Dúirt sé go raibh 'recession' ann riamh. Tuigim a chás agus is dócha mar sin nach bhfuil an t-oileán ionadaíoch don tír uilig. Ní raibh 'boom' anseo agus de thairbhe sin, níl cuma ró-olc ar an recession!

    ReplyDelete