Tuesday, November 23, 2010

Lá na vótaí!

Chuaigh mé fá choinne pionta i dtigh Phil Bháin i ndiaidh domh mo vóta a chaitheamh tráthnóna. Chuir fear comhrá orm faoin toghchán, an scéal cloiste aige go raibh na Glasaigh i ndiaidh olltoghchán a iarraidh. Bhí rud beag corraí air. "Caidé bhí muid ag déanamh anseo inniu? Bloody waste of time!" Ní thiocfadh liom gan aontú leis.
Rud beag eile a chuireann corraí orm. Foilseofar plean 4 bliana an rialtais Dé Céadaoin. Beidh seans ag an chuid eile den toghcheantar é a mheas sula gcaitheann siad a gcuid vótaí, ní bheidh/raibh agamsa. Tá sé in am agus thar am rialacha toghchánaíochta na n-oileán a athrú. Níl sé ceart nó cóir go mbeidh orainn vótaí a chaitheamh chomh luath seo. Ar maidin, bhí cuma 'measartha' seasmhach ar an rialtas. Fán tráthnóna bhí sé ar an dé deiridh. Cá bhfios cad atá i ndán dúinn roimh an Déardaoin? Fabht sa chóras daonlathais atá ann, measaim.

9 comments:

  1. Rud beag eile a chuireann corraí orm.

    Tuigim duit. Ach nach vótálann tú toisc go mbaineann tú pléisiúr as? Ar nós na mná seo?
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Tagaim leat.

    Caithfidh mé a rá go bhfuil cantal orm leis an dream ar fad acu mar pholaiteoirí, agus níl tuairim faoin spéir agam cad a dhéanfaidh mé le mo vótá san olltoghchán atá ag druidim linn.

    Leis an feabhas i gcúrsaí iompair, tá na rialacha ar leith seo do na hoileán amscaí. Fuair siad réidh leo sa Ghaillimh, nár dhein?

    ReplyDelete
  3. Aontaím leat.

    Ach meas tú an dtugann polaiteoirí aird ar leith oraibh toisc go gcaitheann sibh vótaí go luath? Agus iad i mbun feachtais. (Seans maith go ndéantar dearmad ar bhur dtuairimí chomh tapaidh leis an gcuid eile den tír.)

    ReplyDelete
  4. Níl fhios agam faoin Ghaillimh. Lá roimh an toghchán a chaitheann oileáin Mhaigh Eo a gcuid vótaí.

    Faraor, ní raibh aon bhean mar sin san ionad vótála inné, a Denis. ;-)

    ReplyDelete
  5. Bloody waste of time!"

    Ní aontaím. Is féidir libh teachtaireacht a sheoladh.

    ReplyDelete
  6. Beidh deis úr go luath san athbhliain agat.

    ReplyDelete
  7. "Ach ar chostas mór don cháiníocóir... "

    Ní shílim go dtagann an "costas mór" ar chomhlíonadh daonlathais i bhfoisceacht scread asail do 99% den tseafóid a rinneadh an rialtas seo le 13 bliain anuas!

    Ní ábhar gearáin é ar aon chaoi...

    ReplyDelete
  8. 'Faraor, ní raibh aon bhean mar sin san ionad vótála inné, a Denis. ;-)'

    ASG! Ní bheidh mé in ann vóta a chaitheamh arís go brách gan an diabhal físeán sin ar shúile m'aigne agam, a Dennis!

    ReplyDelete