Saturday, November 20, 2010

Cuairt an Taoisigh

Tomhais cé a tháinig chuig an doras ar maidin... taoiseach na tíre é féin, Brian Ó Comhain. I dteach m'uncail in Árainn Mhór a bhí mé agus go tobann isteach an doras leis an Taoiseach, an Tánaiste, Eamonn Ó Cuív agus Brian Ó Domhnaill, iad uilig ag stocaireacht fá choinne vótaí. An dtarlódh a leithéid i dtír ar bith eile ar domhan??? Tá an tóin ag titim as an tír, an IMF agus an ECB ar cuairt ach fós féin, tá an 500 vóta anseo in Árainn tábhachtach.
Déarfadh an duine soiniciúil gur chóir don Taoiseach a bheith i mBaile Átha Cliath, a cheann crom thar leabhair chuntasaíochta, ach ní thagaim leo. Níor thug ach beirt taoiseach cuairt orainn anseo riamh roimhe, Eamon de Valera san 1940í agus Cathal Ó hEochaidh sna 1980í agus ba lá mór dúinn é cuairt seo an Chomhanaigh. Seans nach bhfuil ár gcuid fadhbanna beaga féin chomh tábhachtach sin don náisiún, ach tá siad tábhachtach dúinne!
Cuairt an-ghasta a thug an Taoiseach orainn ar maidin, ach thaitin sé liom gur bheannaigh sé liom i nGaeilge. Go minic tosaíonn polaiteoirí i mBéarla agus má fhaigheann siad leid go bhfuil Gaeilge agat, is ansin a thosaíonn siad ag caint i nGaeilge. Níorbh amhlaidh do Bhrian cóir. Ní raibh a fhios aige cé a bhí ionam, ní raibh mé i mo theach féin agus ní bheadh 'minder' éigin in ann cogar a chur ina chluas gur chóir dó Gaeilge a labhairt liom. Bhuail sé liom gan choinne agus Gaeilge ba thúisce as a bhéal. Gaeilge a labhair sé leis na páistí fosta.
Sin mo scéal mór don lá inniu. Beidh muid ag vótáil Dé Luain, trí lá roimh an chuid eile den chondae - rud nach bhfuil ceart, ach é sna rialacha leis na cianta - ar eagla nach n-éireodh le bád na vótaí a thabhairt go tír mór in am de thairbhe drochaimsire.
An bhfuil mé toilteanach vóta a chaitheamh i dtreo Fhianna Fáil i ngeall ar imeachtaí na maidine? Leis an fhírinne a inse, tá m'intinn socraithe agam le cúpla seachtain anuas cé dó a bhfuil mé a ghabháil vótáil agus cé go raibh sé deas an Taoiseach a fheiceáil, ní dóigh liom go gcuirfidh sé isteach nó amach ar na pleananna a bhí agam go dtí seo!


Mé go díreach ag meabhrú, nach saoithiúil go gcuirim sonrú ann nuair a labhraíonn ceannaire na tíre, teanga na tíre le saoránach na tíre. C'áit eile ar domhan a bhfaighfeá é?

8 comments:

  1. C'áit eile ar domhan a bhfaighfeá é?

    Is iomaí corr mar é atá corr abhus.

    ReplyDelete
  2. An raibh tearmann á lorg aige ar an oileán nó ar fhill sé ar an mórthír arís faoi dheireadh? ;-)

    ReplyDelete
  3. @'ní dóigh liom go gcuirfidh sé isteach nó amach ar na pleananna a bhí agam go dtí seo!'

    Is dóigh liom go bhfuil mianach an pholaiteora ionat féin, a Phroinsias, leis an freagra nár thug tú ansin...:-)

    ReplyDelete
  4. Tá tú ag cur aithne mhaith orm, a Áine. :-)

    ReplyDelete
  5. An cladhaire sin i mo thighse! Sin deis a thapóinn le dúthracht, agus ní bheadh sé ag fágáil le aoibh ar a aghaidh.

    ReplyDelete
  6. Bhí mo bhean mhaith á ciceáil féin nach raibh sí féin ann. Bhí cúpla rud a ba mhaith léi a bheith ráite. Ní raibh ann ach mé féin agus na páistí i dtigh m'uncail. Ní maith liom féin racán a thógáil i dtigh nach liom féin é. Sin ráite, is dócha nach fear mór racáin mé cé bith. :-)

    ReplyDelete
  7. Tuigim duit. Ní fiú racán a thógáil le páistí thart, agus an baol ann d'uncail a mhaslú.

    B'fhearr liom cogar i gcluas. Tuigeann an polaiteoir an saghas iompair sin.

    ReplyDelete