Tuesday, December 7, 2010

Sláinte!

Bhí cúpla deoch againn sa teach anocht i ndiaidh do na páistí dhul a luí. Tá an buiséad le bheith ann amárach agus gach aon seans nach mbeidh fonn céiliúrtha orainn amárach. Tháinig an tsláinte seo isteach i mo chloigeann. Fuair mé é ó dhuine muinteartha liom traidhfil blianta ó shin. Chuala mé leagan de ó Phádraig Ua Maoileoin ó Chorca Dhuibhne fosta, tráth ar ghnách linn piontaí a ól i gcuideachta a chéile i mBaile Átha Cliath. Go ndeana Dia A mhaith air!
Is maith liom é a aithris ach is beag duine atá in ann ciall a bhaint as. Is lú arís an líon daoine atá ábalta é a rá go gasta gan focal a chailleadh agus cúpla pionta ar bord acu!

Ólaim do shláinte, a mhinic a thig
fá thuairim do shláinte, a mhinic nach dtig
'sé mo thrua go mór nach minic nach dtig
a thig chomh minic le minic a thig!

5 comments:

  1. Mo ghraidhin go deo thú, a Mhinic-a-Thig.
    Mo ghrá go deo thú, a Mhinic-nach-dTig.
    Is é mo léan is mo thrua nach é Minic-nach-dTig
    a thig chomh minic le Minic-a-Thig.

    Sin é an leagan de atá agam. Tá sé níos éasca don léitheoir leis na fleiscíní agus leis na ceannlitreacha.

    ReplyDelete
  2. Tá scéal ag dul leis, nach bhfuil? Bean a raibh uirthi an té a tháinig go minic a phósadh ach go raibh a croí istigh san té nár tháinig chomh minic? Dúirt sí an rann seo ag a bainis (agus más buan mo chuimhne d'éalaigh sí ansin le minic nach dtig...)

    ReplyDelete
  3. Sin é, a Aonghuis. Bhí an leagan den scéal rud beag difriúil agamsa ach sin é. Is dócha go gcaithfidh an scéal a bheith ag duine sula dtig leis an rann a thuigbheáil i gceart.

    ReplyDelete
  4. @ 'd'éalaigh sí ansin le minic nach dtig...)'

    Glacaim leis nár phós sí minic a thig ar dtús.:-)

    ReplyDelete
  5. Ní cuimhin liom.

    San ré úd....

    ReplyDelete