Saturday, December 11, 2010

Call Mother a Lonely Field


Léigh mé leabhar Liam Carson, 'Call Mother a Lonely Field' an tseachtain seo chuaigh thart. Seoid bheag de leabhar atá ann, gan ach 128 leathanach ann ach an oiread sin idir an dá chlúdach. Rinne Liam mo leabhar beag filíochta féin a sheoladh i mBéal Feirste coicís ó shin agus ba ann a thug sé cóip den leabhar domh. Tá an scéal i mo chloigeann ó shin agus beidh go ceann tamaill mhaith eile.
Leabhar galánta atá ann ar chóir d'éinne ar chás leo an Ghaeilge, stair shóisialta na tíre, coincheap na hoidhreachta agus grá clainne a léamh agus a athléamh. Fuair mé mé féin go minic i rith na seachtaine ag tarraingt an leabhair chugam le breathnú arís ar shleachta áirithe. Tá an prós ann soléite, nadúrtha agus ealaíonta, rud is neamhghnách i gcuid mhór saothar den tsórt. Cuimhní Cinn atá ann ina ndéanann Carson ceiliúradh ar fhís uaillmhianach a thuismitheoirí a thóg clann trí Ghaeilge i mBéal Feirste nuair nach raibh aon duine eile á dhéanamh. Déantar taiscéalaíocht neamhmhaoithneach ar chúrsaí féiniúlachta agus ar na haislingí dochloíte a mheallann is a choinníonn i gcarcair muid. Mholfainn go mór d'éinne é a léamh. Leabhrán é a bheireann misneach agus beathú don léitheoir!

2 comments:

  1. Go raibh maith agat as an léirmheas. Léigh mé Fishing for Amber, an leabhar a d'fhoilsigh a dheartháir Ciarán Carson deich mbliana ó shin, agus bhain mé sult as. Caithfidh an ceann seo a fháil.

    ReplyDelete
  2. @ 'Go raibh maith agat as an léirmheas..Caithfidh an ceann seo a fháil.'

    Mise freisin. Agus, gheobhaidh mé do leabhar féin leis, a Phroinsias...:-)

    ReplyDelete