Tuesday, December 28, 2010

Bronntanas!

Bhí Nollaig an-shona againn anseo sa bhaile in Árainn. Tháinig Santaí agus bhí sé maith do na páistí. Lasadh na coinnle Oíche Nollag, chuir Margaret Bábaí Íosa sa mháinséar, ceoladh carúil, tugadh cuairt ar ghaolta is comharsana, éisteadh aifreann, itheadh agus óladh ár sáith is níor thit aon duine amach lena chéile thar thréimhse na saoire.
Níor chuir an drochaimsir isteach orainn ach an oiread, cé go raibh muid gan uisce reatha ó bhí Dé Máirt seo chuaigh thart ann. Buíochas do Dhia tháinig coscairt inné agus fuair muid uisce fríd na píobaí oíche aréir. Caidé mar a dhéanann na mná é? Chuir mo bhean mhaith, Suzanne, dinnéar ar an tabla do 18 lá Nollag gan uisce ar bith sa teach. Bhí muid marbh amach ag cuartú tobar agus foinsí eile uisce sna laethanta roimh an Nollaig mhór. Bhí go leor leor tithe ar an oileán gan uisce reatha le seachtain anuas.
"Caithfear pilleadh ar na foinsí" (na tobair) a deir an Searcach. Chuir sé mé ag smaoineamh. Is trua chomh fada is atá muid imithe ó na tobair agus na foinsí úd. Cé go bhfuair Santaí neart margaí i mbliana agus luach a chuid airgid faighte go han-mhaith aige, fós féin measaim gur chaith sé barraíocht ar pháistí s'againne. Ní hé nach bhfuil is fearr ar domhan tuilte acu, ach tugaim faoi deara gur mó an sásamh a bhaineann siad as na rudaí simplí ná mar a bhaineann siad as na rudaí daora. Chaith siad an mhaidin uilig ag súgradh le rudaí a cheannaigh Santaí ar chúpla Euro beag agus ba bheag an tsuim a bhí acu sa teilifís (an bronntanas mór) a cheannaigh fear na feasóige ar €120.
Cé gur chaith mo bhean mhaith airgead orm féin - in aineoinn mo dhian-mholadh gan níos mó ná €10 a chaitheamh ar bhronntanas domh - caithfidh mé a rá nárbh í a thug an bronntanas is fearr a fuair mise i mbliana.
Bhí m'uncail - deartháir mo mháthar - linn do bhéile na Nollag. Fuair a bhean chéile bás dhá bhliain ó shin agus níl páistí ar bith aige. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé linn anuraidh ach thug col ceathair de mo chuid cuireadh dó sula bhfuair mé faill. Mise is luaithe a thug cuireadh dó i mbliana agus is chugamsa a tháinig sé.
Thug sé beart beag litreacha domh nuair a chuaigh mé chuig teach s'aige i Screig an tSeabhaic lena bhailiú don dinnéar. Sin a bhí aige mar bhronntanas domh. Litreacha a scríobh mo mháthair chuig a tuismitheoirí na blianta fada ó shin. Tá mo mháthair marbh le 30 bliain. Ní raibh mise ach 6 bliana d'aois nuair a d'éag sí. Tá cuimhní agam uirthi ach tá siad fánach. Níor léigh mé na litreacha go dtí go raibh mé liom féin i ndiaidh do achan duine imeacht chun an bhaile i ndiaidh dinnéar agus céiliúradh na Nollag (4 a chlog ar maidin). Ní miste liom a rá gur chaoin mé mo sháith i marbhthráth na hoíche úd.
Bhí litir ann a scríobh mo mháthair abhaile lá i ndiaidh mo bhreithe. Í ag insint dá máthair fán saothar a bhí aici mé a thabhairt ar an tsaol, í ag déanamh cur síos gráúil orm, ag insint dá tuismitheoirí faoin bhród a mhothaigh m'athair go raibh mac faighte aige, etc etc. Litreacha eile insíonn siad scéal mo chuid diabhlaíocht linbh, mé ag toiseacht ag caint, mé á cur ó chodladh.
Luigh na litreacha sin i scioból sa tseanbhaile leis na blianta go dtí gur tháinig m'uncail orthu trí thimpiste cúpla seachtain ó shin. Ní bhfaighidh mé bronntanas a choíche arís go deo - dá méid saibhris a bheas againn sna blianta amach romhainn - ná an bronntanas a fuair mé uaidh i mbliana!

Nollaig shona agus bliain úr mhaith d'achan duine a léifeas seo!

5 comments:

  1. Abair bronntanas!

    Go mbaineadh tú tairbhe leanúnach as.

    ReplyDelete
  2. Scéal, agus bronntanas, ar leith, a Phroinsias. Ní féidir an peann ar phár a shárú - focail, agus lorg peannaireachta, do mháthar agat anois, gan tú ag súil ar chor ar bith leo.

    Is aoibhinn liom go bhfuair tú seoid chomh luachmhar, a chara.

    Anuraidh, fuair mé bronntanas mar é, litir álainn a scríobh mo dheirfiúr Ciara fúm, chuig deirfiúr eile, blianta ó shin.

    Maidin Lá Nollag a fuair mé í, agus léadh amach dom é, ó tharla nach raibh mé in ann, an lá sin ná go dtí seo, an litir a léamh mé féin.

    Tuigim do dheora, agus tuigim d'aoibhneas...:-)

    ReplyDelete
  3. Scéal álainn, tháinig tocht orm á léamh. An bronntanas is luachmhara duitse agus an ceann is lú costas....teagmháil díreach le croí do mháthair, nach raibh nó nach mbeidh riamh briste.

    ReplyDelete
  4. A Phroinsias, tá fadhb agam le mo bhlag, Mise Áine, ó tharla é faoi ghlas/mhíchumas ag Google, agus tá blag nua cruthaithe agam ag http://ramhaille.blogspot.com - bheinn buíoch díot ach na sonraí sin a athrú faoi 'Lucht Airnéil' agus beidh fáil agat ar mo rámhaillí ansin - más mian leat!

    ReplyDelete
  5. "Bhí mé i ngrá, meallta ar fhear a thug neamhaird orm ar feadh míonna. Elijah is ainm dom. Bainim úsáid as a bheith ag obair leis, agus nuair a aistríodh é go dtí an Eoraip bhí mé millte agus chuaigh mé ag cuardach cabhrach nuair a tháinig mé trasna an fear seo ar an suíomh Dr Obodo R-phost templeofanswer@hotmail.co.uk agus iarraim cabhair chun go mbeadh sé i gcuimhne agus tar éis 3 lá den obair a ghlaoigh sé orm agus dúirt sé liom go dtaitníonn sé liom.
    ... Go raibh maith agat an Dr Obodo Tá dúil mhór agam as do chuid oibre. "- Monique, SAM

    ReplyDelete