Friday, December 17, 2010

Mo Leanbh Úr

Tháinig sé amach faoi dheireadh. Rinne Cathal Goan úrscéal nua de mo chuid a sheoladh sa Leabharlann Náisiúnta Dé Luain seo chuaigh thart. Dhá bhliain go leith ó shin chuir mé na chéad fhocail ar phár agus an tseachtain seo chonaic siad solas an lae.
Is rud aisteach í an scríbhneoireacht. Dá suífeá síos agus dá smaoineofá ar an dua agus ar an obair a bhí romhat 260 leathanach de leabhar a scríobh, ní thosófá a choíche. Fós féin, bíonn rud inteacht ionat a bhrúnn chun tosaigh thú, creideamh éigin gur chóir an scéal a inse, a chuidíonn leat an lámh in uachtar a fháil ar an 'bac scríbhneora' a bhuaileann tú ar lgh 56, 79, 132 agus 187!
Fuair mé féin cóip den leabhar 2 nó 3 sheachtain ó shin, agus an gcreidfeá, ní raibh mé ábalta é a léamh. Gach uair a thóg mé é, bhí mo shúil ag cuartú botún cló (4 cheann aimsithe agam go dtí seo!), bhí an clúdach a scrúdú agam, an ceangal, an clóchur agus na céadta rud beag eile nach dtógfadh gnáth-chríostaí faoi deara. Léifinn paragraf agus bheinn den tuairim go raibh barraíocht briathra in úsáid agam ann, cháinfinn aidiacht ar leathanach eile, cheisteoinn an dialóg (bhfuil sé nadúrtha go leor?), gheobhainn locht ar fhocal a bhí ró-chanúnach, ró-chaighdeánach, ró-choitianta......
Is cuma, an rud atá déanta tá sé déanta agus níl aon dul siar. Mar a bhíonn le gach leanbh, tig an t-am nuair a chaithfidh tú scaoileadh leis. Tuigeann tú go dtiocfadh le rudaí a bheith níos fearr dá mbeadh tuilleadh ama, tuilleadh tallainne agat. Caithfidh an leanbh seasamh ar a chosa féin anois!

Rún an Bhonnáin is ainm don leabhar. Baineann sé le Cathal Buí Mac Giolla Gunna agus an dán cáiliúil a bhí aige 'An Bonnán Buí'. Sceinséir i stíl 'The da Vinci Code' atá ann, a bhfuil rún ársa faoi cheilt sna lámhscríbhinní (mo bhuíochas do bhlagmhíreanna Dennis as an inspioráid!) agus cultas atá ar a dhícheall é a choinneáil ceilte! Faigheann neart ceoltóirí sean-nóis bás ar an bhealach [rud a thaitin le Cathal Goan !?!?!?].
Ar scor ar bith, má thagann aon duine agaibh trasna air agus má éiríonn libh é a léamh, bheinn buíoch as bhur dtuairiscí ina thaobh. Is maith liom nuacht, bíodh sé maith nó olc, a fháil faoi na páistí nach bhfuil faoi mo chúram níos mó!


9 comments:

  1. Maith thú, agus comhghairdeachas!

    Gheobhaidh mé é, gan dabht, agus an leabhar filíochta leis...;-)

    ReplyDelete
  2. Mór an trua nach raibh fhios agam sin. Bheadh deis agam scuaird ar an leabharlann a thabhairt agus buaileadh leat.

    ReplyDelete
  3. Comhghairdeas leat, a dhuine na n-árann. Ná déan dearmad gur féidir rud a dhéanamh níos measa leis an iomarca athruithe, freisin!

    ReplyDelete
  4. Tá mé díreach tar éis scríobh chuig Caitlín ag Litríocht.com, féachaint an bhfuil sé ar fáil!

    ReplyDelete
  5. Dúirt Caitlín:

    Tá brón orm níl sé againn fós, tá sé ordaithe agam ach níor tháinig sé isteach fós - an t-seachtain seo chugainn tá súil agam.

    ReplyDelete
  6. Mar a bhíonn le gach leanbh, tig an t-am nuair a chaithfidh tú scaoileadh leis.

    Sin é. A fhad is scríobh tú comh maith is a thig leat, deirimse maith thú.

    Is maith liom nuacht, bíodh sé maith nó olc, a fháil faoi na páistí nach bhfuil faoi mo chúram níos mó!

    Léigh mé Fear na Féile Vailintín. Bhí cupla focal a scríobh tú i litriú Uladh agus sa litriú chaighdeánach. Mionrud. Bhí an leabhar maith (agus aisteach, ach i dóigh mhaith). Agus thug sé cuidiú domh le mo chuid Gaeilge. Léifidh mé an leabhar seo nuair a thig liom. Go maire tú!

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat, a Sheáin.
    Chuaigh an leabhar sin - Fear na Féile Vailintín - fríd lámh throm eagarthóra.
    Foilsíonn an comhlacht úd leabhar do chainteoirí dúchais Gaeilge atá ag foghlaim léamh agus scríobh na Gaeilge agus bíonn sé de nós acu na leabhair a fhoilsiú sna canúintí. Is dócha gur léigh tú leagan Uladh.
    Tá leagain Chonnachta agus na Mumhan ar fáil anois.

    Buíochas agus Nollaig mhaith agat!

    ReplyDelete
  8. Léite agam agus taitneamh bainte as. Go raibh maith agat a Phroinsias(aigh)?. Da Vinci Cód na Gaeilge gan amhras!

    ReplyDelete