Thursday, November 11, 2010

Dhá oíche chodlata!

Tharla rud an tseachtain seo nár tharla le 3 nó 4 de mhí. Fuair mé ocht n-uaire codlata aréir agus an lá roimhe sin. Is geall le fear úr mé.
Cúis mo mhall-shuí le ráithe? An galar udaí... an scríbhneoireacht.
Ag obair ar dhá leabhar a bhí mé, leabhar filíochta agus úrscéal. Tháinig an leabhar filíochta amach coicís ó shin agus chuir mé an dréacht deireanach den úrscéal chuig na foilsitheoirí Dé Máirt seo chuaigh thart. Beidh sé le foilsiú, le cuidiú Dé ag deireadh na míosa.
Cúig bliana oibre a chuaigh isteach sa chnuasach filíochta. Tchítear domhsa go bhfuil an fhilíocht i bhfad níos deacra le scríobh ná mar atá an prós. Is gá achan fhocal a thomhas go cúramach. Déarfainn go ndeachaigh mé fríd 20 dréacht difriúil le dhá nó trí bliana anuas sula dtáinig mé ar cheann a bhí sásúil. Mar sin féin, is mó sásaimh a bhainim aisti nó mar a bhainim as an phrós a scríobh.
Bhí an t-úscéal idir lámha agam le dhá bhliain, agus cé go raibh mise ag súil le cúpla mí eile a bheith agam sula bhfoilseofaí é, bhí mé faoi bhrú mór ama ó na foilsitheoirí é a bheith réidh an mhí seo caite (bhain mé seachtain nó dhó sa bhreis amach astu!). D'fhág sin mé i mo shuí go dtí a dó, a trí, uaireanta a ceathair ar maidin ag iarraidh é a chríochnú. Leis an fhírinne iomlán a inse, bhí an chéad dréacht críochnaithe i mí Mheán Fómhair, ach bíonn an oiread sin snasú, athscríobh agus eagarthóireacht le déanamh ar shaothar den chineál gur ghlac sé dhá mhí eile orm é a chríochnú mar is ceart.
Cuireadh faoi agallamh mé an tseachtain seo caite maidir leis an scríbhneoireacht agus cuireadh an cheist orm. 'Cad é an chéad rud a dhéanann tú nuair a bhíonn leabhar críochnaithe agat?'
An freagra uaimse: "Gabhaim buíochas le Dia mór na glóire agus geallaim domh féin nach gcuirfidh mé an stró sin orm arís go brách!" Beidh le feiceáil!


6 comments:

  1. Go maire tú an dá leabhar! Agus an faoiseamh atá tuillte agat anois, ar ndóigh.
    :-)

    An mbeifeá sásta focal nó dhó a roinnt linn faoin úrscéal?
    Ceist a haon: an le haghaidh daoine fásta nó le haghaidh déagóirí a scríobh tú é?

    ReplyDelete
  2. Comhghairdeachas leat, a chara, as na leabhair a chriochnú, agus as an gcodladh fada suaimhneach...:-)

    Rinne mé iarracht an leabhar filiochta a fháil an tseachtain seo caite, ach níor tháinig mé air - cá bhfuil sé le fáil?

    Táim ag dúil go mór leis an dá leabhar a léamh, a Phroinsias. Maith thú!

    ReplyDelete
  3. Tugaim faoi deara nach bhfuil sé ar 'litríocht.com' go fóill a Áine. Tógann na rudaí seo tamall is dócha. Trí seachtainí ó shin a tháinig sé ar ais ón chlódóir. Seachtain nó dhó eile is dócha!
    Úrscéal do dhaoine fásta é, a Denis. Mistéir bunaithe ar shaol Chathal Buí Mac Giolla Ghunna. Rún an Bhonnáin an teideal atá air!

    ReplyDelete
  4. Beidh mo shúil in airde don úrscéal.

    ReplyDelete
  5. Tréaslaím leat, a chara. Bhaineas triall as cúpla gearrscéalta a scríobh as Gaelainn, as Gearmáinis agus as Béarla sna blianta beaga.

    Dheineas é sa chéad áit chun blaiseadh den phróiseas litríochta a fháil i dtreo is go mbeinn in ann an litríocht a thuiscint agus a mheas níos fearr.

    Tuigim, mar sin, cuid den stró a chuir tu ort féin.

    Agus táim ag súil leis an dá leabhar siúd agat a bheith idir lámha agam amach anseo.

    ReplyDelete
  6. Maith thú, a Phroinsias! Léifidh mé iad le haoibhneas. Go raibh míle maith agat as an tsaothar.

    ReplyDelete