Thursday, April 23, 2009

Cúis mo sheasta...

Aréir go díreach, a shocraigh mé ar thús a chur leis an dialann seo. Bhí sé ar intinn agam le tamall tabhairt faoi ach ní bhfuair mé riamh an t-am chuige.
Tá na páistí ar shiúl anocht. An oíche le caitheamh acu sa bhaile in Árainn Mhór le Nana. D'imigh Mámaí leo tráthnóna. Rachainn leo ach go bé go bhfuil ranganna le teagasc agam ar maidin, agus níor mhaith liom páistí Leitir Ceanainn a fhágáil gan máistir ar maidin. Ha! Ar scor ar bith, tá rud beag ciúnais sa teach agus tugaim faoin dúshlán. 
Cad chuige? Ní duine mé a bhfuil suim aige sa chaint ar son na cainte nó i dtuairmí ar son na tuairimíochta. Ní bhím ró-thógtha le conspóidí shaol na Gaeilge, cé go mairim ann. Is dócha go bhfuil mé cosúil le hiasc a dhéanann neamhiontas den uisce ina snámhann sé, go dtí go dtarraingítear amach as é. 
Ar bhealach, sin mar atá mise anseo i Leitir Ceanainn. Cé go bhfuil aquarium beag cruthaithe agam domh féin, tá sé deacair orm mo pháistí a thógáil mar a ba mhaith liom anseo. Níor chuala ár gcuid páistí Béarla sa teach seo againne i Leitir Ceanainn riamh. Gaeilge amháin a labhraíonn muid leo, ach chomh luath is a bhogann siad amach taobh amuigh den doras tosaigh is é an Béarla atá rompu. 
Is dócha gurb é sin cuspóir an bhlaig seo. Tá Margaret dhá bhliain d'aois, tá an chaint go measartha maith aici, tá Dan bliain d'aois agus tá sé ag tosacht ar an chaint, tuigeann Mámaí agus Daidí é ach is beag duine eile a thuigeann é. Níl ach 5 mhí ar an tsaol seo caite ag Cara Bheag. An tseachtain seo chuaigh thart, dúirt sí Da-Da don chéad uair. Ba mhaith liom leis na nótaí seo, taifead de chineál inteacht a choinneáil ar mar a éiríonn leo an teanga a shealbhú i gceantar gallda. B'fhéidir go mbeidh daoine eile ábalta foghlaim ó mo chuid iarrachtaí agus ó mo chuid botún - b'fhéidir go bhfoghlaimeoidh mise rud nó dhó! 

2 comments:

  1. Go n-éirí go geal leat ar do thuras, a Phroinsias. Nach foghlaimeoirí muid uile! Is ar scáth a chéile...

    ReplyDelete
  2. Go raibh céad míle maith agat, a Áine. Níl a fhios agam cá gcríochnóidh an turas ach beidh le feiceáil.

    ReplyDelete