Monday, January 31, 2011

Focal úr

Ag caint domh le máthair mo chéile inniu, tharla focal úr domhsa sa chomhrá. Chaith mé tamall maith den tráthnóna ag iarraidh teacht ar an dóigh cheart lena litriú.
"éadach DACHALLACH" a bhí aici. An míniú a bhí aici air ná éadach a bhí dorcha- donn, dubh corcra etc. Chaithfeá éadach geal sa tsamhradh ach éadach "dachallach" a chaithfeá sa gheimhreadh.
An focal is gaire den chiall atá aimsithe agam go dtí seo ná "dócúlach". Uncomfortable, painful, distressing (FGB) Is minic an fhuaim 'a' ag 'o' i gcanúint s'againne. Barúil ar bith ag aon saineolaí amuigh ansin?

7 comments:

  1. An mar /h/ a fhuaimníonn sí 'ch' leathan i lár an fhocail? An féidir go bhfuil baint ag "dachallach" le "dath"?

    ReplyDelete
  2. Rith an smaoineamh sin liomsa fosta a Dennis, go dtiocfadh le ceangal a bheith leis an fhocal 'dath' ach níl mé in ann a dhath a aimsiú san fhoclóir go fóill.

    ReplyDelete
  3. Tá an focal 'dathannach' ar leathanach 310 Dinneen, agus is ionann 'léine dathannach' agus 'a "print" shirt'.

    ReplyDelete
  4. Céard faoin bhfocal 'dathannach'? Tá an focal ag Duinín agus tá 'Bréid dathannach' i bhFoclóir an Acadaimh Ríoga. Ach tá faitíos orm nach ndearna mé de chuardach ach sin.

    ReplyDelete
  5. Agus tá 'doicheallach' ann, dá bhféadfaí a rá go bhfuil éadach 'inhospitable'!

    ReplyDelete
  6. An bhfuil seans ann gurb í "dall" an fréamh i slí éigin?
    "Bhí dubh is dall na hoíche ann." Mc Cionnaith
    "Idir dall is dorchadas" (clapsholas)

    ReplyDelete
  7. Níl mé cinnte faoi 'dathannach', nach bhfuil ciall dathanna geala leis? B'fhéidir go bhfuil ciall na dorchachta leis fosta. Níl Duinín nó foclóir an Acadaimh Ríoga ar láimh agam.
    Is suimiúil a deir tú faoi 'dall' a Hillary. Beidh tuilleadh taighde de dhíth orm.

    ReplyDelete