Ar ndóigh cuid den oíche i dtigh s'againne is é an comhrá agus airnéal, rud a d'fhág na páistí mall ag dul a luí. Óladh cúpla deoch agus, cé nach ndearna muid brúitín ar bith i mbliana, itheadh ár sáith.
Tá an tEarrach linn a chairde, agus beidh na laethanta ag dul chun síneadh. Bhí mé ag éisteacht le daoine ag caint faoi choiscéimeanna coiligh le cúpla seachtain anuas, beidh siad le feiceáil i gceart feasta!
Tá na crosóga crochta, an bhratach fágtha amuigh agus é in am soip, ach fágfaidh mé sibh le paidir na féile:
"Gabhaigí ar bhur nglúine,
fosclaigí bhur súile
agus ligigí isteach Bríd bheannaithe!"
Go mba amhlaidh é!
ReplyDeleteTá mo bhratach istigh anois...:-)
ReplyDeleteTuigim an crosóga - tá ceann acu ar crochadh sa chistin againn. Ach cad é an bhratach (i gcomhthéacs Lae Fhéile Bríde)?
ReplyDelete@Dave: Tá eolas maith ar shuíomh Áine (ramhaille.blogspot.com) faoin bhratach. Ní bheadh mórán agamsa le cur leis!
ReplyDelete