Friday, April 15, 2011

Ó bhéal na n-óg...

Ar Chlár Mhuigh Eo a bhíos le seachtain ag reachtáil scrúduithe béil don Ardteist. Bhí an oiread sin pleananna agam na tráthnóntaí fada óstáin gan pháistí a chaitheamh i mbun pinn ach monuar, is beag a rinne mé.
Ar scor ar bith beidh mé ag tabhairt aghaidh ó thuaidh arís amárach agus is breá sásta a bheas mé mo mhuirín a fheiceáil an athuair. Ní raibh mé scartha uathu chomh fada seo ariamh aroimhe agus beidh lúchair orm a bheith sa bhaile arís.
Bhain mé sult as mo chuairt ar an chondae stairiúil seo. Ní bhfuair mé faill mórán cuartaíochta a dhéanamh ach tharla mé i ngiorracht Achadh Céide inniu agus stop mé ann tamall ag déanamh mo mhachnamh ar an tsíoraíocht.
Sin ráite, ní ar Achaidh Chéide atá mo smaointí anocht. Tá mé ag dul a luí le gáire fonnmhar ar mo bhéal ag smaointiú ar an leaid óg atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an 'tarbheolaíocht' ar an choláiste, ar an ghirseach bhocht a bhfuil 'trí chapall uirthi', ar an ghasúr a bhfuil deartháir óg aige atá 'trí chéad bliana d'aois' agus ar an chailín sin atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar 'Francie' - cibé fear ádhúil é sin!
Á, an scrúdú béil... cá bhfaighfeá a mhacasamhail?

5 comments:

  1. cá bhfaighfeá a mhacasamhail?

    Google Translate ?

    ReplyDelete
  2. Ceann níos fearr faighte agam ar maidin.
    Bhí girseach ag insint dom faoi na seomraí atá ina teachsa: ...4 sheomra codlate, cistin, seomra suite agus dhá sheomra fuckála...
    Níl a fhios agam cad a bhíonn ag dul ar aghaidh i seomra den tsaghas sin, agus cén fáth a mbeadh dhá cheann acu de dhíth???

    ReplyDelete
  3. "...agus cén fáth a mbeadh dhá cheann acu de dhíth???"

    Drúthlann i gContae Mhuigh Eo? Go bhfóire Enda orainn!

    ReplyDelete
  4. Táim i lagracha gáirí anseo, a Phroinsias - go raibh maith agat!

    ReplyDelete