Friday, March 25, 2011

Drámaí agus Drámatacht!

Bhí mé féin agus mo bhean mhaith ag amharc ar an bhocsa sa choirnéal anocht, na páistí curtha a luí, dearmad nach mór déanta againn den agó a bhí ag an doras ní ba luaithe ag iarraidh leagan Gaeilge d'fhoirm an daonáirimh a aimsiú, de theip iomlán an chuisneora aréir, den dhá fháire a d'fhreastail muid orthu inné, de thimpiste Dan sa chlós súgartha tráthnóna, de dheartháir céile san ospidéal i Leitir Ceanainn agus máthair chéile san ospidéal i nGaillimh... bhí sé deas suí thart agus bolgam a ól os comhair na teilifíse.
Bhí clár measartha maith ar siúl, dráma nua-aimseartha de chuid na sraithe 'Síol'. Bhain an bheirt againn sult as. Tháinig Conchubhar i m'intinn agus mé á choimheád. Tá sé le maíomh aige le tamall anuas go bhfuil feabhas mór i ndiaidh teacht ar chúrsaí drámaíochta ar TG4 agus is dócha go bhfuil an ceart aige (Na Cloigne, Corp + Anam, Síol...). Tá neart scéalta maithe corraitheacha curtha amach le tamall anuas agus bhí ceann acu le feiceáil ar an TV anocht.
Ansin gan choinne, tháinig cotadh orm, siúd mar a bheadh máistir scoile crosta ann a amharcann go mífhoighneach ar dhalta nach bhfuil a chuid obair bhaile déanta aige, shamhlaigh mé Conchubhar ag croitheadh méir orm as an neamart atá déanta agam ar an bhlag seo le mí anuas... bhál, ní raibh sé díreach chomh drámatúil sin, ach os rud é go bhfuil me ag trácht ar chúrsaí drámaíochta, maitear domh an áibhéil bheag.
Ar scor ar bith, bíodh go bhfuil feabhas ar chúrsaí dráma ar na haerthonnta, tá mé féin agus mo bhean mhaith ar aon intinn go bhfuil locht mór amháin ar na cláir seo ar fad - tá na haisteoirí céanna i ngach aon cheann acu. Na haghaidheanna ceannan céanna le feiceáil arís is arís eile ar Ros na Rún, Na Cloigne, Corp + Anam, Síol... An é go bhfuil ganntanas aisteoirí againn sa tír seo? An é go bhfuil ciorcal beag ann, siopa druidte, mar a déarfadh fear an tSacs-Bhéarla, is nach roghnaítear aisteoirí as taobh amuigh den chiorcal sin? An é nach bhfuil Gaeilge ag mórchuid aisteoirí Bhanbha?
Ní bhaineann an fhadhb seo le drámaí Chonamara amháin, bhí an scéal amhlaidh i C U Burn, Gleann Ceo agus FFC a bhain a bheag ná a mhór le Tír Chonaill ghlas na n-eas glan! An bhfuil aon seans ann, an chéad uair eile a bheas clár á choimisiniú ag na húdaráis chraoltóireachta, go ndéanfadh siad iarracht beag aghaidheanna nua a chur os ár gcomhair - ar mhaithe leis an éagsúlacht go díreach. Corruair bím den tuairim go bhfuil neamhord ilphearsantachtaí ar Mhacdara Ó Fáthartha tá an oiread sin persona léirithe aige ar an scáileán le cúpla bliain anuas. Cuireann an oiread sin carachtar, uilig leis an aghaidh chéanna, mearbhall orm. Agus ní hé is measa!

Seo mé anois ag tarraingt ar an leabaidh. Muid ag imeacht ar béal maidine, bus lán scoláirí linn soir an bealach go hArd Mhacha ionsar Fhéile Scoldrámaíochta Chúige Uladh. Dhá dhráma a bheas ar an ardán againn amárach. Más maith le ceannasaí TG4 scairt a chur orm oíche amárach, bhéarfaidh mé liosta fada daoine óga - aghaidheanna úra - dó as achan chearn i Leath Choinn, a bheadh iontach go deo mar aisteoirí sa chéad tionscnamh eile atá beartaithe ag an chraoltóir!

5 comments:

  1. Caithfidh go bhfuil bearna (eile!) i mo chuid Gaeilge:

    dearmad nach mór déanta againn den agó a bhí ag an doras ní ba luaithe ag iarraidh leagan Gaeilge d'fhoirm an daonáirimh a aimsiú

    Níl an focal “agó” agam ach san abairt chalctha/shioctha “gan aon agó”. Céard is ciall leis anseo?

    ReplyDelete
  2. @ 'Dhá dhráma a bheas ar an ardán againn amárach.'

    Cén chaoi a ndeachaigh rudaí daoibh?

    Maidir le 'aghaidheanna úra', meas tú an gcaithfeadh duine bheith mar bhall de Actors Guild, nó a leithéidí, sula mbeadh cead acu bheith páirteach in aon chlár teilifíse?

    ReplyDelete
  3. Maith thú, a Dennis. Ní fhaca mé an botún sin. 'Stró' a bhí i gceist agam. Tuirse na hoíche aréir ba chúis leis an typo is dócha.

    Chuaigh rudaí iontach maith, a Áine. Díreach i ndiaidh pilleadh chun an bhaile. Rinne siad gnoithe breá.

    Rith sé liom fosta, go mb'fhéidir go bhfuil baint ag 'Equity' nó eagras eile den tsórt leis an scéal.

    ReplyDelete
  4. dála an scéil ceapaim go bhfuil Ros Na Rún ag iarraidh teacht ar aisteoirí nua!

    Níl ríomhphost teagmhála nó cuntas twitter agat, an bhfuil?

    ReplyDelete
  5. Nílim ar Twitter. proinsias@arainnmhor.com, ach ní bheadh aon dúil agam féin a bheith ar an scáileán mór...

    ReplyDelete